Foilsithe ar
Deontas €6,582 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choláiste na Rinne
D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 6 Iúil, go bhfuil deontas suas le €6,582 ceadaithe aige do Choláiste na Rinne, Co Phort Láirge, le cur ar a gcumas seomra ranga nua a chruthú le landair.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gColáiste an togra seo a chur i gcrích.
Tabharfaidh an landair úr seo deis don Choláiste freastal ar níos mó scoláirí agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu i measc scoláirí idir óg agus aosta ó cheann ceann na bliana.
Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.