Foilsithe ar
Deontas de €5,005 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chomharchumann Shailearna
D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 6 Iúil, go bhfuil deontas de €5,005 ceadaithe aige do Chomharchumann Shailearna chun cur ar a gcumas urlárlach, trealamh oifige agus trealamh ríomhaireachta a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gComharchumann an togra seo a chur i gcrích.
Bíonn ranganna oiliúna agus oideachais, mar aon le hócáidí sóisialta, ar bun i Seanscoil Shailearna ó cheann ceann na bliana. Cabhróidh ábhar an deontais chun caoi a chur ar na háiseanna sa tSeanscoil chun tacú leis an Chomharchumann cur leis an chlár gníomhaíochtaí a chuirtear ar fáil don phobal.
Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.