Foilsithe ar 

LAETHANTA SAORCHEAD ISTEACH CHUIG CAISLEÁN DHÚN NA nGALL I 2012 - FÁILTE CURTHA ROIMHE SEO AG MCGINLEY

Chuir Dinny McGinley TD, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, fáilte inniu roimh ráiteas a chomhghleacaí Brian Hayes, an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais ar a bhfuil Freagracht Speisialta maidir le hOifig na nOibreacha Poiblí, go leanfar leis an lá ‘Saorchead Isteach’ an chéad Chéadaoin de gach mí i 2012.

Le linn dó fáilte a chur roimh an síneadh atá leis an tionscnaimh, dúirt an tAire McGinley “Tuigim gur thug tuairim is 20,000 duine breise cuairt ar Mhaoin Stairiúil agus ar Shéadchomharthaí Náisiúnta na tíre sna sé mhí deiridh de 2011. Tá a fhios agam go háitiúil gur tháinig méadú mór ar líon na gcuairteoirí ar Chaisleán Dhún na nGall, le 882 cuairteoir breise ar an Chaisleán sna 6 mhí deiridh de 2011”

“Tugann an saorchead isteach chuig láithreáin oidhreachta ar an lá seo deis do dhaoine a mbeadh roinnt ama le spáráil acu ó tharla iad dífhostaithe b’fhéidir nó ar scor fiú, sult a bhaint as na háiteanna iontacha a raibh eolas acu orthu i gcónaí ach nár thug cuairt riamh orthu. Is iontach an deis é seo do thurasóirí fosta, mar go bhféadfaidh siad an ghné chultúir dá saoire a chur isteach ar an lá saorchead isteach. Beidh siad sásta go bhfuil siad ag sábháil airgid as buiséad na saoire agus in go leor cásanna caithfear an t-airgead sin go háitiúil ar rudaí deasa breise don teaghlach” a dúirt an tAire McGinley TD.

Tá mionsonraí maidir le láithreáin cuairteora ar fad an OPW le fáil ar www.heritageireland.ie