Foilsithe ar 

Ós cionn €23,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, chun tacaíocht a thabhairt do chúrsaí drámaíochta, siamsaíochta agus ceoil go Náisiúnta agus i nGaeltacht na Gaillimhe

D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, inniu (3ú Aibreán 2012) go bhfuil na deontais seo a leanas ceadaithe aige

• €15,000 do Fíbín Teo, chun cúrsa dian-aisteoireachta ar ard-chaighdeán a eagrú do dhaoine óga i 2012.

· €7,165 le cabhrú le Scoil Náisiúnta Cholmcille, an Tulach, Co. Na Gaillimhe áis súgartha a fhorbairt ar mhaoin na scoile

· €2,000 do Chumann Scoildrámaíochta na Gaillimhe chun cur ar a gcumas na costais a bhain le Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe 2012 a chlúdach agus

· €965 ceadaithe aige do Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. Na Gaillimhe chun cuidiú leo uirlisí ceoil a cheannach don scoil.

Agus é ag caint faoin deontas a cheadaigh sé do Fíbín Teo, dúirt an tAire Stáit "Tá lúcháir orm a bheith in ann cuidiú leis an togra seo, a bhfuil sé mar chuspóir aici dul i bhfeidhm go samhailteach ar an aos óg maidir le tábhacht agus luach na Gaeilge mar theanga bheo labhartha”

“I gcás Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, cabhróidh an deontas seo chun áiseanna súgartha na scoile agus an cheantair araon a fheabhsú. Chomh maith leis sin ar ndóigh, beidh sé ina bhuntáiste don Choláiste Gaeilge a úsáideann an scoil i gcaitheamh an tsamhraidh” a dúirt an tAire Stáit.

Agus é ag déanamh trácht ar na deontais i gcoitinne, dúirt an tAire Stáit “Is sampla maith iad na deontais seo de thiomantas mo Roinne tacú le bearta praiticiúla ar an talamh a thacaíonn lena bhfuil molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge”