Foilsithe ar 

Seolann an tAire O'Brien an chéad Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025

Seolann an tAire O'Brien an chéad Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025

  • Creat uile-rialtais chun tacú leis an earnáil dheonach
  • Cúlchiste Deonach nua le bunú chun freagairt go tapa do riachtanais an phobail áitiúil
  • Is é Dé Sathairn an 5 Nollaig Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha

 

Sheol Joe O'Brien TD, an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, an chéad Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025 inniu (5 Nollaig).

Is é aidhm na straitéise an luach ar leith agus an méid a chuireann oibrithe deonacha le sochaí na hÉireann a aithint, tacú leis agus é a chur chun cinn. Téann an tsaorálaíocht chun leasa earnálacha móra an tsochaí i réimsí an oideachais, na n-ealaíon, na hoidhreachta, na sláinte, an spóirt agus chun leasa na ndaoine atá ar an imeall go sóisialta freisin. Taispeánann taighde freisin go bhfuil tionchar dearfach ag an ngníomh deonach ar shláinte agus ar fholláine an oibrí dheonaigh. 

Cuireadh an straitéis le chéile i gcomhar leis na hearnálacha pobail dheonacha agus gnó agus cuirfear fís agus plean ar fáil d’oibrithe deonacha agus do na heagraíochtaí sin a bhaineann leas as obair na n-oibrithe deonacha. 

Ag seoladh na straitéise, dúirt an tAire O'Brien:

“Bhí traidisiún fada don tsaorálaíocht in Éirinn i gcónaí. Ní raibh an oiread tábhacht leis an tsaorálaíocht obair dheonach inár sochaí riamh agus a bhí le linn an fhreagairt ar Covid-19 le roinnt míonna anuas.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le Saorálaíocht Éireann agus Ionad Saorálaíochta Átha Cliath Theas. Bhí ról lárnach ag an dá eagraíocht seo, agus ag na hIonaid Dheonacha go léir, sa fhreagairt dheonach ar Covid-19. Ba mhaith liom, go háirithe, comhghairdeas a dhéanamh le hIonad Saorálaíochta Átha Cliath Theas as a ndámhachtain i gCatagóir Ghrúpa Covid-19 faoi Dhámhachtainí Saorálaíocht Éireann 2020. "

Ag aithint gur inniu Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha, lean an tAire air:

“Tá an-áthas orm an straitéis seo a sheoladh ar Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha, mar go bhfuil gníomhaíochtaí ar leith sa straitéis chun tacú le saorálaíocht dheonach eiticiúil idirnáisiúnta agus scileanna-bhunaithe.”

Tá 56 gníomh sa straitéis atá le cur i bhfeidhm sna cúig bliana amach romhainn, agus beidh an Rialtas ag obair i gcomhpháirtíocht le oibrithe deonacha, comhlachtaí deonacha, an earnáil pobail agus earnáil dheonach, an pobal gnó agus an pobal corparáideach chun a chuspóirí a bhaint amach.

D’fhógair an tAire freisin, ar an gcéad chéim chun an straitéis a chur i bhfeidhm, go bhfuil maoiniú ceadaithe aige le haghaidh Cúlchiste Deonach nua a bhunú chun freagairt go tapa ar riachtanais an phobail áitiúil. Fógrófar tuilleadh sonraí faoin tionscnamh seo i mí Eanáir 2021.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire

Is cuid dár misean 'Pobail Níos Láidre agus Níos Sábháilte a Thógáil' é foilsiú na Straitéise Náisiúnta Saorálaíochta seo agus is cuspóir í an Straitéis freisin atá bainte amach i gClár an Rialtais.”

“Teastaíonn uainn go gcabhróidh an straitéis le daoine nua a thabhairt isteach san obair dheonach. Ba mhaith linn timpeallacht agus sraith struchtúir tacaíochta a fhorbairt a éascaíonn na caighdeáin is airde ionas gur féidir le gach duine atá bainteach leis an leas is fearr a bhaint as. Ní mór a rá, thar aon rud eile, go bhfuil an rialtas, trí cheadú agus fhoilsiú na straitéise seo, ag tabhairt aird ar luach na n-oibrithe deonacha agus a thábhachtaí agus atá siad dár bpobail. " 

Is féidir teacht ar an Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta anseo Link

CRÍOCH

Teagmháil:

Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail

076-1006843 / 087-1734633

Press.office@drcd.gov.ie

 

Nótaí d’Eagarthóirí 

Is féidir teacht ar an Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta ag gov.ie/drcd ó Dé Sathairn an 5 Nollaig.

 

Tionchar na nOibrithe Deonacha

  • Déanann os cionn 1 mhilliún duine in Éirinn obair dheonach gach bliain (de réir CSO 2013 QNHS). Cuireann sé seo le ranníocaíocht eacnamaíoch €5 billiún in aghaidh na bliana (bunaithe ar luach ama 232.8 milliún uair a chloig a thugtar *meánphá tionsclaíoch).
  • I ngnáthbhliain, cláraíonn thart ar 15,000 duine nua ar bhunachar sonraí na n-oibrithe deonach I-Vol. In 2020, mar thoradh ar líon mór oibrithe deonacha breise a tháinig le chéile mar fhreagairt ar COVID-19, beidh an líon sin thart ar 35,000-40,000.  
  • Tá buntáistí suntasacha ag an tsaorálaíocht do shláinte agus folláine na ndaoine a dhéanann obair dheonach agus dá réir sin dá bpobail  - i suirbhé in 2018, thuairiscigh 51% d’oibrithe deonacha go raibh feabhas tagtha ar a sláinte agus a bhfolláine choirp agus thuairiscigh 62% go raibh feabhas tagtha ar a sláinte mheabhrach agus a bhfolláine. Tacaíonn an tsaorálaíocht freisin leo siúd atá dífhostaithe filleadh ar an obair trí cabhrú leo scileanna a fhorbairt agus muinín a chothú.

Aidhm na Straitéise

 

  • Is é aidhm na Straitéise Náisiúnta Saorálaíochta aitheantas agus tacaíocht a thabhairt don luach uathúil agus an cúnamh a thugann oibrithe deonacha do shochaí na hÉireann agus é a chur chun cinn.
  • Tugann an straitéis deis don Rialtas freisin aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an tsaorálaíocht do leas an náisiúin agus fís aontaithe uaillmhianach a stiúradh agus a chur i bhfeidhm. 
  • Is creat uile-rialtais é an straitéis chun tacú leis an earnáil dheonach, a raibh comhairliúcháin phoiblí fhairsinge i gceist lena fhorbairt.

Imlíne na Straitéise

  • Is straitéis cúig bliana (2021-2025) atá inti agus tá sraith tionscnamh agus beartais straitéiseach ann faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tacú le heagraíochtaí neamhbhrabúis i bhforbairt pobail, forbairt áitiúil, fiontar sóisialta, agus na hearnálacha pobail agus deonacha. 
  • Áirítear sa straitéis cúig chuspóir ardleibhéil agus 56 gníomh gaolmhar.
  • Cuireann an straitéis le agus neartaíonn sí an caidreamh agus an chomhpháirtíocht athnuaite idir an rialtas agus na hearnálacha deonacha a d’fhorbair le linn ullmhúcháin na straitéise.
  • In éineacht leis an Straitéis chun Tacú leis na hEarnálacha Pobail agus Deonacha in Éirinn agus leis an mBeartas Náisiúnta um Fhiontar Sóisialta, beidh an straitéis seo mar chuid deiridh de shraith beartais tionscnamh chun tacú leis an réimse iomlán eagraíochtaí atá ag soláthar seirbhísí do phobail. 
  • Tacaíonn na luachanna agus na prionsabail a chomhaontaigh an Grúpa Comhairleach Náisiúnta (ionadaí na ngeallsealbhóirí uile a bunaíodh chun cabhrú le forbairt na Straitéise) leis an straitéis, agus tá réimse bearta ann chun tacú le hoibrithe deonacha agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha.

Cúlchiste Deonach

  • Áirítear i bPlean Athléimneachta agus Téarnaimh an Rialtais chun maireachtáil le Covid-19, gealltanas chun “cúlchiste do chór dheonach” buan a bhunú taobh istigh de gach limistéar údaráis áitiúil.
  • Áirítear freisin sa Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta gealltanas faoi Chuspóir straitéiseach 5: ““ Cór Deonach Cúltaca” náisiúnta a bhunú chun tacú le freagairtí éigeandála náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla”.

Cheadaigh an tAire O'Brien maoiniú chun an Cúlchiste Deonach a bhunú agus fógrófar tu