Foilsithe ar 

An Taoiseach le freastal ar Chomhdháil ar Fhostaíocht don Aos Óg i bPáras

Tá an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny TD, ag taisteal go Páras inniu, Dé Máirt, ar cuireadh ón Uachtarán Hollande, don Dara Comhdháil ar Fhostaíocht don Aos Óg san Eoraip. Beidh an tAire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton TD, rannpháirteach freisin.

An tUachtarán Hollande a d’eagraigh an ócáid chun móiminteam polaitiúil a choinneáil ag imeacht maidir le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le fostaíocht don aos óg. Áireofar air sin gníomhartha nithiúla i dtreo an Ráthaíocht don Aos Óg, a chomhaontaigh Uachtaránacht na hÉireann i mí Feabhra, a chur i bhfeidhm. Beidh an chomhdháil seo cosúil le ceann a reáchtáil an Seansailéir Merkel i mBeirlín i mí Iúil. Díreoidh rannchuidiú an Taoisigh ar scileanna digiteacha agus ar phoitéinseal an gheilleagair dhigitigh go ginearálta, go háirithe i bhfianaise chomh maith is a d’éirigh le Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin, a tionóladh le déanaí i mBaile Átha Cliath.