Foilsithe ar 

An CLG, na Píobairí Uilleann agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann chun aitheantas UNESCO a lorg mar thoradh ar dhaingniú Coinbhinsiúin

Tá fógartha inniu ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys gur féidir leis an CLG (maidir le hiománaíocht), na Píobairí Uilleann agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), aitheantas speisialta UNESCO a lorg anois tar éis gur dhaingnigh Éire Coinbhinsiún UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Réitíonn an Coinbhinsiún seo de chuid UNESCO an bealach chun aitheantas speisialta a bhronnadh ar ghnéithe dár n-oidhreacht chultúrtha mar eiseamláirí den ‘oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe’. Ní amháin go gcuirfidh sé seo béim ar na gnéithe uathúla seo dár gcultúr, ach cuideoidh sé chun iad a chaomhnú do na glúine atá le teacht.

“Tá suim léirithe ag an CLG, na Píobairí Uilleann agus ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann san aitheantas uathúil seo de chuid UNESCO. Ciallaíonn daingniú an Choinbhinsiúin gur féidir leo tús a chur anois lena gcás mionsonraithe a réiteach maidir leis an bhfáth gur chóir dóibh aitheantas a fháil faoin gCoinbhinsiún. Tá go dtí deireadh mhí an Mhárta 2016 ag na heagraíochtaí chun a gcuid iarratas a chomhlánú agus a chur isteach chuig UNESCO.

“Agus an cluiche páirce is sine ar domhan - an iománaíocht - curtha san áireamh ar liosta UNESCO, creidim go léireofar conas is féidir le cleachtas bríomhar, pobalbhunaithe ceirde atá ar bun ag grúpa tiomnaithe daoine ar an oileán seo a bheith roinnte le gach pobal agus gach duine ar fud an domhain.

“Mar an gcéanna, is uirlis uathúil an phíb uilleann, a forbraíodh in Éirinn thart ar 300 bliain ó shin. Tá fuaim mhothúchánach, thaibhsiúil ag an bPíb Uilleann; fuaim na hÉireann. Tá réimse uathúil ábhar ar shaol, ar bhéaloideas agus ar chultúr na hÉireann ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

“Creidim go dtabharfadh aitheantas UNESCO deis shuntasach dúinn uathúlacht na hIománaíochta, na Píbe Uilleann agus Chnuasach Bhéaloideas Éireann a chur ar taispeáint i bhfad i gcéin. Guím gach rath ar na heagraíochtaí lena n-iarratais agus tá mo Roinnse breá sásta cuidiú leo leis an bpróiseas ar aon bhealach is féidir.”