Foilsithe ar 

An tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt Jack Chambers TD ar cuairt ar Thuaisceart Mhaigh Eo agus Ghnó Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh

  • Ciste ar fiú €420,000 thar thréimhse trí bliana fógartha aige do Ghnó Mhaigh Eo

 

  • Ciste ar fiú €151,732 fógartha aige do pháirc spraoi uile-aimsire i gCeathrú Thaidhg

 

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T. D.  inniu (18 Lúnasa 2021) go bhfuil deontas ar fiú €420,000 ceadaithe aige do Ghnó Mhaigh Eo thar thréimhse trí bliana agus €151,732 ceadaithe aige chun Páirc Spraoi Uile-Aimsire a fhorbairt i gCeathrú Thaidhg i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo.

 

Cuireann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht ar fáil do lucht gnó i Maigh Eo, chun iad a  spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus iad ag cur táirgí agus seirbhísí ar fáil don phobal. Tá an eagraíocht ag cur seirbhíse tacaíochta gnó ar fáil do ghnólachtaí i Maigh Eo le os cionn deich mbliana anuas, maraon le seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairleoireachta teanga. Cuirfear an maoiniú seo ar fáil chun tacú leis an eagraíocht leanúint leis an obair seo, chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil, na gradaim ghnó a réachtáil agus páirt a ghlacadh in ócáidí gnó agus cultúrtha sa chontae.

 

I gcás an pháirc uile-aimsire i gCeathrú Thaidhg, seo Céim 2 den fhorbairt atá sonraithe i bPlean Áitiúil Chomhar Dhún Caocháin a dhéanfaidh freastal ar pháistí óga, ar dhéagóirí agus ar an bpobal i gcoitinne. Páirc Spraoi do Naíonáin a bhí i gceist le Céim 1 agus cuireadh an fhorbairt sin i gcrích in 2018 le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Tá an-áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinnse an maoiniú seo a chéadú do Ghnó Mhaigh Eo arís i mbliana. Tá obair fhiúntach ar bun ag Gnó Mhaigh Eo le os cionn deich mbliana anois, ag cur le híomhá dhátheangach Chontae Mhaigh Eo agus ag cur Maigh Eo chun cinn mar chontae Gaeltachta. Mar thoradh ar an obair chrua atá ar siúl acu, tá an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil i ngnólachtaí, i siopaí agus i mbialanna timpeall an chontae. Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil, do chustaiméirí agus dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Baineann na gnólachtaí seo tairbhe as an tacaíocht a chuireann Gnó Mhaigh Eo ar fáil dóibh agus cuireann siad seirbhís thábhachtach ar fáil do phobal na Gaeilge sa chontae.”

 

Ag fógairt an deontais don pháirc uile-aimsire dúirt an tAire Stáit Chambers:  “Tá ríméad orm tacú leis an bhforbairt seo, atá dírithe go príomha ar aos óg phobal Gaeltachta Ceathrú Thaidhg. Tá deiseanna spóirt agus spraoi ina mbunriachtanais i ngach ceantar, ní hamháin d’fhorbairt fhisiciúil ach d’fhorbairt shóisialta agus chognaíoch na ndaoine óga. Tá áthas ar leith orm tar éis bliain chrua a bheith curtha isteach acu, go dtacóidh an deontas seo leis an aos óg athcheangal a dhéanamh lena gcairde agus lena bpobail arís. Is léir domsa gur acmhainn luachmhar a bheidh sa pháirc spraoi uile-aimsire seo agus tréaslaím le gach duine a bhí bainteach leis. Is sampla iontach é den mhéid is féidir a dhéanamh nuair a bhíonn geallsealbhóirí ag obair as láimh a chéile.”

 

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.11 2.22, 2.24 agus 3.12 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an deontas seo á cheadú.

 

CRÍOCH