Foilsithe ar 

Cabhair an phobail á lorg ag an SPNF maidir le marú mídhleathach dhá Fhabhcún Ghorma i gCo. Lú

Tá cabhair an phobail á lorg ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Gardaí i gCo. Lú maidir le marú mídhleathach dhá Fhabhcún Ghorma. Bhí nead déanta le déanaí ag na fabhcúin i láthair iargúlta i Sléibhte Chuaille. Fuair foireann an SPNF trí ubh agus dhá fhabhcún fhásta mharbha ó shuíomh na neide. Maraíodh na héin fhásta go mídhleathach fad is a bhí siad ar gor ar na huibheacha. Tá fianaise fhóiréinseach agus fianaise eile á bailiú sa tsúil go n-éireoidh le hionchúiseamh a dhéanfar maidir leis an eachtra.

Ar an drochuair, dearbhaíodh leis na maruithe sin a rinneadh le déanaí go bhfuil géarleanúint mhídhleathach á déanamh go fóill ar éin chreiche.
Is é an Fabhcún Gorm an t-éan is tapúla ar domhan agus is féidir leis luas os cionn 240km in aghaidh na huaire a bhaint amach agus é ag eitilt agus taifeadadh luas 389km in aghaidh na huaire aige agus é ag teacht anuas de ruathar, ag tumadh síos chun breith ar chreach (Leabhar Curiarrachtaí Guinness 2005). Mar gheall ar an tslí a ndéanann siad a neadacha a chosaint ar ionróirí, áfach, is féidir leo iad féin a fhágáil gan chosaint ar ghéarleanúint.

Rinneadh scrios ar líon na bhfabhcún gorm sna 1950idí agus 1960idí de thoradh úsáid leathan DDT agus lotnaidicídí talmhaíochta eile. Ó shin i leith, tá méadú tagtha ar líon na bhFabhcún Gorm arís; tá siad i mbaol géarleanúna ón duine i gcónaí, áfach, agus is é sin an bhagairt is mó atá ann ar sheasmhacht an phobail. Léiríodh an méid seo go soiléir leis na heachtraí seo i gCo. Lú, mar aon le lámhach agus nimhiú eile a rinneadh ar Fhabhcúin Ghorma le blianta beaga anuas.

Le linn na tréimhse cúig bliana ó 2011 go dtí 2015, léiríonn taifid ar ghéarleanúint Éan Creiche in Éirinn gur taifeadadh 109 eachtra géarleanúna. Áirítear san fhigiúr sin ocht bhfabhcún ghorma a lámhachadh agus sé fhabhcún déag ghorma eile a nimhíodh; foinse: https://www.npws.ie/research-projects/animal-species/birds/raptor-protocol, féadfaidh sé gur tharla a leithéid go leor uaireanta eile gan tuairisciú.

In 2016, d’éirigh leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ionchúisimh a fháil i gcás iomráiteacht a bhain le coireacht fiadhúlra. Rinne Cúirt Dúiche Dhún Gharbháin ceathrar fear a chiontú i gcionta a bhain le bheith dírithe ar éin chreiche faoi chosaint agus iad a mharú le linn shéasúr an ghoir in 2014.

Chuir an pobal áitiúil i gCairlinn a ndéistin in iúl i dtaca leis an scrios gan trócaire seo a rinneadh le déanaí ar fhabhcúin a bhí ag pórú sa láthair fhiáin, álainn seo.
Tá an eachtra á hiniúchadh ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus na Gardaí agus tá achainí á déanamh acu ar eolas ón bpobal.
Is féidir le haon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána i nDún Dealgan ag 042-938 8400 nó leis an Maoir Chaomhantais áitiúil ag 076 1002637. Coimeádtar gach eolas faoi chuing rúin.