Foilsithe ar 

Casann an tAire Martin leis an Chomhairle Ealaíon chun na dúshláin a gcaithfidh earnáil na nealaíon agus an chultúir aghaidh a thabhairt orthu a phlé

Tháinig Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon le chéile inniu chun na dúshláin a gcaithfidh an earnáil aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn láithreach a phlé chomh maith le maoiniú na Comhairle Ealaíon agus athoscailt na h-ionaid a oscailt arís i ndiaidh na srianta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh Covid-19 a phlé. Phléadar freisin conas mar a d’fhéadfadh páirtithe leasmhara oibriú i gcomhpháirtíocht lena chéile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don ealaíon, d’ealaíontóirí agus dóibh siúd atá ag obair san earnáil, áit go bhfuil aitheantas tugtha don earnáil don luach a bhaineann lena ról i ngeilleagar agus sochaí na hÉireann.

Dúirt an Aire Martin go bhfuil sé mar aidhm aici sa Rialtas tacaíocht a thabhairt don hiarrachtaí an earnáil a thabhairt slán agus tacaíocht a thabhairt d’athnuachan na hearnála agus é mar sprioc aici a chinntiú

go mbeidh ealaion agus cultúr lárnach i sochaí na tire, go bhfuil aitheantas tugtha d’ár n-ealaíontóirí agus aitheantas tugtha don luach a bhaineann leo agus go bhfuil tacaíocht tugtha do shlí bheatha na n-ealaíontóirí.  

Gheall an tAire Martin dul i mbun oibre leis an eagraíocht chun tacú leis an earnáil trí bheartais a chur i bhfeidhm a choinneoidh na healaíona ag imeacht i rith ghéarchéim Covid-19 agus a neartóidh í don todhchaí, chomh maith le oibriú i dtreo fís fhadtéarmach do thodhchaí na nealaíon in Éirinn.

Mar chéad chéim inniu, dheimhnigh an tAire chomh maith go mbeadh an Roinn ag cur deontais chaipitil ar fáil do na healaíona agus d'eagraíochtaí cultúir chun a chur ar a gcumas athruithe a oiriúint d'fhonn cuidiú leo oscailt arís go sábháilte.  Beidh oifigigh na Roinne ag plé le eagraíochtaí ealaíona agus cultúrtha féachaint céna tacaíochtaí aonaracha atá ag teastáil.

Dúirt an tAire freisin go bhfuil Thascfhórsa le bunú go luath chun earnáil ealaíon agus cultúir na tíre a chosaint agus a chothú i rith théarnamh Covid-19 agus ar aghaidh mar a gealladh i gClár an Rialtais. Bhí an tAire ag lorg aiseolas ón gComhairle ar chomhdhéanamh an Tascfhórsa sin agus beidh fógra le déanamh maidir leis go gairid.

I gcomhráití le Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter agus an Stiúrthóir nua, Maureen Kennelly, mhol sí an cinneadh a ghlac an Chomhairle Ealaíon Sainghrúpa Comhairleach a cheapadh chun freagra a thabhairt ar an ngéarchéim d'earnáil ealaíon na hÉireann agus an tuarascáil tráthúil ón nGrúpa Survive, Adapt, Renew, atá agus a bheidh ag cur treoir luachmhar ar fáil maidir leis an tslí chun cinn.  Mhol an tAire an ról ceannasaíochta atá glactha ag an gComhairle chomh maith cúrsaí comhionnannais, cearta daonna agus ilchineálachta rud a thacaíonn sí le go mór, ag rá go bhfuil ról ríthábhachtach ag an earnáil cultúrtha i gcur chun cinn na luachanna seo. 

Dúirt an tAire Martin: 

Táim thar a bheith sásta agus tá muinín arís agam mar go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag obair chun go seasfaidh na healaíona in Éirinn an fód.   Táim cinnte go bhfuil an saineolas agus an taithí ag an gComhairle chun dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla atá ag teacht chun cinn san earnáil. Inné chinntigh mé ós comhair na Dála comhaontú maidir le breis airgid de €25m do ealaíon agus cultúr ag teacht le ceann dena príomh mholtaí a bhí ag an Sainghrupa Comhairleach an Chomhairle Ealaíon.  Táim sásta gur shocraigh an Chomhairle tús áite a thabhairt do mhaoiniú a chur ar fáil do scéimeanna coimisiúnaithe níos fearr agus do thuilleadh scéimeanna sparánachta agus forbartha gairmiúla.  Táim ag súil le bheith ag obair leis an gComhairle sna blianta amach romhainn.