Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney Fáilte Abhaile roimh an L.É. Samuel Beckett go Corcaigh

Tar éis imscaradh 10 seachtainí chun cabhrú leis an ngéarchéim dhaonnúil sa Mheánmhuir, d'fhill an t-árthach an L.É. Samuel Beckett inniu ar an mBunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach. 

Bhí an L.É. Samuel Beckett ar an tríú árthach a imscaradh go dtí an Mheánmhuir chun cabhrú le hÚdaráis na hIodáile ar mhisean cuardaigh agus tarrthála. Tá árthaí na Seirbhíse Cabhlaigh ar patról ar an bhfarraige idir an Libia agus an tSicil ó mhí Bealtaine na bliana seo. Lean an L.É. Samuel Beckett, a bhfuil mar chriú aici 58 pearsanra ón tSeirbhís Chabhlaigh agus 4 oibrithe leighis ó Chór Liachta an Airm, den obair mhór a thosaigh an L.É. Eithne agus a lean an L.É. Niamh ar aghaidh leis.   Thug an L.É. Samuel Beckett 1,088 fear, bean agus leanbh slán, rud a chiallaíonn go bhfuil 8,592 duine in iomlán tugtha slán ag an tSeirbhís Cabhlaigh.
Fuair criú an L.É. Samuel Beckett fáilte mhór óna muintir agus óna gcairde agus iad ag ceiliúradh nuair a d'fhill siad abhaile.  Dúirt an tAire Cosanta “Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an L.É. Samuel Beckett agus a criú faoi cheannas an Leifteanant-Cheannasaí Anthony Geraghty".
Dúirt an tAire freisin, “Molaim an criú as an ról iontach a bhí acu saol an iliomad imirceach a shábháil, cuid díobh sin a bhí ar a dteitheadh ó chúinsí uafásacha. Táimid go léir an-bhródúil as a n-iarrachtaí".
Dúirt an tAire freisin "Is mian liom mo bhuíochas agus buíochas an Rialtais a chur in iúl as an obair luachmhar a rinne Óglaigh na hÉireann agus iad ar fónamh leis an ngéarchéim dhaonnúil sa Mheánmhuir lena mbaineann cúinsí deacra”.
Dúirt an tAire “Tá a fhios agam go mbeidh mná agus fir an L.É Samuel Beckett ag súil go mór le ham a chaitheamh lena dteaghlaigh agus táim cinnte go ndéanfaidh siad neart ceiliúrtha sna laethanta amach romhainn.   Guím Nollaig Shona agus Bliain Nua síochánta oraibh go léir."