Foilsithe ar 

Déanann an Stát Comóradh ar Bhásuithe Cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 i gClós na mBristeoirí Cloch, Príosún Chill Mhaighneann - an 3 go dtí an 12 Bealtaine 2016

 idir an 3 agus an 12 Bealtaine i gClós na mBristeoirí Cloch, Príosún Chill Mhaighneann, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8. Tionólfar searmanas ar leithligh chun gach bású a chomóradh ar lá chothrom céad bliain an bhásaithe. Beidh Aire Rialtais agus daoine muinteartha le gach duine de na Ceannairí i láthair ag na searmanais.  Beidh gnéithe éagsúla i gceist le gach searmanas, lena n-áirítear na cáipéisí trialach leis an gcúis in aghaidh an chúisí, an phléadáil a rinneadh, fíorasc na cúirte agus na ráitis finné a tugadh á léamh amach. Beidh Bráthair Caipisíneach i láthair agus léifidh seisean léacht ó chuimhní cinn an Bráthair a bhí i láthair sular básaíodh gach duine de na fir. Beidh seirbhís fleascleagain le meitheal Bhratach Míleata; iompróir bláthfhleisce de chuid na Póilíní Airm agus caoineadh ar na píoba.  

Is iad seo a leanas dátaí na Searmanas:

An 3 Bealtaine:  Pádraig Mac Piarais, Tomás Ó Cléirigh, Tomás Mac Donnchadha

An 4 Bealtaine:  Seosamh Pluincéad, Éamonn Ó Dálaigh, Micheál Ó hAnnracháin, Liam Mac Piarais

An 5 Bealtaine:  Seán Mac Giolla Bhríde

An 8 Bealtaine:  Conchúir Ó Colbáird, Éamonn Ceannt, Micheál Ó Mealláin, Seán Mac Aodha

An 12 Bealtaine: Seán Mac Diarmada, Séamas Ó Conghaile

Ag labhairt ar na searmanais atá beartaithe dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD:

Ócáidí thar a bheith pearsanta a bheidh sna searmanais seo do ghaolta na ndaoine sin a cuireadh chun báis 100 bliain ó shin.  Tháinig athrú ar dhearcadh an phobail faoin Éirí Amach mar gheall ar bhású na bhfear sin agus cuireadh dlús faoi thréimhse chorraíola polaitiúla agus sóisialta in Éirinn nach raibh súil ar bith leis roimh na himeachtaí a thit amach le linn na Cásca 1916. Tá súil agam go dtabharfaidh na searmanais seo deis shollúnta agus mheasúil do na gaolta cuimhneamh ar shaol a muintire.”

 

Labhair an tAire Cosanta chomh maith agus dúirt:

"Déanaimid comóradh céad bliain ar na himeachtaí sollúnta seo agus déanaimid machnamh stairiúil orthu anois agus 100 bliain caite ó tharla siad.  Nuair a d'fhógair Mac Piarais agus Ceannairí eile Poblacht na hÉireann réitigh siad an bealach d'Éire neamhspleách agus saor. Déanaimidne sa ghlúin seo comóradh orthu agus tugaimid onóir dóibh as a dtiomantas do Shaoirse na hÉireann."

CRÍOCH 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is clár gníomhaíochtaí é Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, a mhairfidh bliain agus atá faoi stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, TD., chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí Éirí Amach 1916, chun machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach le 100 bliain anuas agus chun aghaidh a thabhairt ar thodhchaí na hÉireann. 

Tá cúlra agus ábhar cartlainne speisialta maidir leis na ceannairí a básaíodh, chomh maith le sonraí iomlána an chláir ar fáil ag www.ireland.ie .  Lean muid ar Facebook agus Twitter @ireland2016 #ireland2016