Foilsithe ar 

€4,800 ceadaithe an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich do Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Club Obair Bhaile a reáchtáil

28 Lúnasa 2013—D’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas de €4,800 ceadaithe aige do Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Club Obair Bhaile a reáchtáil i bPobalscoil Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2013–14.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil agus go raibh tionchar fíorthábhachtach ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge in abhantrach na scoile. “Is céim phraiticiúil í seo a thacóidh leis na teaghlaigh Ghaeltachta sin a bhfuil gasúir iarbhunscoile acu chun an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh,” a dúirt an tAire Stáit.