Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Foley plean le haghaidh athchóiriú oideachas na Sraithe Sinsearaí – Cothromas agus Sármhaitheas do Chách

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu, Dé Máirt 29 Márta, a pleananna uaillmhianacha do Shraith Sinsearach athshamhlaithe oideachais do scoláirí iar-bhunscoile – Cothromas agus Sármhaitheas do Chách mar a bhfuil an scoláire go lárnach ina n-eispéireas Sraithe Sinsearaí.

 

Is iad na trí dearbhphrionsabail d’athchóiriú na Sraithe Sinsearaí ná:

  • Scoláirí a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois
  • Eispéireas an scoláire a shaibhriú agus tógáil ar a bhfuil láidir inár gcóras reatha
  • Folláine a leabú agus leibhéil struis scoláirí a laghdú

Cuirfidh an cur chuige nua seo ar chumas scoláirí curaclam leathan a leanúint, a spéiseanna agus a scileanna a fhorbairt agus a bheith rannpháirteach i bpróiseas measúnaithe deiridh atá de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr, a thacóidh leo sa chéad chéim eile dá saol, cibé tríú leibhéal, breisoideachas agus oiliúint, printíseachtaí nó sa saol oibre. 

 

Áireofar sa tSraith Shinsearach athfhorbartha forbairt ábhar nua agus curaclaim athbhreithnithe do na hábhair go léir atá ann cheana, a mbeidh tuairimí scoláirí agus múinteoirí mar bhonn leo i bpróiseas comhchruthaithe. Mar chuid de seo, beidh béim shuntasach ar chomhpháirteanna measúnaithe breise lasmuigh de na scrúduithe scríofa deiridh traidisiúnta.

 

Tá an Tuarascáil Chomhairleach ar Athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí, a d’ullmhaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), agus a foilsíodh inniu freisin, mar bhonn eolais don chlár athchóirithe.

 

Dúirt an tAire Foley: “Tá plean nua á leagan amach agam inniu d’oideachas na Sraithe Sinsearaí in Éirinn.

 

“Is clár uaillmhianach athchóirithe é seo. Saibhreoidh sé eispéireas oideachais scoláirí trína roghanna a mhéadú chun teacht leis na réimsí spéise atá acu agus chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú.

 

“Laghdóidh sé an brú a mhothaíonn scoláirí ó mheasúnuithe deiridh atá bunaithe go príomha ar scrúduithe. Athrófar chuig múnla a úsáideann cineálacha eile measúnaithe, thar thréimhse ama nach bhfuil an dlús céanna ag baint leis, mar atá sa dea-chleachtas idirnáisiúnta.

 

“Cuirfidh sé ar ár gcumas na caighdeáin arda agus an cháilíocht is gá ionas gur féidir linn leanúint ag gnóthachtáil inár scoileanna chun freastal go maith ar ár scoláirí agus chun tacú leo na chéad chéimeanna eile a ghlacadh ina n-aistear gairme, cibé ní a bheidh i gceist.

 

“Ullmhaíonn an dara leath den oideachas iar-bhunscoile, an tSraith Shinsearach, ár scoláirí chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile ina saol. Cibé an roghnaíonn siad conair breisoiliúna, printíseachta, ardoideachais nó fostaíochta, tá sé ríthábhachtach go bhforbróidh an t-oideachas agus na deiseanna a fhaigheann siad ina saol scoile dara leibhéal iad go hacadúil, go gcothaítear iad mar dhaoine agus go gcuirtear tacaíocht ar fáil dóibh chun a mbuanna a réimsí spéise agus a scileanna a mhéadú.

 

“Tá sé ríthábhachtach dá réir go léireoidh an cineál measúnaithe a úsáidimid sármhaitheas i gcaighdeáin agus go gcruthaíonn sé deis do gach scoláire a gcumas a léiriú.

 

“Tá go leor láidreachtaí ag ár gcóras reatha. Ach tá a fhios againn gur féidir é a fheabhsú, chun tacaíocht níos fearr a sholáthar dár scoláirí, chun brú a laghdú ach caighdeáin á gcothabháil, coinneáil suas leis na hathruithe ar chleachtais go hidirnáisiúnta agus riachtanais agus ionchais ár scoláirí agus ár sochaí a chomhlíonadh agus ár ndaoine óga á n-ullmhú againn don domhan atá amach rompu.

 

“Tá tuarascáil chomhairleach den scoth ar athbhreithniú na sraithe sinsearaí curtha le chéile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Tá sé bunaithe ar thaighde fairsing, a rinneadh thar cheithre bliana. Gabhann sé tuairimí na gcomhpháirtithe oideachais ar fud gach gné den tsraith shinsearach, ag cur béime go fírinneach ar ghuth agus ar thaithí an scoláire, ar fhoghlaim oideoirí, agus ar an taithí idirnáisiúnta.

 

“Táim tar éis an tuarascáil a bhreithniú go cúramach, agus chruthaigh an méid a foghlaimíodh ón machnamh ar eispéiris na hArdteistiméireachta 2020 agus 2021 bonn eolais freisin maidir leis an bhfiúntas a bhaineann le rannpháirtíocht agus machnamh scoláirí, oideoirí agus saineolaithe eile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, an ECFE san áireamh.

 

“Tá an plean atá leagtha amach agam inniu bunaithe orthu seo ar fad. Tá an clár seo tráthúil agus uaillmhianach – ní féidir linn deifir a dhéanamh, ach ní féidir linn moill a dhéanamh. Cinnteoidh an tréimhse ama atá leagtha amach agam go mothóidh scoláirí na buntáistí a luaithe is féidir, agus fógra tugtha fúthu seo roimh ré.

 

“Tá sé tábhachtach ionchur fíor agus bríoch, ar gach gné ó shaineolaithe ábhair, a chinntiú. Tacóidh bunú scoileanna líonra le comhoibriú láithreach agus meicníochtaí aiseolais agus cinnteofar gur féidir linn réimsí foghlaim a oiriúnú go tapa chun tacú lena gcur i bhfeidhm ar fud ár n-ábhar agus ár scoileanna go léir.

 

“Thar na tréimhse is dúshlánaí le déanaí, bhí ár scoláirí agus ár bpobail scoile chun tosaigh agus iad ag léiriú a n-athléimneacht, a nuálaíocht, agus a gcruthaitheacht. Aontaítear go náisiúnta go dtuileann ár ndaoine óga an córas oideachais is fearr is féidir linn a chur ar fáil. Tá tiomantas i gClár an Rialtais d’athchóiriú na Sraithe Sinsearaí agus is cinnte gur é an bealach is fearr chun é sin a dhéanamh ná tuairimí saineolaithe, scoláirí agus a dtuismitheoirí a chur san áireamh.

 

“Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth lenár scoláirí, pobail scoile, comhpháirtithe oideachais, chun curaclaim ábhar a chomhchruthú agus chun comhoibriú trasna na hoibre chun beocht a thabhairt don fhís seo de thaithí feabhsaithe, sármhaitheas agus cothromas dár scoláirí go léir.”

 

Tá fís agus clár oibre leagtha amach ag an Aire Foley a chuimsíonn na nithe seo a leanas:

 

  • Curaclam nua a thabhairt isteach d'ábhair ar fud na Sraithe Sinsearaí, ag nuashonrú ábhar na n-ábhar
  • Ábhair nua a thabhairt isteach, ag cruthú rogha níos leithne do scoláirí mar léiriú níos fearr ar a réimsí spéise agus ag tacú le raon níos leithne tallann agus scileanna a fhorbairt. Beidh dhá ábhar nua – Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, réidh do dhaltaí i scoileanna líonra ag tosú sa chúigiú bliain i 2024.
  • An nós imeachta measúnaithe deiridh a athrú chun spleáchas ar scrúduithe deiridh a laghdú go suntasach agus comhpháirteanna measúnaithe múinteora a thabhairt isteach.
  • Comhpháirteanna measúnaithe sa bhreis ar an ngnáthscrúdú scríofa, de réir mar a dhéantar ábhair Ardteistiméireachta a athbhreithniú, ar fiú íosmhéid 40% de na marcanna iomlána iad; agus ar fiú 60% ar a mhéid de scór deiridh an scrúdú scríofa iad.
  • Taighde agus sainiú i gcomhpháirt, ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus CSS, ar an gcaoi a n-oibreodh measúnú scoilbhunaithe le modhnóireacht sheachtrach CSS, i gcomhairle le comhpháirtithe oideachais. 
  • Fáil a bheith ar an tráinse tosaigh d’ábhair nua agus athbhreithnithe i mí Mheán Fómhair 2024, nuair a dhéanfaidh scoláirí atá ag dul isteach sa chúigiú bliain i scoileanna líonra staidéar ar churaclaim ábhair nuashonraithe, le samhlacha measúnaithe nuashonraithe sna hábhair roghnacha Ceimic, Fisic, Bitheolaíocht agus Gnó.
  • Páipéar 1 Béarla agus Gaeilge á dhéanamh ag deireadh na cúigiú bliana do scoláirí na hArdteistiméireachta Bunaithe, a bheidh ag dul isteach sa tSraith Shinsearach i 2023, lena chinntiú go mbíonn tionchar dearfach acu ar scoláirí a luaithe agus is féidir. 
  • Do bhéaltrialacha agus don léiriú praiticiúil Ceoil sa todhchaí, tá sé i gceist go dtarlóidh siad seo sa chéad seachtain de bhriseadh na Cásca sa 6ú bliain mar a tharlóidh i mbliana.
  • Rochtain níos fearr ag scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF) ar Mhatamaitic agus ar Nuatheangacha Iasachta ó Mheán Fómhair 2022, chun roghanna scoláirí don ATF a fheabhsú tuilleadh
  • Cáilíocht nua a thabharfar isteach ag leibhéal a haon agus a dó ar an gcreat Cáilíochtaí Náisiúnta chun leibhéal cuí measúnaithe a sholáthar do roinnt scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ag tógáil ar an gclár den chineál céanna ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí
  • Clár athbhreithnithe Idirbhliana a bhunófar, agus spreagadh ar rochtain níos fearr ar an Idirbhliain do gach scoláire

 

 

Bunófar Bord Seachadta Clár na Sraithe Sinsearaí a bheidh freagrach as maoirsiú ar na gníomhaíochtaí atá mar chuid den tsraith athchóirithe seo a bhaint amach. 

 

Déanfar plean forfheidhmithe mionsonraithe a fhorbairt trí chomhoibriú agus comhchruthú agus comhairliúchán go leanúnach le comhpháirtithe oideachais, lena n-áirítear múinteoirí, scoláirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí.

 

Tá iarrtha ag an Aire Foley ar an CNCM cuireadh a thabhairt do rogha scoileanna, ionadaíoch ar na cineálacha agus méideanna éagsúla scoileanna, le bheith ina “scoileanna líonra”.

 

Cuirfear deis ar fáil do scoileanna líonra a bheith páirteach go luath i socruithe athbhreithnithe curaclaim agus measúnaithe. Gheobhaidh na scoileanna seo tacaíocht ar bhealaí éagsúla ionas gur féidir leo a bheith rannpháirteach.

 

Tá treoir do scoileanna agus do dhaltaí ar na pleananna d’athchóiriú na Sraithe Sinsearaí ar fáil ag gov.ie/SeniorCycle

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Tuarascáil Chomhairleach ar an tSraith Shinsearach

Inniu foilsíodh an Tuarascáil Chomhairleach ar an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach a chruthaigh bonn eolais d’fhís an Aire maidir le Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí. Tá an Tuarascáil bunaithe ar thaighde fhorleathan a rinneadh idir 2016 agus 2020, agus ar chomhairliúchán forleathan agus domhain ar fud na hearnála oideachais agus na sochaí níos leithne le scoláirí, tuismitheoirí, oideachasóirí, comhpháirtithe oideachais, tionscal, rialtas agus an tsochaí shibhialta, mar aon le saineolaithe idirnáisiúnta.

Féach eolas breise ag www.ncca.ie.

 

Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí

 

D’fhógair an tAire Oideachais roinnt príomhchinntí maidir le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, atá treoraithe ag fís na Sraithe Sinsearaí ina soláthraítear “cothromas agus sármhaitheas do chách”.

 

Cuirfidh an tSraith Shinsearach athshamhlaithe le heispéireas an scoláire ar scoil, coinneofar cáilíocht chóras oideachais na hÉireann agus laghdófar an brú ar dhaltaí.

 

Tá an cur chuige treoraithe ag, agus tógtha ar, athbhreithniú na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an tSraith Shinsearach. Tá sé i gceist, leis an tSraith Shinsearach athfhorbartha, go mbeidh cruthú agus forbairt bealaí foghlama níos solúbtha laistigh den scoil.

 

Áirítear leis an tSraith Shinsearach athfhorbartha forbairt ábhair churaclaim nua agus leasaithe, le béim shuntasach ar chomhpháirteanna measúnaithe breise lasmuigh de na scrúduithe scríofa deiridh traidisiúnta.