Foilsithe ar 

Fógraíonn na hAirí Foley agus Madigan soláthar samhraidh leathnaithe do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais casta agus dóibh siúd is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais

Inniu (Dé Máirt, 11 Bealtaine), d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit le freagracht don Oideachas Speisialta Josepha Madigan TD go gcuirfear cláir leathnaithe oideachais samhraidh ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais casta acu agus dóibh siúd is mó atá i mbaol mhíbhuntáiste oideachais, mar bheart freagartha paindéime Covid-19, don samhradh 2021.
Faoi leathnú seo an chláir samhraidh, beidh rochtain ag daltaí a bhfuil riachtanais oideachais chasta acu agus acu siúd atá is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais ar chlár oideachais samhraidh breisithe.
Is é an maoiniú iomlán atá ar fáil chun an clár a sholáthar ná suas le €40 milliún, méadú céad faoin gcéad ar an leithdháileadh do sholáthar samhraidh 2020.
Is iad aidhmeanna an chláir ná tacú le daltaí ath-theagmháil a dhéanamh leis an oideachas, cur lena muinín agus a spreagadh a mhéadú, folláine a chur chun cinn agus, do roinnt daltaí atá ag príomhchéimeanna aistrithe, cuidiú lena chinntiú gur féidir leo bogadh ar aghaidh lena bpiaraí chuig an socrúchán oideachais atá beartaithe dóibh i mí Mheán Fómhair seo chugainn.
Den chéad uair riamh, spreagtar gach scoil (bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna) le cláir samhraidh a sholáthar agus leathnaíodh na critéir incháilitheachta chun leanaí iar-bhunscoile a bhfuil riachtanais chasta acu agus leanaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais a chur san áireamh. Sular tharla an leathnú seo, ní raibh cláir samhraidh ar fáil ach do scoileanna speisialta agus do dhaltaí i ranganna speisialta i mbunscoileanna agus i scoileanna DEIS. Is léiriú é fógra an lae inniu ar an aitheantas atá á thabhairt do luach na gclár scoilbhunaithe sin do leanaí i ngach scoil a bhfuil riachtanais chasta acu agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.


Leanfar le fáil a bheith ar chlár samhraidh baile do leanaí le riachtanais chasta mura bhfuil clár scoilbhunaithe á sholáthar ag a scoileanna.

Dúirt an tAire Foley:

Is cinneadh Rialtais ríthábhachtach é seo, chun an clár samhraidh a leathnú go suntasach mar fhreagairt shonrach ar an bpaindéim, agus soláthar oideachais tábhachtach a thairiscint an samhradh seo do leanaí a bhfuil géarghá acu leis sin.

Tuigimid go léir nach raibh rochtain ag leanaí agus daoine óga ar fhoghlaim ar scoil le fada. In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr ag gach duine chun tacú leis an gcianfhoghlaim agus a bheith gafa léi, baineann go leor iarmhairtí dochracha le gan a bheith ar scoil. Tugann an fhianaise le fios go mbíonn tionchar aige go háirithe ar leanaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta casta acu agus orthu siúd atá i mbaol mór míbhuntáiste oideachais.

D’éirigh go geal le clár samhraidh 2020 agus bhí an tairbhe le sonrú nuair a rinneadh leanaí a shocrú isteach arís ina suíomhanna oideachais i mí Mheán Fómhair. Is cúis áthais dom gur féidir linn an deis ríthábhachtach seo a leathnú chuig oiread sin leanaí breise i mbliana.

Molaim do phobail scoileanna an deis seo a thapú agus an clár luachmhar seo a chur ar fáil dá ndaltaí. D'éisteamar freisin le hábhair imní ag páirtithe leasmhara scoileanna maidir leis na dúshláin a bhaineann le cláir samhraidh a reáchtáil agus ghlacamar céimeanna suntasacha chun na tacaíochtaí sin a fheabhsú do scoileanna. Ar fud na tíre, bainfidh ár leanaí agus ár ndaoine óga le riachtanais chasta, nó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais, an-tairbhe as cinneadh an lae inniu.

Dúirt an tAire Madigan:

Is fógra tábhachtach é seo do dhaoine óga le riachtanais bhreise agus do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste oideachais. Is é seo an Clár Samhraidh is mó riamh agus den chéad uair, beidh gach dalta le riachtanais chasta ar fud na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna incháilithe le bheith páirteach. Is rud é seo a bhí á éileamh agamsa agus fáiltím roimh an gcinneadh an clár leathnaithe seo a sholáthar.

Tuigimid gur bliain an-deacair a bhí ann do dhaltaí le riachtanais bhreise go mb’fhéidir nach mbeadh ar a gcumas a bheith gafa leis an gcianfhoghlaim. Bhí imní ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh faoin aischéimniú agus faoi phríomhscileanna a bheith caillte.

Tar éis dom cuairt a thabhairt ar scoileanna a raibh cláir samhraidh á óstáil acu sna blianta roimhe seo, chonaic mé féin na buntáistí dearfacha a bhaineann lena leithéid. An samhradh seo, beidh gach dalta i scoileanna speisialta, ranganna speisialta, agus iad siúd a bhfuil riachtanais chasta acu i scoileanna príomhshrutha i dteideal páirt a ghlacadh i gclár samhraidh. Is é seo an chéad uair a bheidh gach scoil incháilithe clár samhraidh a óstáil agus impím ar gach scoil é sin a dhéanamh. Is deis an-fhiúntach é do dhaoine óga.

Tá an Clár Samhraidh mar chuid thábhachtach den soláthar oideachais speisialta in Éirinn. Tá ríméad orm go n-aithníonn clár na bliana seo éagsúlacht na riachtanas atá ann in Éirinn, ar fud ár scoileanna speisialta, ranganna speisialta agus ranganna príomhshrutha. Léiríonn an clár seo, agus an maoiniú a ghabhann leis, tiomantas an Rialtais tacú le hoideachas speisialta agus a chinntiú go bhfaigheann gach dalta an tacaíocht atá de dhíth orthu.

Beidh cúig shnáithe mar chuid den chlár, mar seo a leanas:
• Campaí uimhearthachta agus litearthachta i mbunscoileanna DEIS
• Clár samhraidh scoilbhunaithe i mbunscoileanna ina bhfuil ranganna speisialta agus scoileanna speisialta.
• Soláthar baile do leanaí le riachtanais chasta mura bhfuil fáil ar chlár scoilbhunaithe.
• Tá deis ag gach bunscoil (DEIS nó gan DEIS) clár samhraidh coicíse a sholáthar do dhaltaí príomhshrutha a bhfuil riachtanais chasta acu agus dóibh siúd is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
• Tá deis ag gach iar-bhunscoil (DEIS agus neamh-DEIS) clár samhraidh coicíse a sholáthar do scoláirí príomhshrutha a bhfuil riachtanais chasta acu agus dóibh siúd is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
Is cláir nua do 2021 iad na cláir do dhaltaí príomhshrutha i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, ag tógáil ar chláir samhraidh roimhe seo i scoileanna DEIS agus ar na cláir do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu anuraidh.
Tá bearta feabhsaithe curtha i bhfeidhm chun rannpháirtíocht scoileanna sa phróiseas seo a spreagadh, lena n-áirítear laghdú ar an bpróiseas riaracháin, maoiniú a sholáthar do scoileanna i dtreo ullmhú agus maoirsiú na gclár, íocaíocht níos luaithe do bhaill foirne scoile agus soláthar chun ábhair oidí a mbeidh a gclár oiliúna á chríochnú acu i mbliana a earcú.
Beidh tuilleadh sonraí faoi na scéimeanna agus conas is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar fáil go luath ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/19050-solathar-an-tsamhraidh/
Cuirfear iompar ar fáil do dhaltaí le riachtanais chasta a mbíonn iompar ar fáil dóibh i rith na scoilbhliana agus atá ag freastal ar an gclár scoilbhunaithe i mbunscoil nó i scoil speisialta.
Tar éis chinneadh an Rialtais inniu, deimhneoidh an Roinn Oideachais do scoileanna freisin nach mbeidh aon athrú ar an tsamhail leithdháilte cúntóirí riachtanas speisialta don scoilbhliain 2021/22.
Déanfar tabhairt isteach an tsamhail ualaithe chun tosaigh do leithdháileadh cúntóirí riachtanas speisialta a chur siar go dtí tús na scoilbhliana 2022/23.
Tharla sé seo toisc nárbh fhéidir an fhaisnéis agus an oiliúint riachtanach a sholáthar le linn na tréimhse paindéime chun tacú le cur i bhfeidhm na samhla nua i scoileanna.
Beidh leithdháiltí CRS don scoilbhliain 2021/22 bunaithe ar líon iarbhír na CRSanna a d’fhostaigh scoileanna an 30 Aibreán 2021 agus déanfar an leithdháileadh ar an dáta sin a rolladh ar aghaidh go 2021/22. Ní bhfaighidh aon scoil leithdháileadh laghdaithe agus beidh scóip ann le haghaidh breisíochta faoi phróiseas athbhreithnithe eisceachtúil a bheidh le seachadadh ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS).

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Cláir soláthair samhraidh
Cuimseoidh na cláir fheabhsaithe um sholáthar samhraidh cláir a bheidh ag tarlú sa samhradh 2021 agus a bhí i bhfeidhm freisin i samhradh 2020, agus cláir nua. Baineann na cláir go sonrach le 2021, mar bheart freagartha Covid.
Beidh tuilleadh sonraí faoi na scéimeanna agus conas is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar fáil go luath ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/19050-solathar-an-tsamhraidh/
Leithdháileadh CRS do scoileanna sa scoilbhliain 2021/22
Ag eascairt ó mholadh ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) i mí na Nollag 2019, thug an Rialtas faomhadh do rolladh amach náisiúnta de shamhail nua ualaithe chun tosaigh chun tacaíocht cúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) a leithdháileadh ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna do dhaltaí i ranganna príomhshrutha, le héifeacht ón scoilbhliain 2020/21, mar chuid den rolladh amach céimnithe ar an tSamhail um Chuimsiú Scoile (SIM).
Le tosú Covid-19 agus dúnadh foirgnimh scoile ó Mhárta 2020 agus an tslí inar cuireadh isteach ar scoileanna agus ar an gcóras ina iomláine, socraíodh go gcuirfí tabhairt isteach na Samhala siar go hiomlán ar feadh bliana i.e. go dtí tús na scoilbhliana 2021/22.
Coinníodh leithdháiltí CRS ag a leibhéil 2019/20 (Aibreán 2020) do 2020/21 le foráil don bhreisíocht nuair ba ghá agus rinneadh próiseas athbhreithnithe eisceachtúil a fhorbairt.
Le linn na scoilbhliana seo, mar thoradh ar an bpaindéim, níorbh fhéidir na ceardlanna agus na comhairliúcháin a bhí beartaithe do thabhairt isteach na samhla leithdháilte nua a reáchtáil.
Dá réir sin, chinn an Roinn go ndéanfaí tabhairt isteach na samhla ualaithe chun tosaigh a chur siar go ceann bliana eile, i.e. go dtí tús na scoilbhliana 2022/23.
Beidh leithdháiltí CRS don scoilbhliain 2021/22 bunaithe an líon CRSanna a bhí fostaithe an 30 Aibreán 2021 agus déanfar an leithdháileadh ar an dáta sin a rolladh ar aghaidh go 2021/22. Ní bhfaighidh aon scoil leithdháileadh laghdaithe.
Mar a tharla i mblianta roimhe seo, beidh foráil ann do scoileanna iarratas a dhéanamh chuig an CNOS ar bhreisíocht, i gcúinsí eisceachtúla, i gcás go mbeidh riachtanais chúraim nua nach féidir freastal orthu laistigh de na leithdháiltí atá ann cheana.
Is cuid lárnach den tSamhail um Chuimsiú Scoile an t-ualú chun tosaigh ar CRSanna do ranganna príomhshrutha. Tá an Roinn agus an CNOS tiomanta dá tabhairt isteach mar chuid d’fhorbairt na Samhla sin.
Tá an CNOS ag pleanáil chun ceardlanna agus seisiúin faisnéise a sholáthar do scoileanna go luath i 2022 ionas gur féidir le scoileanna pleanáil chun an tsamhail leithdháilte nua a thabhairt isteach ó Mheán Fómhair 2022.