Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Deenihan sraith imeachtaí chun comóradh a dhéanamh ar Chéad Bliain ó Bhunú Chumann na mBan

· Ócáid chuimhneacháin, fleasc-leagan, léacht chuimhneacháin, nochtadh plaice agus comhdháil acadúil le tarlú thar thréimhse ceithre lá de chomóradh ar chéad bliain de Chumann na mBan

Sraith íomhánna ar fáil:

https://www.dropbox.com/sh/96a4tho7ed69pj6/ag0NvSzXHo

Dé Máirt, 25 Márta: Mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, reáchtálfar sraith imeachtaí an tseachtain seo chugainn chun comóradh a dheánamh ar chéad bliain ó bhunú Chumann na mBan.

Bunaíodh Cumann na mBan i mBaile Átha Cliath ar an 2 Aibreán 1914 mar eagraíocht náisiúnach ban a d’oibreodh taobh le taobh le hÓglaigh na hÉireann a bunaíodh i 1913. Ba iad aidhmeanna Chumann na mBan, mar a bhí leagtha amach sna leabhráin ballraíochta ag an am:

5. Saoirse na hÉireann a chur chun cinn

6. Mná na hÉireann a eagrú chun an aidhm sin a bhaint amach

7. Cuidiú chun buíon d’fhir na hÉireann a armáil agus a réiteach chun Éire a chosaint

8. Ciste a chruthú do na cuspóirí sin, dar teideal “Cistí um Chosaint na hÉireann”

Reáchtálfar réimse imeachtaí thar thréimhse ceithre lá ón 2 Aibreán chun comóradh a dhéanamh ar Chéad Bliain ó Bhunú Chumann na mBan. Mar bhonn leis an gclár cuimhneacháin beidh searmanas cuimhneacháin ar bun i Reilig Ghlas Naíon, faoi threoir an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUiginn, i dteannta an Aire Jimmy Deenihan.

Tabharfaidh an Dr. Mary McAuliffe, Uachtarán Chumann Staire Mhná Éireann, léacht chuimhneacháin in onóir bhunú Chumann na mBan, tar éis an tsearmanais chuimhneacháin.

Beidh imeachtaí ar siúl in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath 1, freisin – an t-ionad inar reáchtáladh an chéad chruinniú riamh de Chumann na mBan.

Chun clabhsúr a chur leis an gclár imeachtaí, reáchtálfar mór-chomhdháil acadúil in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath. Tá tacaíocht á fáil ag an ócáid seo ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhair leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ionad Oideachais Mater Dei (DCU).

Dúirt an tAire Deenihan:

"Déantar dearmad go minic ar an ról a bhí ag mná sna mórimeachtaí a tharla roimh Éirí Amach na Cásca 1916. Ach, ba fhórsa mór na mná sna forbairtí stairiúla a tharla in Éirinn ó 1912 go bunú Shaorstát Éireann.

“Ba ócáid chinniúnach bunú Chumann na mBan. Bhí baint ag mórán de cheannairí ban na linne leis an eagraíocht seo, a raibh 60 craobh aici ar fud na hÉireann laistigh de 6 mhí. Le linn an Éirí Amach, chuir baill Chumann na mBan – a tháinig as gach cearn – a mbeatha i mbaol chun taisteal ar fud Bhaile Átha Cliath le teachtaireachtaí, bia agus cógais leighis. Ghlac roinnt ball páirt ghníomhach freisin sa chomhrac.

"Agus muid ag druidim leis an bpointe tábhachtach seo i stair na hÉireann, tá áthas orm go mbeidh roinnt imeachtaí cuimhneacháin ar bun mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Áitím ar bhaill an phobail freastal ar na himeachtaí sin agus machnamh a dhéanamh ar an bpáirt a bhí ag Cumann na mBan inár stair chomhchoiteann.”

Tá tuilleadh sonraí faoi gach imeacht liostaithe thíos.

Críoch/

Sceideal na nImeachtaí

Dé Céadaoin, 2 Aibreán

10.30am – Leagfaidh an tAire Jimmy Deenihan bláthfhleasc ag uaigh bhall iomráiteach Chumann na mBan, Elizabeth O'Farrell, ag Reilig Ghlas Naíon, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11.

11.30am – Reáchtálfar searmanas cuimhneacháin ag Reilig Ghlas Naíon chun comóradh a dhéanamh ar Chéad Bliain ó Bhunú Chumann na mBan. Cuimseoidh an searmanas, a bheidh faoi threoir an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUiginn, i dteannta an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., fleasc-leagan agus léamh sleachta agus ceol ón tréimhse stairiúil sin.

Beidh fáilte roimh an bpobal ag an ócáid agus ní mór do dhaoine a bheith i láthair i Reilig Ghlas Naíon faoin 11.00am ar a dhéanaí.

Tar éis Chuimhneachán an Stáit – Nuair a bheidh searmanas cuimhneacháin an Uachtaráin thart, rachaidh aíonna a bhfuil cuireadh faighte acu chuig an Milestone Gallery i Músaem Ghlas Naíon i gcomhair aithisc ón Uachtarán Higgins. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Dr. Mary McAuliffe, Uachtarán Chumann Staire Mhná Éireann, léacht chuimhneacháin in onóir bhunú Chumann na mBan. De bharr srianta spáis san ionad, cuirfear na himeachtaí seo ar fáil ar an gcóras fógartha poiblí.

Déardaoin, 3 Aibreán

7pm – Nochtfaidh an tAire Deenihan plaic in Óstán Wynn, Sráid na Mainistreach Íochtair, Baile Átha Cliath 1. Ba in Óstán Wynn a tionóladh an chéad chruinniú riamh de Chumann na mBan.

Dé hAoine, 4 Aibreán agus Dé Sathairn, 5 Aibreán

12.00 – Tionólfaidh Cumann Staire Mhná Éireann mór-chomhdháil a bhreathnóidh ar bhunú, obair agus oidhreacht Chumann na mBan san Ard-Mhúsaem, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath. Cuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Institiúid Oideachais Mater Dei (DCU), tacaíocht ar fáil don chomhdháil. Beidh cead isteach saor in aisce ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.

Ar na príomhchainteoirí beidh an Dr. Margaret Ward (údar Unmanageable Revolutionaries: Women and Irish Nationalism), an Dr. Marie Coleman (údar, The Irish Revolution, 1916-1923), an Dr. John Borgonovo (údar, The Dynamics of War and Revolution: Cork City, 1916-1918) agus an Dr. Joost Augusteijn (údar, The Irish Revolution, 1913-1923). Beidh páipéir á gcur i láthair freisin ag mórán scoláirí iomráiteacha náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag

http://womenshistoryassociation.com/cumann-na-mban-100/

Sraith íomhánna ar fáil:

https://www.dropbox.com/sh/96a4tho7ed69pj6/ag0NvSzXHo

Íomhá 1: Bille láimhe a eisíodh chun fógraíocht a dhéanamh ar chruinniú in aghaidh choinscríofa a tionóladh i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath. Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Íomhá 2: Bille láimhe a d’eisigh Cumann na mBan ag áiteamh ar mhná na hÉireann gan aon bhaint a bheith acu le fir na hÉireann a bhí in arm Shasana. Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Íomhá 3: Paimfléad de chuid Chumann na mBan ina raibh a bpolasaí do 1920-21. Téacs i nGaeilge agus i mBéarla. Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Íomhá 4: Forógra ó Rialtas na Breataine trí Ard-Leifteanant na hÉireann i 1919, John Denton Pinkstone French, ag leagan béime do shaoránaigh Chontae an Chláir ar na heagraíochtaí náisiúnacha a mheas said a bheith contúirteach don phobal agus go bhfuil gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin in aghaidh an dlí anois i gContae an Chláir. Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Íomhá 5: Leabhrán ballraíochta do Chumann na mBan ina bhfuil liosta a n-aidhmeanna agus a mbunreacht. Íomhá le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.