Foilsithe ar 

Na hÉireannaigh a cailleadh agus iad ag tógáil an New Basin Canal agus iad siúd a buaileadh le Spéirling Katrina i New Orleans á dtabhairt chun cuimhne ag an Aire Mhic Unfraidh

Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, na hÉireannaigh a cailleadh agus an New Basin Canal i New Orleans á thógáil acu le linn an naoú céad déag a thabhairt chun cuimhne amárach (Dé Domhnaigh).

Tiomnóidh an tAire páirc nua, an 'Hibernian Memorial Park', dá gcuimhne agus í ag cur deireadh lena cuairt ar New Orleans do Chuimhneachán Idirnáisiúna an Ghorta Mhóir 2014. Tá an tAire Mhic Unfraidh ag freastal ar an ócáid mar Chathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir.

Sula ndéanfaidh sí an tiomnú, leagfaidh an tAire Mhic Unfraidh fleasc ag leac cuimhneacháin Spéirling Katrina i gcuimhne orthu siúd a cailleadh le linn na Spéirlinge a scrios New Orleans sa bhliain 2005.

Ag labhairt di roimh na hócáidí, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:
"Tá mé ag tnúth le Hibernian Memorial Park a oscailt go hoifigiúil, áit ina ndéantar oibrithe na hÉireann, a fuair bás le linn tógáil an New Basin Canal, a onórú.

"Tá a fhios againn gur oibrigh cuid mhór lonnaitheoirí Éireannacha ar an tionscadal seo, a thóg sé bliana le cur i gcrích. D'íoc siad go daor as a gcuid oibre. Bhí an obair láimhe ar an gcanáil deacair agus dainséarach.

"Throid na hoibrithe inimirceacha in aghaidh dainséir agus galair gach lá. Bhíodh coinníollacha an láithreáin fealltach go minic agus bhíodh galair ar nós calar ar fud na háite. Is iomaí oibrí a maraíodh de thaisme nó le galar, agus iad ag iarraidh todhchaí a chur ar fáil dá gclanna.

"Níor chuir an méid a tharla do na fir seo cosc ar Éireannaigh eile an turas a dhéanamh trasna an Atlantaigh áfach. Idir chruachás oibrithe an New Basin Canal agus inimircigh ag éalú ó ghorta agus ó ghalar, tá a fhios againn go raibh inimircigh Éireannacha as gach grúpa socheacnamaíoch diongbháilte saol nua a bhaint amach.


"Is mór an chreidiúint dá bhfoirtile é gur fhág glúine Diaspóra na hÉireann a lorg ar fud Mheiriceá agus níos faide ar shiúl ina dhiaidh sin agus gur éirigh leo an leibhéal is airde a bhaint amach i ngach earnáil sna tíortha inar shocraigh siad agus, go deimhin, go bhfuil siad go fóill á dhéanamh sa lá atá inniu ann.

"Tá a fhios againn gur éirigh go maith le go leor de na daoine seo i ngnó, i saol na polaitíochta, i spórt agus sna healaíona ar fud an domhain.

"Anseo i New Orleans, bhíodh na pobail Éireannacha an-dlúth agus thacaigh siad lena dteaghlaigh agus lena chéile, agus feicim gur mar sin atá sé go fóill. Is comhartha urraime é an Pháirc iontach seo - agus an Chros Cheilteach a tógadh 24 bliana ó shin san áit ina raibh an New Basin Canal lá den saol - do na hoibrithe crógacha sin a cailleadh nuair a tógadh an canáil. Go deimhin, is comhartha urraime é dár sinsear Éireannach uile a chuir go mór le gnéithe eacnamaíocha agus sósialta na cathrach bríomhaire seo.

"Is é an ócáid seo an ceann deireanach agam le linn Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 - an chéad bhliain ann dom mar Aire - agus tá caighdeán an-ard leagtha síos ag an bpobal Éireannach i New Orleans do na blianta amach romhainn agus na cathracha eile a bheidh mar óstaigh amach anseo.

"Is léiriú ar dhiansheasmhacht agus mianach na cathrach seo agus a pobal Éireannach ach go háirithe é an bealach ina dtáinig an pobal le chéile chun ócáidí a chur ar siúl a thugann íospartaigh an Ghorta Mhóir chun cuimhne agus a dhéanann gnóthachtálacha ár n-eisimircigh a cheiliúradh - agus iad siúd a tháinig ina ndiaidh.


CRÍOCH

Nóta do na hEagarthóirí:
Feach thíos tuilleadh sonraí i ndáil le sceideal an Aire i New Orleans Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh

Dé Sathairn, an 8 Samhain:

· Cuairt ar Kingsley House, a bhfuil cáil air mar an Teach Lonnaitheoirí is sine i nDeisceart Mheiriceá.
Tá freastal déanta ar níos mó ná leath mhilliún duine ó bunaíodh é sa bhliain 1896. Inniu, glacann beagnach 7,000 duine, idir leanaí, pháistí, daoine óga, tuismitheoirí, daoine faoi mhíchumas agus daoine aosta as gach cearn d'Oirdheisceart Louisiana páirt gach bliain i raon cuimsitheach de chláir a bhfuil creidiúnú náisiúnta agus deimhniú stáit acu.
· Siúlóid Charthanachta le Cumann na Croise Deirge New Orleans
· Sraith ócáidí a bhaineann leis an bpobal Éireannach, lena n-áirítear Comórtas Damhsa Gaelaigh Irish Channel Feis agus Comórtas Peil Gaelaí
· Fleascleagan ag leac cuimhneacháin Margaret Haughery.
Is é leac cuimhneacháin Margaret Haughery an dara leac cuimhneacháin poiblí a tiomnaíodh do bhean i saol poiblí Mheiriceá. Tugann an leac cuimhneacháin chun cuimhne an méid a rinne an bhean sin, a rugadh i Liatroim, chun cabhrú leo siúd a bhí ar an mbeagán i New Orleans le linn na 1840í agus ina dhiaidh sin.
· Bál tiomsaithe airgid an Irish Network of New Orleans


Dé Domhnaigh an 9 Samhain:
· Fleascleagan ag Leac Cuimhneacháin Spéirling Katrina

· Tiomnú Hibernian Memorial Park - New Basin Canal


Tuilleadh sonraí maidir le Hibernian Memorial Park agus an New Basin Canal

Ag croílár tionscadal nua Hibernian Memorial Park tá cros Cheilteach déanta as marmar Chill Chainnigh a tógadh beagnach cúig bliana is fiche ó shin chun oibrithe na hÉireann a thóg an tionscadal is mó oibreacha poiblí an naoú haois déag i New Orleans a onórú.

Sa bhliain 1832 thosaigh tochaltóirí Éireannacha ag obair ar uiscebhealach 6 mhíle ar fhad a cheangal Faubourg St. Mary, an Lárcheantar Gnó anois, agus Loch Pontchartrain.

Mar thoradh ar na dálaí oibre agus maireachtála diana bhí na hinimircigh Éireannacha soghabhálach i leith calair agus galair eile, a bhuail go minic agus go dona iad, agus iad ag tochailt tríd na seascainn chufróige go dtí an loch.

Cailleadh go leor díobh mar gheall ar an obair. Ba chonair thábhachtach iompair é an New Basin Canal ar feadh níos mó ná 100 bliain, agus chuir sé le saol eacnamaíochta na cathrach.