Foilsithe ar 

Na mílte duine le páirt a ghlacadh in imeachtaí speisialta ar fud na tíre chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain féilire ó Éirí Amach na Cásca – an tAire Humphreys

De réir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, táthar ag súil leis na mílte duine páirt a ghlacadh i raon leathan imeachtaí, taibhléirithe agus searmanais chuimhneacháin speisialta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain féilire ó thús Éirí Amach 1916 ar an 24Aibreán.

Ag teacht sna sála ar na himeachtaí comórtha le linn dheireadh seachtaine na Cásca, ar éirigh go han-mhaith leo agus ar ar fhreastail níos mó ná milliún duine, beidh pobail ar fud na tíre ag reáchtáil a gcuid searmanas féin an deireadh seachtaine seo, mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. 

Beidh Comóradh bliantúil Stáit 1916 ar siúl ag Cnoc an Arbhair maidin Dé Domhnaigh ag 10am. Tar éis Aifreann Éagnairce, beidh seirbhís agus searmanas idirchreidimh ag uaigheanna 14 de cheannairí an Éirí Amach a cuireadh chun báis. Déanfaidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, bláthfhleasc a leagan thar ceann mhuintir na hÉireann. Beidh an ócáid á craoladh beo ag RTÉ agus is féidir leis an bpobal féachaint ar an searmanas ar scáileáin mhóra a bheidh crochta ag an láthair. Tá searmanais speisialta Ardaithe Brataí beartaithe i bhFine Gall, an Longfort, Lú, Ros Comáin agus i bPort Láirge, agus osclófar roinnt gairdíní comórtha nua-choimisiúnaithe, a bheidh go léir ar oscailt don phobal.

 Tráthnóna Dé Domhnaigh, beidh gach bóthar ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh.   Tá mórléiriú nuálaíoch amharclannaíochta coimisiúnaithe ag an CLG ina mbeidh damhsa, amhránaíocht, filíocht agus taibhseacht le hÉirí Amach 1916 a chomóradh. Déanfar an ócáid, dar teideal Laochra, a chur ar an stáitse i ndiaidh Chluichí Ceannais Roinn a hAon agus a Dó de Shraith Allianz.

Ag labhairt di roimh an deireadh seachtaine, dúirt an tAire Humphreys an méid seo:

"Céad bliain ó shin an deireadh seachtaine seo, bhí Óglaigh na hÉireann ag ullmhú d’Éirí Amach na Cásca, a chuir tús le sraith imeachtaí as ar eascair neamhspleáchas na hÉireann. Ar an Domhnach, déanfaimid na ceannairí i 1916 a thug a mbeatha a thabhairt chun cuimhne go sollúnta, sula mbogfaidh muid go láthair stairiúil Pháirc an Chrócaigh do ‘Laochra', ceiliúradh mórthaibhseach ar ár gcultúr agus an CLG le 100 bliain anuas. Beidh raidhse imeachtaí eile ar bun freisin ar fud na tíre, agus pobail ag teacht le chéile le himeachtaí 1916 a thabhairt chun cuimhne.”

Tá cuireadh á thabhairt ag Éire 2016 do gach duine, idir óg is aosta, grianghraf a thógáil am eigin idir meán lae Dé Domhnaigh, an 24 Aibreán agus meán lae Dé Luain, an 25 Aibreán.  I gcomhar leis an Irish Independent, tá sé mar aidhm ag 24 Hours in Ireland léargas a fháil ar raon iomlán an tsaoil in Éirinn ar an lá stairiúil speisialta seo - céad bliain féilire ón Éirí Amach.  Taispeánfar rogha íomhánna i bhforlíonadh teoranta speisialta leis an ócáid a chomóradh.

I measc bhuaichphointí an deireadh seachtaine ar fud na tíre tá an méid seo a leanas:

  • Tabharfaidh Sinéad McCoole, údar agus staraí iomráiteach agus coimeádaí an taispeántais Mná 1916 i dTeach Cóiste (Caisleán Bhaile Átha Cliath), caint faoi chuid de na 300 bean óga iontacha a ghlac páirt san Éirí Amach.  1.15pm Cead Isteach Saor in Aisce
  • Ar an 24 Aibreán, osclófar The Souvenir Shop, ealaín suiteála le Rita Duffy agus coiméadta ag Helen Carey, ceann de na mórthionscadail coimisiúnaithe ag Art 1916-2016 de chuid na Comhairle Ealaíon, lena ndéantar cuimheachán céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh. Beidh an ‘siopa’ lonnaithe ag 13 Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh, agus beifear ag díol gnáthearraí a rinne an t-ealaíontóir a athchruthú trí úsáid a bhaint as comharthaí de chuid an éirí amach. 2 pm go 5pm Cead Isteach Saor in Aisce
  • I gCaisleán Shord i bhFine Gall beidh ócáid lae á hóstáil ar an 24ú, ina mbeidh paráid, athachtú, bannaí máirseála, damhsa, cúirt bhia, taispeántas, tinte ealaíne, léamh an Fhorógra, ardú na brataí agus seoladh an choimisiúin ealaíon poiblí. Ar bhuaicphointí na hócáide beidh RothaÍocht na mBan, ina mbeidh grúpa ban ag rothaíocht in éide  seanré, leis an méid a chuir mná Fhine Gall le himeachtaí na bliana 1916 a chomóradh.
  • I dTrá Lí, Contae Chiarraí déanfar Deireadh Seachtaine Comórtha 1916 a reáchtáil ina mbeidh ceolchoirm sa Chearnóg, Lá Aonaigh agus siúlóid stairiúil ó Chathair Uí Mhóráin go Trá Lí, agus ina dhiaidh sin beidh searmanas fleascleagain ann ag Leacht Chuimhneacháin Uí Chathail.
  • Déanfar searmanas fleascleagain a reáchtáil ag Leacht Chuimhneacháin 1916 i gCathair Luimnigh ag 11:30am ar an 24ú, agus ina dhiaidh sin osclófar na Gairdíní Cuimhneacháin ag Oifigí na Cathrach (11am) agus ag Oifig an Cheantair, Cill Mocheallóg (3.30pm).
  • Beidh Lá Comórtha speisialta ar siúl i Sligeach ar an 24ú le mórshiúl go Halla na Cathrach, áit a n-ardófar an bhratach agus a léifear an Forógra; ina dhiaidh sin beidh Music Rising, le taibhiú ó Michael Rooney agus Ceolfhoireann Thíre Acadamh Ceoil Shligigh. Déanfaidh Comhairle Contae Shligigh fáiltiú cathartha a óstáil sa Sligo Park Hotel do shliochtaigh na dteaghlaigh as Sligeach a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 ag 5pm.  Cuirfear críoch leis an lá le seó mór tinte ealaíne ag 9.30pm.
  • Ar an 24ú beidh The Mermaid Arts Centre i mBré ag óstáil Irish Destiny, ceolchoirm scannánaíochta á cur i láthair ag Institiúid Scannán na hÉireann, le tionlacan ar an mórphianó ó Mhicheál Ó Suilleabháin. Rinneadh an dráma gan focail seo a scaoileadh Domhnach Cásca 1926, ar chuimhneachán 10 mbliana Éirí Amach 1916.

Tá sonraí uile na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le fáil ag www.ireland.ie.