Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach, Enda Kenny agus Joan Burton ag éirí as oifig mar Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre

Agus í ag éirí as oifig mar Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, gabhaim buíochas le Joan Burton as a cuid oibre sa rialtas le cúig bliana anuas, mar Thánaiste agus mar Aire Coimirce Sóisialaí.

Le linn an ama sin, bhí ról ollmhór aici féin agus ag a comh-airí i bPáirtí an Lucht Oibre maidir le geilleagar na hÉireann a thabhairt slán, agus é ar tí titim as a chéile nuair a chuamar isteach sa rialtas in 2011. B'éigean cinntí deacra a dhéanamh chun an tír a thabhairt slán, cinntí conspóideacha agus deacra ó thaobh na polaitíochta de, ach bhí Joan Burton agus a comhghleacaithe tiomanta an rud ceart don tír a dhéanamh.

Ina ról mar aire, bhí Joan Burton ina ceannródaí ar go leor de na hathchóirithe leasa a chabhraigh leis an rialtas deireanach ár spriocanna ó thaobh cruthú post a shárú agus an ráta dífhostaithe a laghdú ó os cionn 15% go dtí 8.4%.

Is mian liom gach rath agus sonas a ghuí ar Joan Burton, ar a fear céile Pat agus ar a clann.