Foilsithe ar 

Seolann an Taoiseach Taispeántais Comóraidh agus Turas Fíorúil 1916 ar Institiúid Chultúrtha Google mar chuid de Chlár Comórtha Éire 2016

Is turas fíorúil ar shráideanna na cathrach é Dublin Rising 1916-2016, lena ndéantar na háiteanna, na daoine agus na scéalta íocónacha ó 100 bliain ó shin a fhiosrú, le tráchtaireacht ó Colin Farrell Taispeántais 1916 agus déantúsáin as sé insititiúid chultúrtha iomráiteacha Cuireann an turas idirghníomhach beocht in imeachtaí 1916 do dhaoine ar fud an domhain

Tháinig Taoiseach, Enda Kenny agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, le chéile inniu ag Google do sheoladh Dublin Rising 1916-2016, turas idirghníomhach ar Google Street View, le tráchtaireacht ón aisteoir Colin Farrell, lena dtugtar deis do chuairteoirí na sráideanna, imeachtaí agus daoine sa chathair a mhúnlaigh ár stair 100 bliain ó shin a fhiosrú go fíorúil.  Ba iad Google a rinne forbairt ar an turas i gcomhpháirtíocht le hÉire 2016 agus le saineolas ó fhoireann faoi leith cartlannaithe agus staraithe agus le hacmhainní ó roinnt dár bhForas Cultúrtha Náisiúnta, músaeim agus institiúidí acadúla. Tabharfaidh an turas fíorúil agus na taispeántais deis do dhaoine ar fud an domhain páirt a ghlacadh i gcomóradh 2016 na hÉireann agus tuilleadh a fhoghlaim faoi éirí amach 1916 óna bhfón, óna dtáibléad nó óna ríomhaire.

Ar feadh an turais, stopfaidh cuairteoirí ag láithreacha i lár na cathrach mar atá siad sa lá atá inniu ann, cloisfidh siad faoin méid a tharla ansin agus beidh siad in ann cliceáil air chun teacht ar ghrianghraif, físeáin, scéalta agus ráitis ó fhinnéithe ó Bhaile Átha Cliath na bliana 1916. Mar shampla, nuair a sheasann duine ag féachaint ar Ard-Oifig an Phoist sa lá atá inniu ann, feicfidh sé nó sí Ard-Oifig an Phoist mar a bhí sé 100 bliain ó shin, agus é scriosta ag lámhach sliogán.  Cloisfear ráitis ó reibiliúnaigh a throid ansin agus scéalta faoi na daoine go léir a bhí páirteach ann.  Rinneadh gach déantúsán atá ar an turas a choimeád ag an Leabharlann Náisiúnta, an Chartlann Náisiúnta, Músaem Reilig Ghlas Naíon, Amharclann na Mainistreach, Acadamh Ríoga na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide chomh maith le Century Ireland.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt Taoiseach Enda Kenny:

Is bliain thábhachtach í 2016 a thugann deis dúinn imeachtaí 1916 a fhiosrú agus a thuiscint, chomh maith leis an méid a thit amach ina dhiaidh, a raibh bunú an stáit neamhspleáigh mar thoradh air.  Trí aitheantas a thabhairt dár stair, cruthaíonn muid bonn níos láidre do thodhchaí chomhroinnte atá níos beoga.  Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le Google, Éire 2016 agus na comhpháirtithe cultúrtha a tháinig le chéile chun an t-eispéireas uathúil seo ar líne a chruthú. Tá siad ag cur ar chumas chuile dhuine in Éirinn, an diaspóra agus daoine eile ar fud an domhain foghlaim faoi imeachtaí 1916 agus faoin 100 bliain atá imithe thart ó shin, agus ceiliúradh a dhéanamh ar an tír atá againn sa lá atá inniu ann.

Bhí an méid seo le rá ag Ronan Harris, Leas-Uachtarán agus Ceannasaí Google Ireland:

Is bliain shuntasach d’Éirinn í 2016, mar go mbeifear ag comóradh an méid a thit amach sa bhliain 1916, as ar eascair bunú na tíre mar atá sí inniu. Don chomóradh, d’oibrigh muid le comhpháirtithe agus staraithe chun cabhrú le daoine in Éirinn agus ar fud an domhain na daoine, na himeachtaí, na háiteanna agus na nithe a chuaigh i bhfeidhm ar na himeachtaí cinniúnacha sin a scrúdú agus a phlé agus tuilleadh a fhoghlaim fúthu. Tá sé mar aidhm ag Google rochtain a thabhairt do gach duine ar an eolas, an cultúr agus na heispéiris is fearr trí theicneolaíocht agus leis an turas seo tugtar bealach do dhaoine taithí a fháil ar an saol a bhí in Éirinn 100 bliain ó shin.

Chuir an tAire Heather Humphreys, lena chuid cainte:

Ba iarracht an-chomhoibríoch Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, agus mar sin bhí lúcháir orm go raibh muid in ann oibriú le Google chun an turas stairiúil comhoibríoch iontach seo a chur ar fáil. Cuireadh borradh mór faoin tionscadal nuair a tháinig Colin Farrell isteach; mar gheall ar a cháil idirnáisiúnta níl aon amhras ach go spreagfar daoine as gach cearn den domhan chun ceann de na tréimhsí is tábhachtaí i stair na hÉireann a fhiosrú ar líne ar bhealach spreagúil idirghníomhach. Trí ábhar ónár bhForais Chultúrtha a chur ar fáil ar Institiúid Chultúrtha Google, cuirfear ár stair i láthair lucht féachana domhanda ollmhór. Is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine in Google a thug a gcuid saineolais chun an tionscadal spreagúil seo a chur i gcrích.

Dúirt Colin Farrell, Aisteoir:

Mar gheall go mbím ag taisteal agus ag obair ar fud na cruinne, ní bhím sa bhaile in Éirinn rómhinic agus mar sin is mór agam aon seans chun teacht abhaile, fiú go fíorúil.  Do dhaoine a tógadh i mBaile Átha Cliath, is cuid thábhachtach dár scolaíocht agus dár gcultúr iad imeachtaí 1916 agus tá áthas orm anois go bhféadfaidh duine ar bith ar fud an domhain tuilleadh a fhoghlaim faoi na himeachtaí agus faoin tionchar a bhí acu ar Éire an lae inniu gan le déanamh ach a bhfón nó a ríomhaire a úsáid.

Beidh an chuid is mó de na déantúsáin atá mar chuid den turas ar fáil freisin i dtaispeántais fhíorúla lena bhfiosrú ar   Institiúid Chultúrtha Google. Inseofar sna taispeántais scéalta na ndaoine a bhí páirteach san Éirí Amach, idir na reibiliúnaigh ban i gCumann na mBan, na teachtairí a d’iompair eolas ar fud na cathrach, bhaill d’fhórsaí na Breataine in Éirinn, agus cheannairí an Éirí Amach.

Tá sé mar aidhm ag Institiúid Chultúrtha Google, atá i gcomhpháirtíocht leis na céadta músaem, gailearaí ealaíne agus cartlann ar fud na cruinne, ábhar cultúrtha tábhachtach a chur ar fáil do chách, agus an t-ábhar sin a chaomhnú chun glúine amach anseo a chur ar an eolas agus a spreagadh agus oideachas a chur orthu.

Is féidir teacht ar Thuras Dublin Rising 1916-2016 ag: https://dublinrising.withgoogle.com/welcome/