Foilsithe ar 

Éire curtha ar Shrianta Leibhéal 5 den Phlean chun Maireachtáil le COVID-19 – le roinnt oiriúintí sonracha Ó Roinn an Taoisigh Foilsithe 22 Nollag 2020 An t-eolas is déanaí 

Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas inniu go gcuirfear srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm go náisiúnta ó mheán oíche an 24 Nollaig.

Déanfar roinnt oiriúintí sonracha ar Leibhéal 5, agus, ina theannta sin, beidh roinnt socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm le linn thréimhse na Nollag.

Tá líon fachtóirí breithnithe ag an Rialtas agus an cinneadh sé á dhéanamh aige, lena n-áirítear an imní atá ar NPHET faoin ardú tapa atá tagtha ar líon na gcásanna COVID-19 le roinnt laethanta.

Áirítear orthu nádúr an chaidrimh shóisialta is dócha a tharlóidh i rith thréimhse na Nollag, agus go mbeidh tuilleadh meascadh ann idir daoine níos óige agus níos sine, agus an baol go bhféadfadh sin ráig ionfhabhtaithe a mbeidh baol níos mó ag baint léi d'aoiseanna áirithe.

Tá na tionchair eacnamaíochta agus shóisialta a bhaineann le srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach breithnithe ag an Rialtas chomh maith. Íocfar an ráta dúbailte maidir le Scéim Tacaíochta Shrianta Covid (CRSS) ar feadh coicíse le gnólachtaí a bhfuil tionchar ollmhór ag na srianta orthu.

Ina theannta sin, beidh na gnólachtaí sin ábalta leas a bhaint as faoiseamh rátaí tráchtála don chéad trí mhí den bliain 2021.

Tá an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) ar fáil chomh maith chun cuidiú le daoine a choinneáil i bpoist, chomh maith le socruithe stórais cánach fhairsinge, rátaí cánach íslithe, an scéim caith agus fan, réimse d'iasachtaí costais íslithe, deontais agus scéimeanna dearbháin. Ina theannta sin, leanfar den Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime COVID-19 suas le €350 sa seachtain a chur ar fáil do gach fostaí agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil a bpost caillte acu mar gheall ar an bpaindéim.

Is iad seo a leanas na hoiriúintí ar Leibhéal 5

-Is féidir le miondíolachán nach bhfuil riachtanach fanacht oscailte.

-Iarrfar ar an earnáil miondíola sladmhargaí mhí Eanáir a chur siar. is féidir le hionaid aclaíochta, ionaid fóillíochta agus linnte snámha fanacht oscailte do thraenáil aonair amháin.

-Ní féidir le hóstáin ach a bheith oscailte do chúiseanna bunriachtanacha nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta seachas do chuairteoirí a bhfuil áirithint déanta cheana acu agus a bheidh ag seiceáil isteach suas go dtí an 26 Nollaig agus an lá sin san áireamh.

-Ní mór duit fanacht i do chontae féin (seachas laistigh de 5km de do theach) ach amháin sa chás is gur ar mhaithe le cúrsaí oibre, oideachais nó ar chúiseanna riachtanacha eile é. Is féidir leanúint de thraenáil neamhtheagmhála a reáchtáil i ngrúpaí suas le 15 duine amuigh faoin aer.

-Níor chóir aon chluichí/imeachtaí a bheith ar siúl ach amháin spóirt ghairmiúla agus scothspóirt, rásaíocht chapall, rásaíocht chon agus imeachtaí eachaíochta atá ceadaithe, agus iad ar fad ag tarlú gan aon lucht tacaíochta. Is féidir leanúint le galf agus leadóg laistigh den chontae.

Is iad seo a leanas na socruithe idirthréimhseacha do thréimhse na Nollag:

Fáilteachas

Ón 3pm ar an 24 Nollaig

-Dúnfaidh bialanna agus tithe tábhairne atá ag feidhmiú mar bhialanna.

-Ní féidir le hóstáin ach bia agus seirbhís bheáir a chur ar fáil ach do dhaoine atá ag fanacht iontu ina dhiaidh sin.

Teacht le chéile Sóisialta/Teaghlaigh(*)

Suas go dtí an 26 Nollaig agus an dáta sin san áireamh

-Beidh cead ag suas le 2 theaghlach teacht ar cuairt

-Suas go dtí an 31 Nollaig agus an dáta sin san áireamh

-Beidh cead ag teaghlach amháin eile teacht ar cuairt

Ón 1 Eanáir

-Ní cheadófar cuairteoirí chuig tithe/gairdíní príobháideacha (seachas cuairt ar chuspóirí riachtanacha teaghlaigh ar nós aire a thabhairt do ghasúir, do sheandaoine no do dhaoine leochaileacha, nó mar chuid de bholgán tacaíochta).

Taisteal

-Beidh cead taisteal taobh amuigh de do chontae féin suas go dtí an 26 Nollaig agus an dáta sin san áireamh. Beidh cead ag daoine nach bhfuil ina ngnátháit cónaithe i ndiaidh na tréimhse sin filleadh arís ar an áit ina mbíonn gnáthchónaí orthu.

Seirbhísí Eaglasta

-Beidh cead seirbhísí eaglasta Nollag a reáchtáil, agus cuirfear ar líne iad i ndiaidh an 25 Nollaig. Beidh cead ag áiteanna adhartha fanacht oscailte do ghuí phríobháideach.

Sochraidí

-Suas le 10 gcaointeoir a bheidh ceadaithe ag sochraidí.

Bainiseacha

-Suas go dtí an 2 Eanáir 2020 agus an dáta sin san áireamh

-Is féidir le suas le 25 duine freastal ar bhainis.

Ón 3 Eanáir

-Is féidir le suas le 6 duine freastal ar bhainis.

-Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas chomh maith gur chóir go bhfanfadh na srianta reatha maidir le taisteal ón mBreatain go hÉirinn fanacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig ar a laghad, ach go ndéanfar athbhreithniú seasta orthu i bhfianaise eolas agus cúinsí a bheadh ag teacht chun cinn. 

Nóta d’Eagarthóirí:

Teacht le chéile Sóisialta/Teaghlaigh

(*)Dóibh sin atá i mbolgán tacaíochta, is ionann an bolgán agus teaghlach amháin.

Srianta Leibhéal 5

-Suas le 6 aoi a bheidh ceadaithe ag bainiseacha.

-Suas le 10 gcaointeoir a bheidh ceadaithe ag sochraidí.

-Beidh seirbhísí reiligiúnacha ar fáil ar líne, cé gur féidir le hionaid adhartha a bheith oscailte ar mhaithe le guí phríobháideach a dhéanamh.

-Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe taobh istigh ná faoin aer. Níl aon chluichí ná imeachtaí spóirt ceadaithe, le heisceachtaí ann maidir le spóirt ghairmiúla, scothspóirt agus rásaíocht chapall agus rásaíocht chon gan aon lucht féachana i láthair.

-Is féidir le traenáil gan teagmháil a reáchtáil taobh amuigh i bpóid de 15 duine Ní cheadaítear traenáil aonair taobh istigh. Ní cheadaítear ranganna aclaíochta ná ranganna damhsa taobh istigh.

-Tá óstáin, tithe lóistín agus B&Banna oscailte do dhaoine a bhfuil cúis riachtanach acu le lóistín acu nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta.

-Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta.

-Ní mór do sheirbhísí pearsanta dúnadh.

-Ba chóir do dhaoine obair ón mbaile murar obair bhunriachtanach maidir le cúrsaí sláinte, coimirce sóisialta nó seirbhís bhunriachtanach eile atá i gceist agus nach féidir í a dhéanamh ón mbaile. -

-Ba chóir teorainn 25% a chur i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí. Fanfaidh ionaid spraoi faoin aer, réimsí spraoi agus páirceanna oscailte.

-Cuairteanna ar ICCF: ar fionraí, ach amháin más cuairteanna riachtanacha iad ar chúiseanna comhbhá.

-Fanfaidh seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí luathfhoghlama agus scoileanna ar oscailt.

-Ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha

-Beidh iarsmalanna, dánlanna leabharlanna agus ionaid eile cultúir dúnta.

Tacaíochtaí do Ghnólachtaí

-Scéim Tacaíochta Shrianta Covid (CRSS) trína gcuirtear tacaíochtaí ar fáil do ghnólachtaí a cuireadh isteach go mór orthu mar gheall ar na srianta sláinte poiblí; beidh gnólachtaí incháilithe i dteideal íocaíocht sheachtainiúil suas le €5000 ar a mhéad; tá íocaíochtaí ar fiú €114m iad ar fad íoctha le 15,600 áitreabh gnó faoin CRSS.

-Chomh maith leis sin, mar a d'fhógair an Rialtas roimhe seo, gheobhaidh gnólachtaí a bhaineann leas as CRSS íocaíocht dhúbailte suas le €5000 ar a mhéad sna seachtainí idir an 29 Nollaig agus an 4 Eanáir agus má bhíonn na srianta i bhfeidhm ar feadh trí seachtainí nó níos mó, beidh na gnólachtaí a fhaigheann CRSS i dteideal íocaíocht bhreise atosaithe nuair a osclaíonn siad arís agus deireadh tagtha leis na srianta.

-Beidh feidhm ag faoiseamh rátaí tráchtála sna hearnálacha a raibh tionchar orthu don chéad trí mhí de 2021.

-Tá €1.2bn i dtacaíocht curtha ar fáil go dtí seo faoin Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS), a chuireann tacaíocht ar fiú €350 in aghaidh na seachtaine í ar fáil don fhostóir incháilithe chun cuidiú leo daoine a choinneáil ina gcuid poist, a tugadh isteach in áit na Scéime Fóirdheontais Shealadaigh Pá, trínar cuireadh tacaíocht arbh fhiú €2.5bn í ar fáil idir Márta agus Lúnasa.

-I measc na dtacaíochtaí eile tá socruithe stórais cánach fhairsinge; rátaí cánach íslithe, ag an ngnáthráta agus ag ráta níos ísle do na hearnálacha fáilteachais agus turasóireachta araon; an scéim caith agus fan; réimse d'iasachtaí costais íslithe, deontais agus scéimeanna dearbháin, mar Scéim Ráthaíochta Creidmheasa €2 bhilliún COVID-19, Iasachtaí Gnó COVID-19 ó Mhicrea-Airgeadas Éireann, an Ciste Fiontar Cothaitheach agus Dearbháin le haghaidh Trádáil ar Líne.

-Ina theannta sin, leanfar den Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime COVID-19 suas le €350 sa seachtain a chur ar fáil do gach fostaí agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil a bpost caillte acu mar gheall ar an bpaindéim.