Foilsithe ar 

COMÓRTAS BHAILTE SLACHTMHARA 2017 SUPERVALU Á SHEOLADH

Táthar ag glacadh le hiarratais ar chomórtas Bhailte Slachtmhara 2017 SuperValu ón lá inniu, an 5 Aibreán 2017. Is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a riarann comórtas na mBailte Slachtmhara, atá ar an bhfód le 59 mbliana agus a fhaigheann urraíocht ó SuperValu. Ó bunaíodh é tá an comórtas ag spreagadh gníomhaíocht dheonach agus rannpháirtíocht phobail ar fud na tíre. Chabhraigh sé áiteanna níos fearr agus níos mealltaí a dhéanamh dár sráidbhailte, bailte agus cathracha le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu agus le gnó a dhéanamh iontu.

Agus é ag tagairt don chomórtas, dúirt an tAire um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring, T.D.: “Tá comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu bunaithe ar an obair dheonach a dhéanann gnáthdhaoine ar fud na hÉireann. Is toradh ar an iarracht neamhleithleasach sin é. Comórtas é a thugann comharsana le chéile, a bhfuil na luachanna céanna acu agus suim acu sna rudaí céanna, lena dtimpeallacht a fheabhsú. Is féidir le beagnach gach ball den phobal páirt a ghlacadh i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, is cuma a n-aois, a gcumas nó a leasa. Mar thoradh ar pháirt a ghlacadh sa chomórtas méadaítear feasacht ar an gcomhshaol; spreagtar pobail le machnamh a dhéanamh ar an mbealach ina maireann siad, an úsáid a bhaineann siad as acmhainní agus iarracht a dhéanamh chun geilleagar ciorclach a chruthú le dramhaíl a íoslaghdú. Tá dualgas orainn go léir machnamh a dhéanamh ar an éifeacht atá ag an mbealach ina maireann muid ar dhaoine eile.”

Luaigh an tAire Ring freisin suntas na hiarrachta deonaí a spreagann an comórtas. “Tá glúine d’oibrithe deonacha ar choistí Bhailte Slachtmhara ag cur feabhas ar an timpeallacht ina bhfuil cónaí orainn le 59 mbliana anuas agus chabhraigh siad cuma níos fearr a chur ar ár mbailte agus sráidbhailte agus íomhá na hÉireann thar lear a chur chun cinn. Tá bród ar oibrithe deonacha uile na mBailte Slachtmhara as a n-áit féin; is mian leo an áit is fearr is féidir a dhéanamh di. Is mian leo athrú dearfach a bhaint amach, ní hamháin don am i láthair, ach do na glúine atá le teacht. Molaim do phobail leanúint leo ag earcú oibrithe deonacha nua ar www.volunteer.ie, suíomh gréasáin Obair Dheonach Éireann, lena ndéantar baill den phobal a bhfuil suim acu in obair dheonach a chur ar an eolas faoi dheiseanna ina gceantair féin. Ba cheart do choistí Bhailte Slachtmhara leas a bhaint as an tionscnamh seo le hoibrithe deonacha nua nó saintaithí a lorg. Tá traidisiún uasal in Éirinn as obair dheonach agus mar sin is iontach an rud é go bhfuil Sligeach ainmnithe mar Chathair Eorpach na hOibre Deonaí 2017. Tá a fhios agam go mbeidh ról mór acu i dtaobh aitheantas a thabhairt do na hoibrithe deonacha atá ann faoi láthair agus feasacht a mhéadú ar dheiseanna oibre deonaí.”

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta, SuperValu: "Tá comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ar an bhfód le 26 bliana agus tá ár n-urraíocht ar cheann de na tréimhsí urraíochta is faide in Éirinn. Is cúis mhór bróid dúinn bheith gaolta leis. Déanann comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu iarrachtaí phobail ó cheann ceann na tíre a cheiliúradh, pobail a oibríonn go dian, bliain i ndiaidh bliana, lena mbailte agus sráidbhailte a fheabhsú. Agus an comórtas ag fás leis, tá SuperValu ag tnúth le leanúint lena urraíocht, tar éis dúinn bheith deimhnithe le déanaí mar urraitheoir an chomórtais do na cúig bliana amach romhainn.”

Is príomh-mhiondíoltóir na hÉireann é SuperValu, le siopaí faoi úinéireacht áitiúil i ngach contae sa tír, agus tá ár miondíoltóirí fite fuaite ina bpobail áitiúla. Trí chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, léiríonn siad éiteas SuperValu maidir le pobail bheoga áitiúla a thógáil gach lá - ceann amháin de na tionscnaimh phobail a ligeann dóibh an comhar a íoc agus tacú le cúrsaí áitiúla.”

“Táimid ag súil go mór le sraith eile a chur le comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu le dúshlán grianghrafadóireachta uaschúrsála lena ndéantar baill de choistí Bhailte Slachtmhara a spreagadh le hábhair uaschúrsáilte a fhí ina bpobail álainne, agus beidh miondíoltóirí áitiúla SuperValu ar fud na tíre ag tacú lena n-iarrachtaí.”

Ghlac an tAire buíochas le SuperValu as a dtacaíocht leanúnach i dtaobh urraíocht a chur ar fáil don chomórtas. “Tar éis phróiseas iomaíoch in 2016 tá lúcháir orm go bhfuil SuperValu deimhnithe anois mar urraitheoirí an chomórtais do na chéad 5 bliana atá amach romhainn. Tógann seo ar 25 bliana de ghaol idir SuperValu agus an comórtas. Chabhraigh siad an comórtas a fhás trína n-urraíocht agus trí pháirt a ghlacadh go háitiúil trí líonra náisiúnta a miondíoltóirí. Tá oifigigh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, a riarann an comórtas, ag súil go mór le leanúint leis an gcaidreamh sineirgisteach seo. Gabhaim buíochas le SuperValu as a n-iarrachtaí leanúnacha chun rath an chomórtais seo a chothabháil.”

I dteanna an phríomhchomórtais, is féidir páirt a ghlacadh i dtrí Ghradam Speisialta freisin. Ag cur fáilte roimh na ngradaim seo dúirt an tAire Ring “Gabhaim buíochas freisin le hurraitheoirí na ngradam seo as a dtacaíocht thar na blianta. Tá roinnt mhaith de na hurraitheoirí dílis don chomórtas le roinnt blianta anuas agus tá an dúil sna gradaim chomh mór is a bhí riamh. Cuireann na gradaim seo go mór le comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus ba mhaith liom iarratasóirí a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar chuid de na comórtais sin chomh maith leis an bpríomhchomórtas.”

I mbliana táthar ag iarraidh ar bhailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann cultúr glas Bhailte Slachtmhara SuperValu a fhás tuilleadh trí chomórtas nua - an Dúshlán Uaschúrsála. Tabharfar cuireadh do choistí Bhailte Slachtmhara úsáid a bhaint as a scileanna cruthaitheacha chun earraí ar nós phailéid, sean-bhoinn agus sean-troscán a uaschúrsáil agus a athchúrsáil agus nithe úsáideacha álainne a dhéanamh díobh don phobal. Cuirfidh miondíoltóirí áitiúla de chuid SuperValu ábhair ar fáil do choistí chun tacú lena gcuid oibre, agus beidh sraith físeán maidir le “Conas Uaschúrsáil a Dhéanamh” ar fáil ar líne, le go leor leor duaiseanna do na buaiteoirí.

Is é an 25 Bealtaine 2017 an spriocdháta le hiarratais ar chomórtais na bliana seo a fháil. Is féidir foirmeacha iontrála do chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu a fháil ó Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta - Guthán (096-24309) nó ag www.tidytowns.iewww.supervalu.ie. Le hiarratas a dhéanamh ar na Comórtais Speisialta, íoslódáil d'fhoirm iontrála ag www.tidytowns.iewww.supervalu.ie. ion.