Foilsithe ar 

Na Sceirí an Baile is Slachtmhaire do 2016

Is é Na Sceirí, Co Bhaile Átha Cliath, an baile is slachtmhaire in Éirinn in 2016. Ainmníodh na Sceirí inniu (26ú Meán Fómhair) ar an mbaile is slachtmhaire as an 859 baile agus sráidbhaile ar fud na tíre a rinne iarratas ar chomórtas Bhailte Slachtmhara Náisiúnta SuperValu na bliana seo. Bhí an-cheiliúradh sa Helix i mBaile Átha Cliath nuair a rinneadh an fógra inniu ag searmanas na ngradam.

I láthair chun na duaiseanna a bhronnadh bhí an tUasal Michael Ring T.D., an tAire um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, agus an tUasal Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, urraitheoir an chomórtais don 25ú bliain. Bhí an Helix lán go doras le hionadaithe ó ghrúpaí na mBailte Slachtmhara ó áiteanna ar fud na tíre a bhí ar bís go bhfógrófaí na buaiteoirí.


Ba é Cnocán an Éin Fhinn, Co. Thiobraid Árann, a bhain an gradam as an Sráidbhaile is Slachtmhaire in Éirinn. I measc na mbuaiteoirí eile bhí Lios Tuathail, Co Chiarraí, a fuair an gradam don Bhaile Beag is Slachtmhaire in Éirinn don dara bliain as a chéile, bhain na Sceirí an gradam freisin don Bhaile Mór is Slachtmhaire in Éirinn agus bhain Inis, Co. an Chláir, an gradam don Lárionad Uirbeach is Slachtmhaire in Éirinn.

Ag labhairt dó i ndiaidh searmanas na ngradam, dúirt an tAire Ring: “Éacht é seo atá bainte amach ag na Sceirí; tá sé tuillte go maith acu. Is í seo an chéad uair a bhfuil an duais mhór bainte amach acu. Chuir na Sceirí isteach ar an gcomórtas i dtosach i 1959 agus is léargas é a mbua inniu ar an ardchaighdeán atá bainte amach acu go seasta sa chomórtas ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Is aitheantas an gradam seo, a bhfuil an-tóir air, do bhaile a ghlacann go fonnmhar le gach gné de Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, a chothaíonn naisc láidre pobail agus a dtagann forbairt air bliain i ndiaidh bliana. Déanaim comhghairdeas mar sin leis na Sceirí agus leis na buaiteoirí fiúntacha ar fad a fógraíodh inniu. Mar thoradh ar dhíograis na ndaoine ar fad a mbíonn baint acu leis na Bailte Slachtmhara, feicimid bailte agus sráidbhailte áille, a dtugtar an-aire dóibh, ar fud na tíre. Tá an bealach a mhaireann pobail i dteannta a chéile, an bealach a ndéanann siad iarracht gach duine a thabhairt le chéile agus an bealach a dtagann siad i dtír ar a gcumas agus a suimeanna, ag croílár mheon na mBailte Slachtmhara. Tá na Bailte Slachtmhara ar an tionscnamh comhshaoil is mó a bhfuil aithne air in Éirinn, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis. Cuimsíonn sé modh maireachtála anseo in Éirinn, áit a gcaithimid ár saol ag léiriú measa ar ár gcomharsana agus ar an dúlra. Tá sé soiléir go méadaítear mórtas áite na ndaoine nuair a oibrímid le chéile agus nuair a fhaighimid rudaí déanta agus bíonn pobail bheoga againn dá bharr sin. Is é seo an fáth a bhfuil an-áthas orm go bhfuil suim mhór i gcónaí sa chomórtas seo, fiú agus é 58 bliain ar an bhfód.”

Ghabh an tAire buíochas freisin le SuperValu, urraitheoir an chomórtais. Lean sé lena chuid cainte ag rá: “Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas seo le 25 bliain anois agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a dtacaíocht iontach sa tréimhse sin. Bhí SuperValu lárnach i gcothú agus i bhforbairt an chomórtais, ní amháin trína n-urraíocht airgeadais ach freisin tríd an tacaíocht a chuireann a líonra de mhiondíoltóirí áitiúla ar fáil do ghrúpaí áitiúla na mBailte Slachtmhara.”

Dúirt Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta, SuperValu: “Is í seo an 25ú bliain go bhfuilimid ag déanamh urraíochta ar chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus táimid thar a bheith bródúil as an bpáirt atá againn le fada sa tionscnamh tábhachtach seo. Déanann comórtas na mBailte Slachtmhara ceiliúradh ar iarrachtaí na bpobal fud fad na tíre, agus bliain i ndiaidh bliana feicimid cumhacht iontach na n-oibrithe deonacha áitiúla a thagann le chéile chun feabhas a chur ar a gcuid bailte agus sráidbhailte. Tá an comórtas ag fás i gcónaí agus is mór an inspioráid é díocas dochloíte na ndaoine, idir óg agus sean, a thugann a gcuid ama ar mhaithe le cur chun cinn a bpobail.

“Mar phríomh-mhiondíoltóir pobail na hÉireann, le siopaí SuperValu atá faoi úinéireacht áitiúil i ngach contae sa tír, tá miondíoltóirí s’againne fite fuaite ina bpobail áitiúla. Trí chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, cuireann ár miondíoltóirí beocht go laethúil in éiteas SuperValu maidir le pobail bheoga áitiúla a chothú - agus níl anseo ach ceann de mhórán tionscnamh pobail a thugann deis dóibh rud éigin a thabhairt ar ais agus tacaíocht a chur ar fáil go háitiúil.

“Tá ríméad orm comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2016 agus aitheantas a thabhairt do dhíograis choistí na mBailte Slachtmhara ar fad ar fud na tíre a dhéanann difríocht mhór i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann. Chomh maith leis sin, i mbliana is cúis áthais dúinn gnéithe idirghlúine agus idirchultúrtha choistí na mBailte Slachtmhara a aithint agus a chúiteamh trí Ghradam Óige SuperValu agus trí Ghradam Éagsúlachta SuperValu. Léiríonn na gradaim seo cumas forbartha an chomórtais agus a chumas gach aoisghrúpa a mhealladh agus gach cultúr inár bpobail chur san áireamh.”

Tá suim mhór i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu le blianta beaga anuas agus fuarthas os cionn 800 n-iarratas gach bliain le cúig bliana anuas.

Is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a eagraíonn comórtas na mBailte Slachtmhara le hurraíocht ó SuperValu. Tá comórtas na mBailte Slachtmhara ag fáil urraíocht ó SuperValu ó 1992.

Tá sonraí iomlána bhuaiteoirí na bliana seo ar fáil ag www.tidytowns.ie agus ag www.supervalu.ie