Foilsithe ar 

Seolann an tAire Eoghan Ó Murchú comhairliúcháin poiblí ar an gceathrú dréacht-Chlár Gníomhaíochta maidir le Níotráití - Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnú Cuí

D’fhógair an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an tUasal Eoghan Ó Murchú T.D., inniu (27 Meán Fómhair) tús le comahirliúcháin poiblí ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus ar an Measúnú Cuí a ullmhaíodh don cheathrú dréacht-Chlár Gníomhaíochta maidir le Níotráití .

I gcomhréir leis an Treoir um Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) 2001/42/EC, mar atá sé trasuithe sa dlí in Éirinn, tá tuarascáil comhshaoil MST agus athchoimre neamhtheicniúil ullmhaithe maidir leis na héifeachtaí comhshaoil ar dhócha iad a theacht as an dréacht-Chlár a chur i bhfeidhm. Freisin, tá Ráiteas Tionchair Natura ullmhaithe ar mhaithe le fáil amach an mbeadh tionchar suntasach ag an dréacht-Chlár ar aon suíomh ainmnithe le haghaidh caomhnú mar chuid de líonra Natura 2000.

Agus é ag seoladh an comhairliúcháin poiblí seo, dúirt an tAire Ó Murchú “is eochairthosaíocht náisiúnta í cáilíocht usice a chosaint agus a chaomhnú agus tá ról tábhachtach ag Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití na hÉireann ann seo. Tugann an t-athbhreithniú ar an gClár deis dúinn cinntiú go bhfuil an Clár ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir maidir leis seo”.

Is céim thábhachtach í an t-athbhreithniú seo in ullmhúcháin na rialacháin a bhéas taobh thiar de cheathrú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití a bheidh i bhfeidhm idir 2018 agus 2021.

Is féidir dréacht-chóip den cheathrú Clár Gníomhaíochta maidir le Níotráití a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne ag www.housing.gov.ie nó is féidir é a scrúdú ag oifigí na Roinne le linn na huaireanta oifige, 9.30am go 5pm, Dé Luain go Dé hAoine. Is é an spriocdáta do fhreagraí maidir leis an gcomhairliúcháin seo ná 28 Samhain 2017 ag meán lae.