Foilsithe ar 

FOILSÍONN AN tAIRE O’SULLIVAN REACHTAÍOCHT CHUN AN DLÍ UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ A ATHCHÓIRIÚ

Cuimseoidh an Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú)(Uimh.2) 2012, atá foilsithe inniu (19 Iúil, 2012) ag an Aire Tithíochta & Pleanála, Jan O’Sullivan T.D.:

Tionóntachtaí san earnáil thithíochta dheonach agus chomhoibríoch atá is mó cosúil le tionóntachtaí san earnáil phríobháideach ar cíos a rialú de réir na hAchta

An ghníomhaireacht atá freagrach as rialú an chomhchaidrimh idir tiarnaí talún agus tionóntaí, an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (an PRTB) a athainmniú mar an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (an RTB)

Éifeacht fhoirmiúil a thabhairt don chumasc idir an Bínse Cíosa agus an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB)

Méid an Bhoird a laghdú, ó 15 ball go dtí 12 ball

Bearta chun úsáid idirghabhála a mhéadú mar mhodh chun díospóidí a réiteach

Dúirt an tAire O’Sullivan gur “athchóiriú suntasach ar an timpeallacht rialála do thiarnaí talún agus do thionóntaí san earnáil chónaithe phríobháideach” é an Bille seo agus thug sí le fios go bhfuil sí ag súil le tabhairt faoi ceisteanna móra polasaithe eile, ar a bhfuil gníomhaíocht tiomnaithe aici, le linn dul chun cinn an Bhille tríd an Oireachtais.

“Feabhsóidh an reachtaíocht seo arís ár gcóras rialála do thiarnaí talún agus tionóntaí. Tá fáilte faoi leith roimh na bearta chun cur le húsáid ar idirghabháil chun díospóidí a réiteach. Creidim go docht go dtugann idirghabháil bealach sciopaidh, éifeachtach do dhaoine atá sáinithe in díospóid ceisteanna a shocrú. Is forbairt mhór í freisin an síneadh ar an riachtanas clárúcháin chuig móramh na dtionóntachtaí san earnáil thithíocht dheonach. Is í seo an chéad chéim ar an mbóthar chuig córas reachtúil rialála don earnáil sin sna blianta atá romhainn. Tabharfaidh é seo trédhearcacht agus cuntasacht chuig an earnáil thábhachtach seo atá ag comhlíonadh ról níos gníomhaí ó thaobh tithíocht shóisialta a sholáthar de”, arsa an tAire O’Sullivan.

Tiomnaíonn an Clár Rialtais do scéim cosanta éarlaise a chruthú ar mhaithe le díriú isteach ar choinneáil mhídhleathach ar éarlaisí tionóntaí. Tá an tAire ag fanacht ar thorthaí taighde, i bhFómhar 2012, atá coimisiúnaithe ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (an PRTB) ar an ábhar seo agus machnóidh sí ansin conas is fearr tabhairt faoi na torthaí sin i gcomhthéacs an Bhille seo.

Tá an tAire meáite freisin ar aghaidh a thabhairt ar neamhíocaíocht ar chíos ag tionóntaí a fhanann in situ agus dheimhnigh sí go bhfuiltear faoi láthair ag ullmhú leasú chun tabhairt faoi é seo, leasú a bhéas réidh nuair a bronntar an Bille ar an Oireachtas.

Rachfaidh an Bille anois os comhair na Dála agus an tSeanaid, i bhFómhar 2012, agus tá sé ar fáil go poiblí ar shuíomh idirlíne an Oireachtais www.oireachtas.ie