Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh thorthaí an daonáirimh 2011 ar chainteoirí Gaeilge

Chuir an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., fáilte roimh na staitisticí ar chainteoirí Gaeilge a foilsíodh inniu (29 Márta 2012) mar chuid de thorthaí Dhaonáirimh 2011.

Léiríonn na staitisticí go raibh 1.77 milliún duine in aois 3 bliana agus níos mó ábalta Gaeilge a labhairt sa bhliain 2011 i gcomparáid le 1.66 milliún duine sa bhliain 2006 agus gur tháinig méadú 7.1% idir 2006 agus 2011 ar líon iomlán na ndaoine a dúirt go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt.

"Tá mé sásta go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a dúirt go bhfuil siad ábalta Gaeilge a labhairt. Is forbairt dhearfach í seo maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030," a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich.

Maidir le ceantair Ghaeltachta, léiríonn na staitisticí gur tháinig méadú 5.2% ar dhaonra iomlán na Gaeltachta ó 91,862 sa bhliain 2006 go 96,628 sa bhliain 2011. Cé gur tháinig laghdú 2.3% ar líon iomlán na gcainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta idir 2006 agus 2011, tháinig méadú 2.9% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ó 2006.

"Is dea-scéal é an méadú atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gceantair Ghaeltachta, ach go háirithe ós rud é go bhfuil an sprioc de 25% le baint amach sa réimse seo thar shaolré na Straitéise," a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich. 

Nóta d'eagarthóirí:

Áirítear na spriocanna seo a leanas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

· an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú go 250,000 duine agus

· an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25%.

CRÍOCH