Foilsithe ar 

5 Bhláth bainte amach ag Leitir Ceanainn i gComórtas Idirnáisiúnta Communities in Bloom

Ar an 29 Deireadh Fómhair 2016 rinneadh Searmanais Bhronnta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta an 22ú Comórtas Communities in Bloom a reáchtáil i Regina, Saskatchewan, Ceanada chun onóir a thabhairt do bhardais ar fud Cheanada, na Stáit Aontaithe, Sasana, Tuaisceart Éireann, Éire, an Chróit agus an Iodáil.

Bronnadh rátáil 5 Bhláth ar Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall i gcatagóir Idirnáisiúnta an Bhaile Mhóir agus bronnadh an Gradam Idirnáisiúnta do Rannpháirtíocht an Phobail air. Bhain Leitir Ceanainn an dara háit amach freisin i ndiaidh Brandon i Manitoba, Ceanada do Ghradam Idirnáisiúnta na hÓige. 

 

Ag labhairt dó inniu, dúirt Michael Ring TD, an tAire um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach: “Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le muintir Leitir Ceanainn as an méid atá bainte amach acu i gComórtas Idirnáisiúnta Communities in Bloom. Tógáil croí é obair Choiste Bailte Slachtmhara an bhaile a fheiceáil agus aitheantas á thabhairt don phobal áitiúil go léir ar ardán idirnáisiúnta. Guím gach rath orthu amach anseo i gcomórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta.”  

 

I mí Iúil agus mí Lúnasa, thaistil moltóirí deonacha oilte chuig pobail rannpháirtíocha le measúnú a dhéanamh ar an méid a bhí déanta san iomlán ag comhairlí agus ranna bardais, tionscal, gnóthais agus an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear obair dheonach, i dtaca leis na critéir seo a leanas: Slacht, Gníomhaíocht Chomhshaoil, Caomhnú Oidhreachta, Foraoiseacht Uirbeach, Trídhreach agus Taispeántais Bláthanna.        Tar éis dóibh a measúnú a dhéanamh, scríobh na moltóirí deonacha, Odette Sabourin-Dumais agus Piet Boersma an méid seo: “Is ceannródaí sa phobal é Coiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn i ngeall le glaineacht, feasacht chomhshaoil agus caomhnú oidhreachta. Cuimsíonn an Coiste 15 ball gníomhacha agus 60 cumann áitritheoirí, le freagracht ar gach ceann as a gceantair féin i dtaca le féar a ghearradh, plandáil a dhéanamh agus luifearnach agus bruscar a choinneáil faoi smacht. Tá an caidreamh idir lucht gnó, rialtas áitiúil, scoileanna agus cónaitheoirí, iad go léir ag obair le chéile, ar cheann de na cúiseanna gur bhain siad "An Baile is Slachtmhara in Éirinn 2015.” Tá tuiscint mhaith ag an ngrúpa spreagúil ar a bpobal féin agus oibríonn siad go dian leis an gcaighdeán maireachtála a fheabhsú.

 

Meallann Slí an Atlantaigh Fhiáin tuilleadh daoine go tuaisceart na hÉireann. Is smaoineamh den scoth é straitéis a chur i bhfeidhm chun nithe is díol spéise do thurasóirí a fhorbairt i lár an bhaile, ar nós Lána na hEaglaise agus Ceantar na hArdeaglaise, chun áit a raibh drochdhóigh air a athbheochan. Comhghairdeas leo siúd go léir a ghlac páirt sa tionscadal!

 

Chuaigh díocas agus obair iontach na foirne rialaithe bruscair i gcion go mór ar na moltóirí. Bhí an pobal gan locht i ngach áit dá ndeachaigh muid. Comhghairdeas! "