Foilsithe ar 

859 n-iontráil faighte le haghaidh Bhailte Slachtmhara SuperValu 2016

Bhí comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu chomh hiomaíoch i mbliana is a bhí riamh le 859 n-iontráil faighte in 2016. Tá oibrithe deonacha i bpobail ar fud na tíre i ndiaidh bheith an-ghnóthach ag feabhsú a gcathracha, a mbailte, a sráidbhailte agus an timpeallacht áitiúil agus beifear ag tnúth go mór le fógairt na mbuailteoirí ag searmanas náisiúnta na ngradam Dé Luain, an 26 Meán Fómhair in Amharclann an Helix i mBaile Átha Cliath.
Bíonn leibhéal ard suime sa chomórtas bliain i ndiaidh bliana, agus tagann sráidbhailte, bailte agus cathracha nua isteach ann chun páirt a ghlacadh leis na hiontrálaithe fadtéarmacha sa tionscnamh nualaíoch forásach seo. Le 58 mbliana anuas tá an comórtas ina ghné dhearfach den saol in Éirinn agus go fóill spreagann sé gnáthdhaoine chun teacht le chéile mar phobal le háit níos fearr a dhéanamh dá gceatar.
Tá ádh mór guite ag Michael Ring, T.D., an tAire um Fhorbairt Eanamaíoch Réigiúnach, ar na hiontrálaithe go léir sa chomórtas i mbliana:
“Baineann gach pobal a ghlacann páirt i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu tairbhe as. Tríd an gcomórtas tagann muintir na háite le chéile le gnóthais agus Údaráis Áitiúla lena mbaile féin a fheabhsú. Tá an iomaíocht idir na hiontrálaithe chomh láidir is a bhí riamh, díreach mar atá an tacaíocht agus an chomhairle a thugann na pobail dá chéile. Guím ádh mór ar na hiontrálaithe go léir sa chomórtas. Fiú mura bhfaighidh sibh aitheantas foirmiúil sa chomórtas, beidh do phobal níos fearr as mar gheall ar bhur gcuid oibre.”
Tá comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu á eagrú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá SuperValu ag tabhairt urraíocht don chomórtas go bródúil le 25 bliana anuas agus thacaigh siad le forbairt an chomórtais le linn na tréimhse sin trína líonra de shiopaí ar fud na tíre. Is féidir tuilleadh eolais faoi chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu a fháil ó Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn – Guthán (096 24309) nó ag www.tidytowns.ie.