Foilsithe ar 

Ábhar a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin pléite ag Cruinniú an Rialtais i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin Seán Kyne T.D. roimh phlé mionsonraithe an Rialtais maidir le hábhar a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin ag cruinniú an Rialtais i nGleann Cholm Cille, i nGaeltacht Thír Chonaill inniu.

 

Chuir an tAire Kyne, arna iarraidh ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., ceithre mheamram faoi bhráid an Rialtais lena dtabhairt ar aird, a thugann aghaidh ar na saincheisteanna tábhachtacha seo a leanas a bhaineann lena réimse freagrachta:

 

  • Chuir an tAire Kyne in iúl don chomh-aireacht go bhfuil sé chun Dréacht-Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Comhlachtaí Poiblí) 2003, 2019  a chur faoi bhráid na Dála agus Sheanad Éireann sula síneoidh na hAirí iomchuí ar fad iad. Maidir leis sin, dúirt an tAire Kyne:

 

“Tá na deacrachtaí atá ag daoine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Phoiblí trí mheán na Gaeilge, ach nár éirigh leo sin a dhéanamh, de bharr nár tugadh liosta na gcomhlachtaí poiblí atá ag teacht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuashonraithe ón mbliain 2006, tugtha ar aird go leanúnach ag an gCoimisinéir Teanga.  Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil dréacht-Rialacháin ullmhaithe, le cúnamh ó Oifig an Ard-Aighne, tar éis comhairliúchán fada le ranna Rialtais agus le comhlachtaí poiblí eile.  Cuirfidh na rialacháin sin ar ár gcumas liosta na gcomhlachtaí poiblí atá faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla a nuashonrú, trí thagairtí do chomhlachtaí poiblí a bhfuil deireadh tagtha leo nó atá dulta in éag ó rinneadh na Rialacháin in 2016 a scriosadh, agus trí chomhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi raon feidhme an Achta. Cuirfidh mé na dréacht-Rialacháin faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena gceadú ar fhilleadh dóibh".

 

"Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), thug mé an t-eolas is déanaí do mo chomhghleacaithe sa chomh-aireacht maidir leis an dul chun cinn suntasach atá déanta i ndréachtú an Bhille le roinnt míonna.  Tá an Bille casta agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis. Dá bhrí sin bhí gá le comhairliúchán suntasach a dhéanamh le comhlachtaí iomchuí san earnáil phoiblí le linn an phróisis dréachtaithe. Leantar den obair dhian agus tá mé ag tnúth le dul ar ais chuig an gcomh-aireacht san fhómhar le dréacht-Bhille lena fhoilsiú."

 

  • Chuir an tAire in iúl don Chomh-aireacht go bhfuil sé chun Coiste Idir-rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú, a mbeidh sé féin ina chathaoirleach air.

 

“Tá oidhreacht chultúrtha den scoth ag na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu", a dúirt an tAire Kyne, "agus is ceann de phríomhchuspóirí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é a chinntiú go bhfanfaidh pobail inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin. Tacaíonn an Rialtas, tríd an Roinn, le seirbhísí iompair agus bonneagar a chur ar fáil ionas go mbeidh teacht ar na hoileán amach ón gcósta. Cé go bhfuil réimse beartas, a forbraíodh ar bhonn ad hoc den chuid is mó, i bhfeidhm ar fud an Rialtais cheana féin, éilítear cur chuige uile-Rialtais le go mbainfidh pobail na n-oileán barr a gcumas amach. Is ar an gcúis sin a glacadh leis an gcéim thábhachtach seo inniu. Tá sé i gceist Beartas Trasrialtais Oileán agus Plean Gníomhaíochta a ghabhann leis a fhorbairt, a eascróidh as obair an choiste.  Beidh toradh na hoibre sin mar bhonn agus mar thaca, más gá, ag reachtaíocht chuí.  Tá ríméad orm gur chuir mé an togra sin os comhair na Comh-aireachta lena phlé mar is é seo an chéad uair ar tugadh faoi thionscadal dá leithéid, ó foilsíodh Tuarascáil deiridh an Choiste Idir-rannaigh maidir le Forbairt na nOileán i 1996.

 

  • Thug an tAire an t-eolas is déanaí maidir leis an bPróiseas reachtúil Pleanála Teanga sa Ghaeltacht don Chomh-aireacht agus rinne sé cur i láthair maidir le torthaí an athbhreithnithe a rinne a Roinn ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus maidir le Tuarascáil Thascfhórsa Uíbh Ráthach agus an Plean Gníomhaíochta 2019 - 2022 a sheol sé ag ócáid i gCathair Saidhbhín ag tús na seachtaine.

               

“D'fhoilsigh mo Roinnse a Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 an tráth seo anuraidh,” a dúirt an tAire Kyne. “Leagtar amach sa Phlean níos mó ná 180 gníomh ar leith atá le cur i bhfeidhm ag thart ar 60 páirtí leasmhar agus foilseofar an chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta san fhómhar, nuair a bheidh sí ceadaithe ag an Rialtas. Tá an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ar cheann de na príomhspreagthóirí a thacaíonn le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta.    Tá 15 de 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht ceadaithe go dtí seo faoi Acht na Gaeltachta 2012. Leithdháileadh maoiniú iomlán €3.2m ar mo Roinnse chun tacú le próiseas na bliana seo agus d'fhógair mé cúpla lá ó shin go gcuirfear leithdháileadh €1.7m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun tacú leis an bpróiseas sa bhliain reatha.  Tá an próiseas seo faoi lán seoil," a dúirt an tAire Stáit, "agus bhí mé an-sásta a chur in iúl don Rialtas inniu go bhfuil 9 nOifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta ceaptha i Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht."

 

  • Chuir an tAire an Rialtas ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an laghdú de réir a chéile ar an maolú ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre an Aontais Eorpaigh, nuair a chuir sé tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach faoi bhráid a chomhghleacaithe maidir le dul chun cinn institiúidí an Aontais, lenar ghlac an Coimisiún Eorpach an 4 Iúil. Maidir leis sin, thug an tAire le fios:

“Ar an iomlán, tá ábhar dearfach sa tuarascáil. Bhí ríméad orm achoimre a thabhairt don Chomh-aireacht maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ngach réimse den phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an maolú, mar thoradh ar obair leanúnach mo Roinnse, i gcomhar le hinstitiúidí an AE agus an earnáil tríú leibhéal in Éirinn.  Cuirtear deiseanna fostaíochta nua in Éirinn agus san Eoraip ar fáil do mhuintir na hÉireann le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Bhí 101 ball foirne Gaeilge ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh i mí Nollag na bliana seo caite.  Is postanna ard-oilte agus saineolacha iad, agus tá pá maith ag dul leo dá bharr sin." 

 

"Tá ról lárnach ag an nGaeilge i dtaobh naisc cultúir agus oidhreachta a dhéanamh, le diaspóra na hÉireann ar fud an domhain, áit a neartaíonn an Ghaeilge naisc leis an mbaile agus a gcoinníonn sí léirithe a bhaineann le féiniúlacht na Éireann ó ghlúin go glúin. Ag teacht le Straitéis Éire Dhomhanda 2015 an Rialtais, tá mo Roinnse i mbun réimse leathan oibre a bhaineann leis an nGaeilge atá dírithe ar an bPobal Domhanda seo. Cuireann an obair a dhéantar ag leibhéal an AE leis an straitéis mhóriomlán seo agus cuireann an teanga chun cinn mar phríomhghné d'fhéiniúlacht na hÉireann. Ba mhian liom aitheantas a thabhairt do thiomantas leanúnach na n-institiúidí maidir leis an maolú a thabhairt chun críche, mar a leagtar amach sa tuarascáil seo, agus tá mé ag tnúth go mór leis an obair leanúnach i gcomhar a bheidh ar siúl idir seo agus 2022."

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3909/ 3803 (díreach) Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie Twitter: @DeptAHG Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Dréacht-Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla  (Comhlachtaí Poiblí) 2003, 2019

Déantar foráil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 do chreat agus sásra ina bhfuil feabhsúcháin bheartaithe maidir le seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarmach le gur féidir oibleagáidí an Stáit a chomhlíonadh ar bhealach comhtháite agus go ndéantar dul chun cinn le himeacht aimsire i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil cheana féin.

Bhí na Rialacháin atá beartaithe ina n-ábhar do chomhairliúchán leanúnach le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte. Is é cuspóir na rialachán an chéad sceideal d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a nuashonrú trí chomhlachtaí poiblí a bhfuil deireadh tagtha leo nó atá dulta in éag ó rinneadh na Rialacháin in 2016, a scriosadh. Tabharfar comhlachtaí poiblí nua faoi raon feidhme an Achta leis na rialacháin sin. I roinnt mhaith cásanna, cuirfear na comhlachtaí poiblí nua seo in ionad comhlachtaí poiblí a bhí ann roimhe seo. 

Tá sé i gceist foráil a áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a éileoidh ar an Aire Cultúir, Oidhreacht agus Gaeltacht an Sceideal a ghabhann leis an Acht a nuashonrú ar a laghad, uair amháin gach dhá bhliain, tar éis é a achtú.

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú)

Is gné lárnach den Bhille an tslí ina n-earcaítear cainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí. D'fhonn eolas a dhéanamh don phróiseas, coimisiúnófar taighde a bheidh dírithe ar réimsí príomhthábhachta inter alia a aithint maidir le hoifigigh a bhfuil Gaeilge acu a earcú agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil.  Gné shuntasach eile a bhaineann leis an mBille os ea caighdeáin nua a thabhairt isteach i ngach earnáil rialtais in ionad chóras na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair, ina mbeifear ag súil go mbainfidh earnálacha caighdeáin níos airde amach trí chaidreamh níos mó a dhéanamh leis an bpobal.

Cuireadh moill ar dhréachtú an Bhille níos luaithe i mbliana de bharr gur tugadh tús áite do reachtaíocht a bhain leis an mBreatimeacht, nuair a bhíothas ag súil go bhféadfadh 'Breatimeacht gan ord gan eagar' a bheith ann agus go n-imeodh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach an 29 Márta 2019. Tá an Bille casta agus tá athbhreithniú bunúsach ar an gcur chuige maidir leis an nGaeilge san earnáil phoiblí a chosaint, a neartú agus a chothú ag baint leis. Dá bhrí sin, bhí gá le comhairliúchán suntasach a dhéanamh le comhlachtaí iomchuí san earnáil phoiblí le linn an phróisis dréachtaithe. Leanfar den obair dhian d'fhonn an Bille a fhoilsiú san fhómhar.

Coiste Idir-rannach maidir le Forbairt na nOileán

Aithnítear go sonrach faoin gCreat Náisiúnta Pleanála an tábhacht cultúir faoi leith a bhaineann le pobail ar oileáin, ina dtugtar ar aird go bhfuil siad sainiúil agus uathúil i gComhthéacs na hÉireann agus ina ndírítear aird ar an leochaileacht agus an scoiteacht a bhaineann leis an saol ar na hoileáin. Chomh maith leis sin, leagtar béim sa Chreat ar an tábhacht a bhaineann le rochtain shábháilte agus rialta a bheith ar na hoileáin trí bhíthin seirbhísí farantóireachta paisinéirí agus lastais, chomh maith le huasghrádú a rinneadh le gairid ar shaoráidí céibhe agus curtha i dtír, mar ghnéithe ríthábhachtacha chun tacú le hinbhuanaitheacht phobail na n-oileán.

 

Tugadh le fios in Athbhreithniú ar Sheirbhísí Farantóireachta Fóirdheonaithe chuig na hOileáin amach ón gCósta a chuir Seirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann i gcrích in 2018, gur tháinig feabhas ar na leibhéil fostaíochta agus ar leibhéal na gcuairteoirí a bhí ag teacht ar cuairt chuig na hoileáin agus go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh na hinbhuanaitheachta de amach anseo go dtapófar an deis atá ann feabhas a chur ar ar a bhfuil ar fáil do thurasóirí ar na hoileáin ó thaobh na turasóireachta de.  Mar chuid d'aon chomhthéacs beartais nua, mar sin, beidh soiléireacht níos mó ar na freagrachtaí faoi leith atá ar an DCHG maidir leis na hoileáin bunriachtanach agus beidh cothromú ar ghníomhaireacht reatha na Roinne ag teastáil atá dírithe ar sheirbhísí iompair a fháil, a fhóirdheonú agus a bhainistiú chomh maith le cuspóir níos leithne na Roinne chun cur chuige Trasrialtais a chinntiú i leith riachtanais pobail ar oileáin a sheasamh agus iad a chothú. Is mar gheall air sin a d'iarr an tAire Kyne ar an Rialtas aird a thabhairt ar an rún atá aige Coiste Idir-rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú le súil is beartas Trasrialtais a fhoilsiú do na hoileáin agus, má cheaptar go bhfuil gá leis, taca a chur faoin mbeartas leis an reachtaíocht chuí.  Is é seo an chéad uair ar tugadh faoi thionscadal dá leithéid, ó foilsíodh Tuarascáil deiridh an Choiste Idir-rannaigh maidir le Forbairt na nOileán i 1996.

An Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, cuirtear an bonn reachtúil ar fáil don phróiseas pleanála teanga. Go ginearálta, tá dhá bhliain á thabhairt faoi láthair do phobail i 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, suas le 16 Baile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú lena gceadú ag an Aire agus seacht mbliana chun na pleananna a chomhaontaítear a chur i bhfeidhm.

Tá freagracht fhoriomlán ar an DCHG as an bpróiseas agus cuirtear de chúram uirthi faoin Acht pleananna a mheasúnú sula gceadaítear iad chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm. Is achoimre ghearr ar an bpróiseas atá sa méid seo a leanas:

Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht

Tá 15 de 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht atá leagtha amach ag Reachtaíocht faoin Acht ceadaithe go dtí seo agus táthar ag súil go gceadófar plean teanga Thuaisceart Dhún na nGall go gairid.

Sa chás go gceadaítear plean, tá leithroinnt bhliantúil €100,000 go dtí €150,000 á chur ar fáil ag DCHG do gach pobal chun cuidiú leo iad a chur i bhfeidhm. Soláthraítear an leithroinnt airgeadais seo chun Oifigigh Pleanála Teanga a cheapadh i bpobail. Go dtí seo tá 9 nOifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta ceaptha i Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Ba chóir a thabhairt ar aird maidir leis na pleananna a ullmhú agus a cheadú, agus de réir Threoirlínte Pleanála Teanga na Roinne, go ndéantar pleananna a fhorbairt bunaithe ar shonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla, is iad sin: sonraí daonáirimh, taighde a dhéanamh ar thacaíochtaí agus gníomhaíochtaí teanga i ngach ceantar agus suirbhéanna a dhéanamh ar phobail áitiúla chun an leibhéal tacaíochta maidir le gníomh a dhéanamh atá i bhfabhar úsáid na teanga a aithint. Féachtar leis an gcur chuige seo na cineálacha gníomhaíochta is mó is fearr le pobail áitiúla a fháil amach. Ar an mbunús seo, leagtar amach gníomhartha agus spriocanna intomhaiste i bpleananna comhaontaithe, arb é an príomhfheidhm a bheidh ag Oifigigh Pleanála Teanga a cheaptar faoin bpróiseas iad a chur i bhfeidhm.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Maidir le Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin arna chur i gcrích ag an DCHG in 2014, roghnaíodh 16 bhaile ionchasacha le bheith ina mBailte Seirbhíse Gaeltachta féideartha – faoi choinníoll na pleananna teanga a bheith ceadaithe.  Maidir leis an 16 bhaile a cuireadh ar an ngearrliosta, tá pleananna á n-ullmhú maidir le Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, An Clochán Liath, Dún Garbhán, Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí. Dé Luain seo caite, d'fhógair an tAire Kyne go gcuirfidh Cathair Saidhbhín tús go luath lena phlean a ullmhú.

Líonraí Gaeilge:

Aithnítear trí líonra faoin bpróiseas faoi láthair, is iad sin, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Tá measúnú á dhéanamh ar phleananna ag an DCHG faoi láthair maidir leis an trí bhaile sin.

Tacaíocht don Phróiseas

Ó cuireadh tús leis an bpróiseas in 2014, chuir an Roinn cúnamh airgeadais sainiúil ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge ar bhonn bliantúil. Leithdháileadh maoiniú iomlán €3.2m don DCHG in 2019 chun tacú leis an bpróiseas. Le roinnt laethanta anuas, d'fhógair an tAire Kyne go gcuirfí leithdháileadh €1.7m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge chun tacú leis an bpróiseas sa bhliain reatha (Gheobhaidh Údarás na Gaeltachta leithdháileadh €1.4m agus gheobhaidh An Foras €323,750).

Chun a thuilleadh tacaíochta a chur faoin bpróiseas, cuireadh tús go lárnach le roinnt bearta nua chun tacú leis na luathbhlianta, an teaghlach, na healaíona traidisiúnta agus forbairt na hóige in 2018. I measc tacaíochtaí eile arna gcur ar fáil ag an Roinn tá Treoirlínte Pleanála Teanga, ar foilsíodh an cúigiú heagrán i mí Eanáir 2019, chomh maith le hamharcóir do léarscáil pleanála teanga (GIS).  Ba chóir a thabhairt ar aird go dtacaíonn an DCHG leis an bpróiseas pleanála teanga faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga, rud a chinntíonn go gcuirfear maoiniú státchiste €12.9m ar fáil sa bhliain reatha chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga go díreach agus go hindíreach.

Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga

Faoi Scéim na gCúntóirí Teanga, cuirtear cúnamh ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun deiseanna breise foghlama agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do leanaí agus daltaí scoile ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal faoi seach.  Cheadaigh an tAire Kyne leithdháileadh suntasach €3.6m le gairid chun tacaíocht bhreise 6 seachtaine a chur ar fáil sna scoileanna ar fad. Rachaidh sé seo chun leasa 132 scoil Ghaeltachta - 108 mbunscoil agus 24 iar-bhunscoil. 

D'fhonn éifeachtacht na scéime a chinntiú tuilleadh, choimisiúnaigh an roinn athbhreithniú ar an scéim in 2018 ar thug Fiontar and Scoil na Gaeilge, DCU faoi agus atá ag teacht chun críche anois. Tá sé i gceist an t-athbhreithniú a fhoilsiú san fhómhar.

Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh 2019 - 2022 

Sheol an tAire Kyne Tuarascáil agus Plean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh 2019 - 2022 ag imeacht i gCathair Saidhbhín Dé Luain seo caite, an 22 Iúil 2019.

Is é an Plean sin an toradh atá ar an obair ar chuir Tascfhórsa Idirghníomhaireachta tús léi i mí Meán Fómhair 2017 faoi Chathaoirleach Údarás na Gaeltachta. Bunaíodh an tascfhórsa mar fhreagra ar an toradh a bhí ar staidéar socheacnamaíoch agus déimeagrafach a rinneadh ar cheantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh.  Áirítear ar phríomhthorthaí an staidéir sin an méid seo a leanas:

  • Tá laghdú tagtha ar dhaonra Uíbh Ráthaigh ó 3,036 (1956) go dtí 1,797 (2011). Is ionann é sin agus laghdú 41%.
  • Léirigh Gaeltacht Uíbh Ráthaigh cóimheas aoise cleithiúnais níos airde ná an meán sa chontae agus sa stát. 

An Ghaeilge san Aontas Eorpach

Tá cóip iomlán den Tuarascáil an Choimisiúin don Chomhairle maidir le dul chun cinn institiúidí an Aontais i dtreo laghdú céimnithe a chur i bhfeidhm ar an maolú atá ar an nGaeilge ar fáil anseo: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52019DC0318

Cúlra

Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre san AE ar an nGaeilge ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. Áiríodh maolú sa Rialachán maidir le húsáid na teanga lena athbhreithniú gach cúig bliana agus leis an gcéad tréimhse ag leanúint go dtí an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 1257/2010.  Faoi théarmaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm ó 2007, níor theastaigh ach na dlíthe AE a rinneadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge.

I Nollaig 2015, i ndiaidh iarraidh ó Rialtas na hÉireann, ghlac an Chomhairle Eorpach le rialachán atá dírithe ar dheireadh a chur leis an maolú ar bhonn incriminteach faoi dheireadh na bliana 2021. Tá institiúidí an AE anois ag ullmhú chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ag an leibhéal céanna le teangacha oifigiúla eile an AE.  Is mar seo a leanas atá an méadú incriminteach:

Achtanna 

Dátaí

Treoracha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017

Cinntí arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018

Treoracha arna nglacadh ag an gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020

Rialacháin arna nglacadh ag an gComhairle

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 

Cinntí arna nglacadh ag an gComhairle nach sonraítear iontu cé air a bhfuil siad dírithe

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020

Rialacháin arna nglacadh ag an gCoimisiún

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 

Treoracha arna nglacadh ag an gCoimisiún atá dírithe ar gach Ballstát 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021

Cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún nach sonraítear iontu cé air a bhfuil siad dírithe  

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021