Foilsithe ar 

Ainm na Roinne nuachumraithe á dhearbhú ag an Aire Humphreys

Tá sé dearbhaithe inniu (Dé Máirt) ag an Aire Heather Humphreys go bhfuil ainm a Roinne nuachumraithe faofa ag an Rialtas mar An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Léirítear leis an ainm nua sainchúram leathnaithe na Roinne athchumraithe, ina gcoinnítear freagrachtaí uile na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chomh maith le freagracht bhreise as raon leathan clár a bhaineann le gnóthaí agus forbairt régiúnach agus tuaithe.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

"Leis an ainm seo léirítear an réimse leathan freagrachtaí faoi shainchúram mo Roinne. Trí na hEalaíona a chur ag tús an teidil léirítear go ndéanann an rannán ealaíon suas an chuid is mó de bhuiséad mo Roinne. In 2016, beidh leath den bhuiséad faoi mo Roinn athchumraithe ag dul ar na healaíona, cultúr agus scannán. Déanfar suíomh gréasáin mo Roinne agus ábhar bainteach a nuashonrú leis an ainm nua sna laethanta amach romhainn.”