Foilsithe ar 

Am spreagúil do Lárionad Tyrone Guthrie agus athbhreithniú ar siúl ag na hAirí Madigan agus Humphreys ar stiúideonna nua ealaíontóirí tar éis €300,000 a infheistiú

Tograí i gcomhair áis nua ealaíontóirí i sráidbhaile Chúil Darach ag ardchéim

D’athbhreithnigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD agus an tAire Gnóthaí, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD inniu (Dé Luain) na háiseanna nua ealaíontóra ag Lárionad Tyrone Guthrie in Co Mhuineacháin.

Tá infheistíocht de níos mó ná €300,000 ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag maoiniú forbairt roinnt áiseanna nua ag an ionad oibre agus díseart d'ealaíontóirí ildánacha. Rinneadh uasghrádú ar chistin an lárionaid chun freastal níos fearr ar chónaitheoirí agus ar an bhfoireann.

Tá stiúideo damhsa an lárionaid á uasghrádú agus tá spás cleachtaidh nua á sholáthar.  Éascóidh an infheistíocht seo foirmeacha níos comhoibríoch d'amharclann agus do léiriú ar a bhfuil éileamh suntasach. Lamhálfar don lárionad freastal ar ghrúpaí a bhíonn ag obair le riachtanais speisialta agus le lucht féachana spriocdhírithe, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíchumas agus radharc lagaithe.

 

Ba é Lárionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg baile teaghlaigh Sir Tyrone Guthrie, stiúrthóir amharclainne, impresario, drámadóir agus daonchara.  Tiomnaíodh é don Stát i 1971 ar choinníoll gur fhan sé mar ionad oibre agus díseart d'ealaíontóirí ildánacha ó oileán na hÉireann agus thar lear. Tiontaíodh an teach agus na foirgnimh, le cúnamh ó Oifig na nOibreacha Poiblí, go cóiríocht agus stiúideonna.  

 

Osclaíodh Lárionad Tyrone Guthrie i 1981 mar ionad oibre cónaithe d'ealaíontóirí atá tiomanta do thacaíocht agus d'éascú cruthaitheachta sna healaíona.  Tá sé ar cheann de thrí spás ealaíontóirí cónaitheacha atá ag feidhmiú in Éirinn - is iad na cinn eile Cill Rialaig i gCo. Chiarraí agus i mBaile an Ghleanna, Co. Mhaigh Eo.  Tá Lárionad Tyrone Guthrie uathúil mar soláthraíonn sé bord iomlán d'ealaíontóirí agus do lucht ildánach atá ag obair i ngach disciplín.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, "Lamhálfaidh na feabhsúcháin seo go mór d’áiseanna an lárionaid an obair luachmhar a dhéanann sé a leathnú. Is iontach a fheiceáil an luach a thugann an infheistíocht seo d'ealaíontóirí agus don fhoireann a úsáideann an lárionad.

I bhfianaise an rath a bhí ar Lárionad Tyrone Guthrie, tá mo roinn ag measúnú moltaí faoi láthair chun an dara háis chónaithe a oscailt d'ealaíontóirí sa seantigh cúirte i sráidbhaile Chúil Darach.  Tá mo chuid oifigeach ag obair faoi láthair le Lárionad Tyrone Guthrie agus Comhairle Contae Mhuineacháin maidir leis an togra tionscadail.  D’oibreodh an áis nua mar chomháis do Láronad Tyrone Guthrie agus bheadh níos mó ealaíontóirí ag teacht ar cuairt chun an dísirt iontaigh seo sa todhchaí.”

Dúirt an tAire Gnóthaí, Fiontar agus Nuálaíochta Heather Humphreys TD, "Is seoid i bhfolach in Éirinn é Lárionad Tyrone Guthrie. Tá sé lonnaithe i gceantar álainn i gcroílár tuaithe na hÉireann.

“Tá críochnú an stiúideo nua damhsa agus áiseanna eile ina spreagadh iontach don lárionad tar éis infheistíocht shuntasach ón Rialtas.

“Tá áthas orm go háirithe go bhfuil moltaí chun an seantigh cúirte i gCúil Darach a athfhorbairt ionas go bhféadfar spás cónaithe breise a sholáthar d'ealaíontóirí beagnach críochnaithe. Is ceist í seo ar ar oibríos go dlúth le Lárionad Tyrone Guthrie agus Comhairle Contae Mhuineacháin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'obair mo chomhghleacaí, an tAire Madigan, a aithníonn go hiomlán luach an tionscadail seo ó thaobh oidhreachta agus ealaíonta araon.

“Cuirfidh athúsáid Theach na Cúirte stairiúil cóiríocht bhreise d'ealaíontóirí ar fáil do Lárionad Tyrone Guthrie agus beidh sochair eacnamaíocha aige freisin do Chúil Darach i dtéarmaí daoine a mhealladh isteach sa sráidbhaile. Is é seo go díreach an saghas tionscadal trasfhoirmiúil ar mian leis an Rialtas a fheiceáil ag tarlú inár mbailte agus sráidbhailte tuaithe. Déanfaidh sé difríocht mhór don Lárionad in Eanach Mhic Dheirg,agus tá a fhios agam go mbeidh sé i gceist chomh maith do mhuintir Chúil Darach agus don cheantar áitiúil.”