Foilsithe ar 

An Céachta agus an Cultúr: Fógraíonn an tAire Humphreys mionfhéile ealaíon ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, sonraí inniu (Déardaoin) de thaispeántas speisialta a chuirfidh cultúr na hÉireann i lár an aonaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sa Screagán, sa Tulach Mhór ón 19ú to 21ú Meán Fómhair.

I mbliana, den chéad uair riamh, beidh taibheoirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus aíonna an-speisialta ar an Ardán, stáitse speisialta d’ealaíontóirí, ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo. Is comhthionscnamh an mionfhéile ealaíon seo idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon agus Éire Ildánach.

I measc na n-ealaíontóirí agus na n-aíonna a bheidh i láthair le linn na dtrí lá beidh an t-údar Kevin Barry, an t-imreoir camógaíochta agus peile, Briege Corkery, an Laureate d’Fhicsean na hÉireann, Anne Enright, Laureate na nÓg, PJ Lynch, na hamhránaithe Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill agus an t-amhránaí agus an cumadóir, Lisa O’Neill. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus beidh siad ar siúl ar feadh 25-30 nóiméad agus ligfear daoine isteach de réir mar a thagann siad.

Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar cheann na himeachtaí is tábhachtaí san fhéilire náisiúnta, áit ar féidir le leanaí, teaghlaigh agus daoine den uile aois sásamh a bhaint as réimse gníomhaíochtaí ag ócáid atá ar cheann de na himeachtaí faoin aer is mó san Eoraip.

“Is cuid ríthábhachtach dár gcultúr an chruthaitheacht agus saibhríonn an rannpháirtíocht leis na healaíona ár saol féin agus ár bpobail i gcoitinn. Mar chuid d’Éire Ildánach, tá Plean speisialta Cultúir agus Cruthaitheacha curtha le chéile ag gach contae in Éirinn a chuireann deiseanna ar fáil do gach duine bheith bainteach leis na healaíona ina gceantar áitiúil. Tá an-áthas go deo orm go bhfuil ealaíontóirí as deich gcontae ar an stáitse nua Ardán ag Comórtas na bliana seo.

“Idir cheol traidisiúnta agus léitheoireachta agus léirithe drámaíochta do lucht féachana óg, beidh rud éigin do gach duine ag an mionfhéile speisialta seo. Mholfainn do gach duine atá ag freastal ar Chomórtas na bliana seo cuairt a thabhairt air agus sásamh a bhaint as an áit seo ina dtagann an céachta agus an cultúr le chéile.”

Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon bheith páirteach i gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo. Is é seo ceann de na mór-ócáidí a tharlaíonn in Éirinn gach bliain ó thaobh rannpháirtíocht an phobail, rannpháirtíocht lucht éisteachta agus féachana agus teacht ar dhéimeagrafach leathan. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh na healaíona lárnach san imeacht uathúil seo ó tharla an tionchar a bhíonn aige ar shaol daoine ar fud na hÉireann, ag síneadh isteach sna pobail áitiúla agus ag ceangal le daoine ina saol laethúil.

“Beidh ealaíontóirí as Béal Feirste, an Cabhán, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Dún na nGall, Gaillimh, Luimneach, Uíbh Fhailí, Sligeach agus Port Láirge ar an ardán ar feadh 20-25 nóiméad ar feadh na trí lá agus beidh clár speisialta imeachtaí ar siúl do leanaí agus do dhaoine óga. Is é seo an chéad uair a mbeidh spás faoi leith do na healaíona ag an ócáid mhór náisiúnta seo.”

Ardán: Block 3, Row No. 13, Stand No 296.


Nótaí do na hEagarthóirí

Is tionscnamh uile-Rialtais cúig bliana, ó 2017 go 2022, é Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm leis an chruthaitheacht a chur i gcroílár an pholasaí poiblí. Tá sé tógtha ar chúig cholún: Cumasú Acmhainneacht Chruthaitheach Gach Linbh; Bonn a Chur faoin gCruthaitheacht i nGach Pobal; Infheistíocht in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir; Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta; Clú na hÉireann ar fud an Domhain a thabhairt le Chéile. Tá na sonraí iomlána ar fáil ag www.creative.ireland.ie nó ar Facebook agus Twitter @creativeirl.

Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht náisiúnta do mhaoiniú, d'fhorbairt agus do chur chun cinn na n-ealaíon in Éirinn. www.artscouncil.ie


Ardán (Sceideal)

19 Meán Fómhair 10:30 – 12:30 The Big Picture le Laureate na nÓg PJ Lynch
1:00 – 1:30 The Humours of Bandon le Margaret McAuliffe, léirithe ag Fishamble Theatre Company
2:00 – 2:30 Sleachta as Everything to Play For (in eagar ag John McAuliffe) le Briege Corkery agus John Mullane, i gcomhar le hÉigse Éireann
3:00 – 3:30 An t-amhránaí Lisa O’Neill

20 Mean Fómhair 12:00 – 12:30 The Gardener le Mike Kenny, léirithe ag Graffiti Theatre
Company (aois 6-8)
1:00 – 1:30 Tall Tales and Musical Stories le Len Graham
1:45 – 2:15 Ceol leis an bPíobaire Uillinn Maitiú Ó Casaide
3:00 – 3:30 Léamh le Anne Enright, Laureate d’Fhicsean na hÉireann
4:00 – 4:30 Ceol le Maighréad and Tríona Ní Dhomhnaill

21 Meán Fómhair 12:00– 12:30 Spraoi le Branar Téatar do Pháistí (aois 3-6)
1:00 – 1:30 Amhránaíocht ar an sean-nós le Eoin Warner
2:00 – 2:30 Léamh le Kevin Barry
3:00 – 3:30 Céilí le healaíontóirí áitiúla, lena n-áirítear an fidléir A Attracta Brady