Foilsithe ar 

An Chartlann Náisiúnta ag ullmhú chun páipéir Stáit 1985 a scaoileadh - an tAire Humphreys

I measc na bpáipéar tá comhaid ar chruinnithe cáiliúla idir Mac Gearailt agus Thatcher

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil an Chartlann Náisiúnta ag ullmhú chun páipéir Stáit agus taifid a scaoileadh ón bhliain 1985, an bhliain inar síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach.

Dúirt an tAire Humphreys:
“Ba thréimhse an-spéisiúil i stair na hÉireann í an bhliain 1985, nuair a síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach, a d’athraigh an chaoi inar chaith rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine le Tuaisceart Éireann. Réitigh sé an bealach do Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus bhí sé ina chuid thábhachtach den Phróiseas Síochána. Is acmhainn thar a bheith luachmhar í ár gcartlann. Cuireann sí fianaise ar fáil dúinn ar imeachtaí san am a chuaigh thart agus tá mé ag súil leis go dtabharfaidh páipéir na bliana 1985 léargas nua dúinn ar na dúshláin a bhí le sárú ag údaráis an Stáit ag an am.

“Trí rochtain phoiblí a chinntiú ar thaifid ó 30 bliain ó shin, cuireann an Chartlann Náisiúnta lenár n-eolas agus tuiscint ar stair agus sochaí na hÉireann. Tá mo Roinn ag obair go leanúnach leis an gCartlann Náisiúnta chun riail 20 bliain a thabhairt isteach, rud a fhágfaidh go scaoilfear taifid tar éis fiche bliain seachas tríocha.

"Is bunchloch de phróiseas daonlathach na hÉireann é scaoileadh bliantúil na dtaifead agus tacaíonn sé le cuntasacht agus trédhearcacht ar fud na hearnála poiblí. Táim ag súil go mór leis an méid atá le scaoileadh i mbliana agus le himeachtaí na bliana 1985 a thabhairt chun cuimhne.

“Bliain an-tábhachtach a bheidh in 2016 don Chartlann Náisiúnta, mar go ndéanfar dul chun cinn ar a mórchlár nua tógála. Beidh ról tábhachtach ag an gCartlann i gCuimhneacháin 2016 freisin, le tionscnaimh ar nós tacar geinealais do scoileanna agus scaoileadh leanúnach comhad digitithe ó thréimhse 1916.

“Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta, i gcomhar le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais, tús le tionscadal ar an bhliain seo chugainn le dul chun cinn a dhéanamh ar múnla bainistíochta taifead don státseirbhís agus do bhainistiú taifead leictreonach, rud a bheidh an-tábhachtach agus muid ag dul i dtreo taifid a scaoileadh tar éis 20 bliain.”

Dúirt John McDonough, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
"I mí na Nollag gach bliain, téann foireann na Cartlainne Náisiúnta i mbun cláir oibre chun taifid a ullmhú lena scaoileadh don phobal go luath i mí Eanáir. Mar chuid den obair sin bíonn níos mó ná 5,000 bosca de thaifid ó Ranna Stáit agus an tSeirbhís Chúirteanna le sealbhú, le sórtáil, le catalógú, le hath-phacáil agus le stóráil.

“Agus muid ag druidim le 2016 agus buaicphointe dheich mbliana na gcuimhneachán, beidh níos mó daoine ag iarraidh súil a chaitheamh siar ar imeachtaí inár stair chomhroinnte, agus beidh tuilleadh suntais ag baint leis. Is fiú a chuimhniú go dtacaíonn an Chartlann Náisiúnta leis sin gach bliain nuair a chinntíonn muid go mbeidh rochtain ar na príomhfhoinsí ó 30 bliain ó shin a léiríonn cinnteoireacht agus cinnteoirí na linne.”

CRÍOCH


Nótaí do na hEagarthóirí

Tá sé de chúram ar an gCartlann Náisiúnta taifid na n-eagraíochtaí seo a leanas a chaomhnú:
· Ranna Stáit, lena n-áirítear na cúirteanna
· Comhlachtaí ainmnithe sa sceideal leis an Acht um Chartlann Náisiúnta
· Coistí agus coimisiúin fiosrúcháin bunaithe ag an Rialtas, ag comhalta den Rialtas nó ag an Ard-Aighne

Tríd an méid sin a dhéanamh tacaíonn sí le dualgas reachtúil na gcomhlachtaí sin taifid a aistriú chuici, iad a chaomhnú agus, trí iad a chur ar fáil go poiblí, bonn a chur faoi choincheap an náisiúin agus an stáit. Chomh maith leis na comhlachtaí forordaithe sin, bailíonn an Chartlann Náisiúnta taifid ó eagraíochtaí ag a bhfuil sainchúram náisiúnta agus i gcás ina bhfuil cúis láidir lena gcaomhnú.

Bhonn reachtúil
Feidhmíonn an Chartlann Náisiúnta de réir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 ina sonraítear a ról agus a feidhmeanna. Is iad na príomhfheidhmeanna ná maoirseacht a dhéanamh ar aistriú taifead go dtí an Chartlann agus cinnte a dhéanamh go gcuirfear ar fáil don phobal iad. Tá feidhm fhoirmeálta aici freisin i dtaobh mhaoirseacht a dhéanamh ar dhiúscairt taifead reatha laistigh de na comhlachtaí.

Beidh liosta iomlán na gcomhad atá le scaoileadh don phobal ar fáil i gcóip chrua i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta ar an 4 Eanáir 2016 agus ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta san Athbhliain.

Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta samplaí de thaifid as 1985 ar fáil ar an suíomh gréasáin freisin in Eanáir 2016.

Aistríodh taifid ó na Ranna seo a leanas le linn 2015:

· Oifig an Ard-Aighne
· An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
· An Roinn Gnóthaí Eachtracha
· An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
· Oifig Rúnaí an Uachtaráin
· An Roinn Coimirce Sóisialaí
· Roinn an Taoisigh
· Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
· An Roinn Airgeadais