Foilsithe ar 

An chéad imeacht Searmanais Stáit á stiúradh ag an Uachtarán agus an Taoiseach chun tús a chur le bliain chuimhneacháin céad bliain 2016

. Beidh searmanas ardaithe brataí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag am lóin inniu, agus tráthnóna beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag óstáil ceolchoirm speisialta Prom Síochána san Ionad Comhdhála, ina mbeidh os cionn 500 ceoltóir óg as ar fud oileán na hÉireann ag glacadh páirte.

 

Déanfar níos mó ná 40 imeacht searmanais Stáit a reáchtáil ar feadh 2016 mar chuid d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, chomh maith le níos mó ná 4,000 imeacht ar fud na tíre, lena n-áirítear 2,000 tionscnamh pobalbhunaithe agus 1,000 imeacht idirnáisiúnta a bheidh á reacháil, den chuid is mó, trínár líonra d’ambasáidí.

 

Beidh searmanas ardaithe brataí an lae inniu ar siúl i gClós Uachtarach Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Beidh dhá phríomhghné ag baint leis:

  • Léifidh Óglaigh na hÉireann Rolla Onóra na nÓglach a fuair bás le linn Éirí Amach 1916
  • Ardófar trí bhratach a bhí ar foluain ar Shráid Uí Chonaill le linn Sheachtain na Cásca 1916; bratach Arm Cathartha na hÉireann, a bhí ar foluain ag an Imperial Hotel agus bratach Phoblacht na hÉireann agus an Bhratach Náisiúnta, a bhí ar foluain ag Ard-Oifig an Phoist.

 

Cuirfear críoch leis an searmanas nauir a sheinnfear an Reveille agus Amhrán na bhFiann. Beidh an ócáid ar oscailt don phobal agus beidh an Banna Míleata agus Cór na nÓg RTÉ ag cur an ceol ar fáil.

 

Cuirfear tús leis an Prom Síochána, a bheidh á óstáil ag an Aire Humphreys, ag 5pm tráthnóna inniu san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath. Tá an ócáid á reáchtáil i gcomhar leis an gCeolfhoireann Trasteorann, Cór Óige na hÉireann, Cór Óige Uladh agus an Cór 32 Chontae,  a bunaíodh go speisialta don ócáid. I measc na ndaoine a bheidh i láthair beidh an Cór Taidhleoireachta, an Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin, gaolta lucht 1916, ionadaithe tofa agus raon leathan grúpaí atá páirteach in Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.

 

Beidh an taibhiú á stiúradh ag Greg Beardsell, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air. I measc na n-aonréadaithe beidh an veidhleadóir virtuoso Patricia Treacy (An Lú), an t-amhránaí óg ardmholta Sibéal Ní Chasaide (An Mhí), Curadh Uile-Éireann na bpíob uileann Cormac Keegan (Cill Dara), Drumadóir Lambeg, Willie Drennan (An Baile Meánach) agus seaimpíní domhanda, St. Colmcille Drum and Pipe Corps (Doire).

 

Bhí an méid seo le rá ag an Taoiseach Enda Kenny: “Ag tráthanna áirithe sa stair, athraítear an seanord go brách na breithe.  Ba thráth dá leithéid sin í Cáisc na bliana 1916 agus, ó shin i leith, rinne muid é a chomóradh mar bhunú ár Náisiúin cheannasaigh.  Leis an ócáid speisialta searmanais seo táimid ag cur tús inniu lenár mBliain Chuimhneacháin Céad Bliain, nuair a dhéanfaimid machnamh ar na himeachtaí tábhachtacha sin i stair na hÉireann.  Baineann 2016 le gach duine ar an oileán seo agus lenár gcairde agus ár ngaolta thar lear.   Is cuireadh é chun teacht le chéile linn agus muid ag cuimhneamh ar an stair, ag déanamh machnaimh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus ag caitheamh súil eile ar ár bPoblacht do na glúnta atá le teacht.”

 

Ag labhairt di roimh an bProm Síochána, dúirt an tAire Humphreys:

“Táimid ag cur tús tráthnóna inniu lenár mbliain chuimheacháin céad bliain le ceol agus amhránaíocht ó chuid de na ceoltóirí is cumasaí sa tír. Is é an Prom Síochána an bealach is fearr le tús a chur le bliain chomórtha agus cheiliúrtha, nuair a chaithfidh muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear súil siar ar na himeachtaí as ar eascair bunú an Stáit seo agus súil chun tosaigh go huaillmhianach ar an méid atá amach romhainn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine óga go léir atá ag glacadh páirte in ócáid speisialta an lae inniu; tá cuid mhór ama caite acu ag cleachtadh leis an taispeántas iontach seo a chur ar an ardán.”

 

 

Nótaí do na hEagarthóirí

 

Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann.

 

Cuimsítear seacht snáithe sa chlár: Searmanais Stáit; Machnamh ar an Stair; An Teanga Bheo; An Óige agus an tSamhlaíocht; Léiriú Cultúrtha; Rannpháirtíocht Phobail; Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra.

 

Tá sonraí uile Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain le fáil ag www.ireland.ie.

 

Bunaíodh Ceolfhoireann Trasteorann na hÉireann (CBOI) sa bhliain 1995 mar thionscnamh síochána agus tá sé déanta suas de níos mó ná 100 ceoltóir fíor-chumasach as ar fud na hÉireann - idir an tuaisceart agus an deisceart. Tá ról tábhachtach ag an CBOI le 20 bliain anuas ó thaobh caidrimh ríthábhachtacha trasteorann agus trasphobail a fhorbairt agus a chothú.

Tá an Cheolfhoireann tar éis taibhithe a dhéanamh do na sluaite i ngach mórionad in Éirinn agus in go leor ionaid ar fud an domhain, lena n-áirítear Carnegie Hall i Nua Eabhrac (2005 agus 2014); an Royal Albert Hall i Londain, an Boston Symphony Hall, an Chicago Symphony Hall; agus an Oriental Arts Centre Shanghai; ag an Aonach Trádála Domhanda, Shanghai, áit ar bronnadh gradam idirnáisiúnta ceoil orthu as “Taibhiú den Scoth”.   www.cboi.ie