Foilsithe ar 

An tAire Humphreys ag freastal ar fháiltiú sa Bhruiséil chun ainmniúchán na Gaillimhe mar Chathair Chultúir na hEorpa 2020 a cheiliúradh

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, T.D., in éineacht tráthnóna inniu (Dé Luain) le H.E. an tUasal Tom Hanney, Luas-Bhuanionadaí na hÉireann don Aontas Eorpach, agus H.E. An tUasal Éamonn Mac Aodha, Ambasadóir na hÉireann chun Ríocht na Beilge, le fáiltiú speisialta a óstáil sa Bhruiséil chun ainmniúchán na Gaillimhe mar Chathair Chultúir na hEorpa 2020 a cheiliúradh.

 

Beidh baill d’fhoireann tairisceana Ghaillimh 2020 i láthair ag an ócáid, lena dtugtar deis dóibh teagmháil a dhéanamh le páirtithe tábhachtacha in institiúidí an AE agus sa Bhruiséil. I mí Iúil na bliana seo, roghnaíodh Gaillimh mar Chathair Chultúir na hEorpa 2020 in éineacht le Rijecka sa Chróit, tar éis phróiseas iomaíoch ina raibh tairiscintí eile ó Luimneach, na Triúr Deirfiúracha (Port Láirge, Loch Garman agus Cill Chainnigh), agus Baile Átha Cliath.

 

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Le fáiltiú an lae inniu tugtar deis thábhachtach do bhaill fhoireann na Gaillimhe a bpleananna don chathair faoi Chathair Chultúir na hEorpa 2020 a chur ar taispeáint. I láthair ag an ócáid beidh oifigigh ardleibhéil Éireannacha atá ag obair in institiúidí an AE, baill de dhiaspóra na hÉireann agus ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ón Uachtaránacht agus ó na Ballstáit eile.

 

“Tá sé mar aidhm ag Cathair Chultúir na Eorpa aird a tharraingt ar chultúr saibhir iléagsúil na hEorpa, chomh maith leis na gnéithe cultúrtha atá i gcoitinne againn, chun cabhrú le muintir na hEorpa a thabhairt le chéile agus comhthuiscint a fheabhsú. Mar an tAire le freagracht as na healaíona agus an cultúr in Éirinn, chuaigh neart na dtairiscintí Éireannacha agus tiomantas gach cathair agus réigiún a bhí san iomaíocht do theideal 2020 i gcion go mór orm.

 

“I dtionscadal na Gaillimhe, dar teideal ‘Making Waves’ dírítear ar na príomhthéamaí Imirce, Tírdhreach agus Teanga; téamaí atá go mór i dtosaíocht ar chlár oibre na hEorpa, ag leibhéal institiúide agus leibhéal an tsaoránaigh araon i dtimpeallacht atá ag éirí níos ilchultúrtha i gcónaí. Is sárshampla í cathair na Gaillimhe féin den ilchultúrthacht, áit ar neamhnáisiúnaigh iad 24% de chónaitheoirí na cathrach.  

 

“Is rud an-dearfach é, mar sin, go bhfuil ábhar spéise  i gclár na n-imeachtaí a bheidh ar bun go 2020 agus le linn na bliana fein, do chuile dhuine sa chathair agus sa chontae chomh maith le régiún an iarthair san iomlán. Le Gaillimh 2020 cuirfear go fiúntach agus go fadtéarmach le healaíona agus cultúr an Iarthair freisin.”