Foilsithe ar 

An tAire Humphreys ag taisteal go Nua-Eabhrac chun ealaíona agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn

  • Éire Ildánach le seoladh go hidirnáisiúnta ag an Aire
  • Clár SAM Chultúr Éireann do 2017 le cur i láthair
  • Léiriú Druid de ‘The Beauty Queen of Leenane’ le tosú i Nua-Eabhrac an tseachtain seo

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag taisteal go Nua-Eabhrac inniu (Dé Céadaoin) le haghaidh sraith imeachtaí ealaíon agus cultúir. Mar chuid den turas seolfaidh an tAire Clár Éire Ildánach go hidirnáisiúnta agus cuirfidh sí clár SAM Chultúr Éireann do 2017 i láthair. San iomlán, cuirfidh Cultúr Éireann €1 milliún ar fáil d’ealaíontóirí na hÉireann chun a gcuid saothar a chur ar taispeáint ar fud na Stáit Aontaithe le linn 2017.

Beidh an tAire Humphreys ag freastal ar réamhthaispeáint de léiriú Druid de The Beauty Queen of Leenane, atá ag fáil tacaíocht ó Chultúr Éireann agus a bheidh ag tosú i Nua-Eabhrac Dé hAoine sa Brooklyn Academy of Music (BAM). Tabharfaidh sí cuairt freisin ar shuíomh an Irish Arts Centre nua, atá ag fáil tacaíocht airgeadais ó Rialtas na hÉireann. Casfaidh an tAire le páirtithe leasmhara éagsúla a bhfuil baint acu le healaíona Éireannacha i Nua-Eabhrac, lena n-áirítear ionadaithe ón Irish Repertory Theatre agus ón Origins Theatre.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Is seachtain an-tábhachtach í seo do na healaíona Éireannacha i Nua-Eabhrac, ós rud é go mbeidh léiriú Druid de The Beauty Queen of Leenane ag tosú sa Brooklyn Academy of Music (BAM). Is é seo an chéad léiriú de chuid Druid sa BAM agus cuirfidh sé tús le bliain an-spreagúil d’ealaíona Éireannacha sna Stáit Aontaithe. San iomlán, beidh muid ag infheistiú €1 milliún trí Chultúr Éireann chun tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí na hÉireann lena gcuid saothar a chur ar taispeáint ar fud na Stáit Aontaithe in 2017.

"Beidh Clár Éire Ildánach á chur i láthair agam go hidirnáisiúnta den chéad uair i Nua-Eabhrac an tseachtain seo freisin. Fuair muid freagairt an-dearfach tar éis dúinn an clár a sheoladh i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite agus táimid anois ag brú chun cinn lena chur i bhfeidhm.
“D’fhreagair ár nDiaspóra ar bhealach iontach d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, agus rinneadh níos mó ná 1,000 imeacht cuimhneacháin a reáchtáil go hidirnáisiúnta. Tá súil agam go mbeidh muid anois in ann teagmháil a dhéanamh leis an Diaspóra trí chlár Éire Ildánach, agus a gcuid tacaíochta a fháil. Mar chlár a d’eascair as an gcomóradh, tá teachtaireacht dhearfach á cur in iúl ag Éire Ildánach faoin luach a chuireann muintir na hÉireann ar a gcultúr agus an mbealach ina bhfuil sé i gceist againn an cultúr agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár pholasaí poiblí.

“Tá mé ag tnúth le castáil le páirtithe leasmhara éagsúla atá bainteach le réimse na n-ealaíon Éireannach, atá beo bríomhar i Nua-Eabhrac. Tá sé fíor-thábhachtach go leanfaidh Rialtas na hÉireann ar aghaidh ag tacú le healaíontóirí na hÉireann thar lear agus iad ag fás a lucht leanúna agus ag fáil poiblíocht luachmhar idirnáisiúnta.”