Foilsithe ar 

An tAire Humphreys chun óráid a thabhairt ag Comhdháil in Boston College maidir le 1916 Easter Rising: ‘A Terrible Beauty’

Labhróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Sathairn) ag comhdháil ar Éirí Amach na Cásca 1916 in Boston college, ar an lá roimh lá deiridh a turais d’Fhéile Pádraig ar Massachusetts. I measc na gcainteoirí eile ag an gcomhdháil, atá á cur i láthair i gcomhpháirt ag Consalachtaí na hÉireann agus na Breataine i mBostún, tá an staraí Diarmuid Ferriter agus an scríbhneoir Colm Tóibín.

 

Mar chuid den mhisean trádála agus cultúir, chas an tAire Humphreys le ceannairí gnó Gael-Mheiriceánacha agus le grúpaí a thacaíonn le himircigh na hÉireann a bhfuil cónaí ort i mBostún. Chas sí freisin le Gobharnóir Massachusetts Charlie Baker agus le Méara Bhostúin Martin J Walsh. Amárach (Dé Domhnaigh), beidh an tAire Humphreys ag freastal ar Bhricfeasta bliantúil na Féile Pádraig i gcomharsanacht Ghaelach Dheisceart Bhostúin.

 

Ag labhairt di roimh na Comhdhála in  Boston College, dúirt an tAire Humphreys:

“Bhí ról fíorthábhachtach ag pobal na hÉireann sna Stáit Aontaithe i dtacú leo siúd a chuaigh ar aghaidh le tús a chur le hÉirí Amach na Cásca, agus bealach a réiteach i dtreo shaoirse na hÉireann. Chaith cúigear de sheachtar shínitheoirí an Fhorógra mórán ama sna Stáit Aontaithe roimh an Éirí Amach.

 

“The na dlúthnaisc a bhí ann idir Éire agus na Stáit Aontaithe ag an am le feiceáil san Fhorógra. Is í Meiriceá an t-aon tír eile a luaitear i bhForógra 1916, a chuir i gcuimhne dúinn go bhfuil Éire ar thóir a haislinge ‘le tacaíocht óna clann atá ar deoraíocht i Meiriceá’. 

 

“De réir mar a bhí imeachtaí ag titim amach sa bhaile in Éirinn, bhí Meiriceá ag faire; ar feadh 14 lá bhí an tÉirí Amach ar leathanach tosaigh an New York Times. Anois, agus 100 bliain caite, tá na naisc idir an dá thír níos treise ná riamh, agus tugann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain an deis dúinn aitheantas a thabhairt don méid a rinne Diaspóra na hÉireann sna Stáit Aontaithe le céad bliain anuas.

 

“Tá os cionn 200 imeacht beartaithe ar fud Mheiriceá mar chuid de shnáithe Domhanda agus Diaspóra Éire 2016, lena n-áirítear sraith comhdhálacha agus imeachtaí cultúrtha anseo in Massachusetts. Tá Rialtas na hÉireann diongbháilte go gcuirfidh siad an clár cuimhneacháin is fearr is féidir ar bun ar thaobh seo an Atlantaigh:  ceann a thugann aitheantas mar is ceart don ról a d’imir Meiriceá agus Meiriceá na nGael sa tréimhse roimh 1916 agus sna céad bliain a tháinig ina dhiaidh sin”.