Foilsithe ar 

An tAire Humphreys le freastal ar shearmanas Dhomhnach an Chuimhneacháin ag leacht cuimhneacháin an Cenotaph i mBéal Feirste agus tionscnaimh chomórtha eile i gcuimhne ar an gCéad Chogadh Domhanda á bhfógairt aici

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag freastal Dé Domhnaigh beag seo (12 Samhain) ar shearmanas Dhomhnach an Chuimhneacháin ag an Cenotaph i mBéal Feirste, áit a leagfaidh sí fleasc labhrais i gcuimhne orthu siúd a fuair bás le linn an Chéad Chogaidh Domhanda. In éineacht leis an Aire beidh Aire Cosanta, Daoine agus Iarshaighdiúirí na Breataine, an tUasal Tobias Ellwood MP, chomh maith le hArd-Mhéara Bhéal Feirste, Nuala McAllister.  Beidh searmanais Lá an Armstaid agus Dhomhnach an Chuimhneacháin ar siúl ar fud oileán na hÉireann an deireadh seachtaine seo, lena n-áirítear searmanais i mBéal Feirste agus in Inis Ceithleann i dTuaisceart Éireann agus in Ardeaglais Naomh Pádraig agus Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath. 

 

Ag labhairt di roimh an searmanas, dúirt an tAire Humphreys:

 

“Is mór an onóir dom é bheith anseo thar ceann Rialtas na hÉireann ag searmanas Dhomhnach an Chuimhneacháin ag Cenotaph Bhéal Feirste leis na daoine go léir a cailleadh le linn an Chéad Chogaidh Domhanda a thabhairt chun cuimhne. Cuimhneoidh muid an deireadh seachtaine seo ar bhealach speisialta ar na fir agus mná as ar fud oileán na hÉireann a bhí ar fiannas agus a thug a mbeatha le linn an Chogaidh Mhóir. Cé gur chúiseanna éagsúla a spreag iad, bhí éiginnteachtaí diaine an chogaidh i gcoitinne acu chomh maith le tráma na láithreach catha agus dóchas seasmhach go bhfillfeadh siad ar a ndaoine muinteartha.  Cuimhnímid freisin ar a dteaghlaigh agus an crá croí agus an cruatan a d’fhulaing siad.”

 

D’fhógair an tAire Humphreys inniu freisin cistiú de €25,000 chun tacú le Tionscadal Comórtha Hill 70 - tionscnamh suntasach de chuid Cheanada leis an gCéad Chogadh Domhanda a chomóradh.  Úsáidfear an leithdháileadh €25,000 sin chun tacú le dhá Shiúlbhealach Comórtha Chros Victoria a fhorbairt mar chuid de Chuimhneachán Hill 70, gar do Loos na Fraince, a thiomnófar go sonrach do bheirt Ghael-Cheanadach ar ar bronnadh Cros Victoria as áiteanna éagsúla ar ár n-oileán - Maorsháirsint Complachta Robert Hill Hanna agus an Saighdiúir Singil Michael James O’Rourke.  Déanfaidh na siúlbhealaí an méid a rinne na saighdiúirí Gael-Cheanadacha sin le linn Chath Hill 70 a chomóradh agus tabharfar ómós dá n-oidhreacht leo. 

 

D’fhógair an tAire freisin, ar leithligh, leithdháileadh cistiúcháin de €10,000 chun tacú le ‘A Broken Tree’, ceiliúradh ar shaol agus shaothar an Leascheannaire Francis Ledwidge, an file, Óglach agus saighdiúir a cailleadh i gCath Passchendaele ar an 31 Iúil 1917.  Tá an seimineár agus an cheolchoirm speisialta seo á gcur i láthair ag an gcumadóir mór le rá agus ball d’Aosdána, Michael Holohan, agus beidh siad ar siúl i gcomhpháirtíocht leis an Leabharlann Náisiúnta agus an Gailearaí Náisiúnta Dé Sathairn, an 11 Samhain.  Tá cead isteach chuig an dá imeacht saor in aisce. 

 

Dúirt an tAire Humphreys:

 

“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil cistiú de €25,000 á chur ar fáil chun tacú le Tionscadal Comórtha Hill 70, tionscnamh suntasach de chuid Cheanada leis an gCéad Chogadh Domhanda a chomóradh.  Le tacaíocht Rialtas na hÉireann don tionscadal tábhachtach seo léirítear an caidreamh láidir cairdiúil atá idir Éirinn agus Ceanada agus ár gceangail dhlútha stairiúla, cultúrtha agus eacnamaíocha, atá á bhforbairt ó thráth an Ghorta Mhóir.  Tá Rialtas na hÉireann ag tacú le gné shonrach den leacht a fhorbairt, atá lonnaithe gar do Loos na Friance - is e sin dhá Shiúlbhealach Comórtha Chros Victoria, a bheidh tiomnaithe do bheirt Ghael-Cheanadach ar ar bronnadh Cros Victoria as dhá áit éagsúla ar ár n-oileán - Maorsháirsint Complachta Robert Hill Hanna agus an Sáirsint Singil Michael James O'Rourke.  Tugann sé deis shuntasach dúinn an bheirt seo agus na Gaeil-Cheanadaigh iomadúla eile a throid agus a cailleadh i gCath Hill 70 a chomóradh le clár ómóis an-chuí; agus le feasacht a mhúscailt ar na ceangail dhlútha stairiúla idir an dá thír.” 

 

“Tá an-áthas orm freisin cistiú de €10,000 a fhógairt chun tacú le ‘A Broken Tree’ - seimineár agus ceolchoirm speisialta ar an 11 Samhain, curtha le chéile ag an gcumadóir mór le rá, Michael Holohan, i gcomhar leis an Leabharlann Náisiúnta agus leis an nGailearaí Náisiúnta, le filíocht Francis Ledwidge a cheiliúradh.  Téann sé i bhfeidhm go mór orm go bhfuil a leithéid de chainteoirí, filí agus taibheoirí oirirce tagtha le chéile le saol Francis Ledwidge agus an méid a d’fhág sé le hoidhreacht a cheiliúradh leis an ócáid an-speisialta seo agus molaim gach duine atá bainteach leis.”

 

Chuir Michael Holohan le caint an Aire:

 

“Tá an cheolchoirm seo suntasach domsa ach go háirithe mar go mbailíonn sé le chéile an chuid is mó de chóirithe ceoil chlasaicigh Ledwidge. Ba i 1918 agus 1919 a chum Michael Head agus Ivor Gurney, a bhí beirt páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda, na chéad chinn díobh.  Ba fhreagairt an-phearsanta d’fhilíocht Ledwidge a gcuid saothar. D’fhill Michael McGlynn agus mé féin ar cuid oibre Ledwidge sna 1980í agus 1990í, as ar eascair fuinneamh nach beag i dtaca le suim a mhúscailt arís i measc chumadóirí i Ledwidge mar fhile.”

 

Críoch

Ceisteanna ó na meáin:

An Oifig Preasa agus FaisnéiseTeil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (díreach)Ríomhphost: press.office@chg.gov.ieSuíomh Gréasáin: www.chg.gov.ieTwitter: @DeptAHG

 

Nóta don Eagarthóir:

 

 

Tionscadal Cuimhneacháin Hill 70 Cheanada: 

 

Is é sprioc Thionscadal Comórtha Hill 70 imeachtaí Chath Hill 70 a chur i gcroílár scéal an Chéad Chogaidh Domhanda i gCeanada.  Tharla an Cath idir an 15 agus an 25 Lúnasa 1917 gar do bhaile straitéiseach Lens na Fraince agus ba é an chéad uair le linn an Chéad Chogaidh Domhanda a raibh Ceanadach i gceannas ar an gCór Ceanadach agus é i mbun troda.  Bronnadh sé Chros Victoria ar bhaill de Chór Cheanada a throid sa chath, beirt Ghael-Cheanadach ina measc.  Bronnadh Cros Victoria ar Michael O’Rourke (a rugadh in 1878 i gContae Luimnigh) agus Robert Hill Hanna (a rugadh in 1887 i gCill Chaoil, Contae an Dúin) as a ngníomhartha cróga.

 

Mar thoradh ar an gcath seo bhain Fórsa Sluaíochta Cheanada (CEF) bua tábhachtach amach le linn an Chéad Chogaidh Domhanda. Meastar go raibh níos mó ná 19,000 saighdiúir Ceanadacha de shliocht Éireannach ar fiannas sa CEF idir 1914 agus 1918.  Ó Chath Hill 70 ar aghaidh, bhí lucht Cheanada chun tosaigh sna mórthionscnaimh go léir agus mar gheall ar bhunú na dáimhe sin ghlac Ceanada páirt i gConradh Versailles.  Mar sin de, ba thráth suntasach in aistear Cheanada ó choilíneacht go náisiúntacht iomlán é an cath sin. 

 

Úsáidfear cistiú €25,000 Rialtas na hÉireann chun tacú le dhá Shiúlbhealach Comórtha Chros Victoria a fhorbairt, a thiomnófar go sonrach do bheirt Ghael-Cheanadach ar ar bronnadh Cros Victoria as áiteanna éagsúla ar ár n-oileán - Maorsháirsint Complachta Robert Hill Hanna agus an Saighdiúir Singil Michael James O’Rourke.  Déanfaidh na siúlbhealaí an méid a rinne na saighdiúirí Gael-Cheanadacha sin le linn Chath Hill 70 a chomóradh agus tabharfar ómós dá n-oidhreacht leo. 

 

A Broken Tree’, seimineár agus ceolchoirm speisialta ar an 11 Samhain le saol File Cogaidh na hÉireann, Francis Ledwidge, agus an méid a d’fhág sé le hoidhreacht a cheiliúradh

 

Cuirfear tús leis an gclár ar an 11 Samhain le seimineár sa Leabharlann Náisiúnta, ag tosú ag 11 am, áit a ndéanfaidh cainteoirí, lucht acadúil agus filí mór le rá machnamh ar shaol agus ar fhilíocht Francis Ledwidge agus file cogaidh de chuid na Breataine Bige, Hedd Wyn.  Beidh Susan Connolly ag rá dán óna sraith nua dánta, The Orchard Keeper, exploring the life of Francis Ledwidge.

 

I ndiaidh an tsearmanais beidh ceolchoirm sa Ghailearaí Náisiúnta, ag tosú ag 3.30 pm. Leis an gceolchoirm tabharfar le chéile raon leathan de chóirithe ceoil chlasaicigh d’fhilíocht Ledwidge agus beidh taibhithe ann le Anúna agus ealaíontóirí eile. Beidh an cheolchoirm ag teacht freisin le hoscailtAftermath: The War Landscapes of William Orpen, a bheidh ag oscailt sa Ghailearaí Náisiúnta ar an 11 Samhain freisin.

 

Beifear ag ceiliúradh saol Fhile Cogaidh na hÉireann, Francis Ledwidge, le clár imeachtaí saor in aisce dar teideal ‘A Broken Tree’, cruthaithe ag an gcumadóir agus ball d’Aosdána, Michael Holohan. Cuimseoidh sé dhá imeacht ar an 11 Samhain - seimineár i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ón 11 am go 1 pm agus ceolchoirm sa Ghailearaí Náisiúnta, a thosóidh ag 3.30pm.

Beidh cainteoirí éagsúla ag glacadh páirte i Seimineár Ledwidge sa Leabharlann Náisiúnta, lena n-áirítear:

 

-          John Quinn - The Poet of the Blackbird : caint le léaráidí ón gcraoltóir agus scríbhneoir ar shaol agus ar shaothaor Francis Ledwidge;

 

-          An Dr Lucy Collins UCD - Francis Ledwidge: Writing Landscape in a Time of War: caint faoi fhilíocht Ledwidge;

 

-          An Dr Nerys  Williams UCD - Community of the Black Chair: Encountering Hedd Wyn and Francis Ledwidge. Labhróidh an Dr Williams faoin bhfile ón mBreatain Bheag, Hedd Wyn, a maraíodh ar an lá céanna le Ledwidge agus atá curtha gar dó i Reilig Artillery Wood in Ypres na Beilge; agus

 

-          John Quinn a sheolfaidh The Orchard Keeper (Shearsman Books) leis an bhfile Susan Connolly. Beidh an file ag rá dánta óna sraith nua dánta faoi Francis Ledwidge. 

 

Tá an cead isteach saor in aisce agus ní gá áit a chur in áirithe roimh ré. 

 

Leis an gceolchoirm i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann (Seomra Shaw) tabharfar le chéile raon leathan cóirithe ceoil chlasaicigh d’fhilíocht Ledwidge.

 

-          Beidh Louise Martyn, soprán agus Annalisa Monticelli, pianódóir, ag cur ciogal amhrán Michael Head, Over the Rim of the Moon (1919) agus an t-amhrán Desire in Spring le Ivor Gurney (1918) i láthair;

 

-          I gcuideachta Michael Holohan, cumadóir agus pianódóir, beidh Hannah O’Brien, soprán agus Rebecca Draisey-Collishaw ar an óbó agus cor anglais lena chiogal amhrán Ledwidge nua, The Hills are Crying (2017) a thaibhiú; agus

 

-          Déanfaidh an cór Éireannach mór le rá, Anúna, rogha de chóirithe Ledwidge leis an gcumadóir agus stiúrthóir ceoil an chóir, Michael McGlynn, a thaibhiú ón n-albaim Behind The Closed Eye (2003) agus Songs Of The Whispering Things (2017).