Foilsithe ar 

An tAire Madigan T.D. chun fleasc a leagan ag searmanas ar Dhomhnach na Cásca i Reilig Ghlas Naíon chun comóradh a dhéanamh ar chách a d’éag i rith Éirí Amach na Cásca 1916

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., ag freastal ar searmanas speisialta i Reilig Ghlas Naíon ar maidin (Dé Domhnaigh 1 Aibreán) chun 102ú cothrom lae Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh. Leagfaidh an tAire Madigan agus Sarah Tiffin, Leas-Cheannasaí Misin ag Ambasáid na Breataine, fleascanna ag Séadchomhartha Sigerson i gcuimhne dóibh siúd a d’éag.  Leagfaidh Ambasadóir na Fraince H.E. Stéphane Crouzat agus an tArd-Bhriogáidéir Howard Berney, Oifigeach Ginearálta na bhFórsaí Cosanta, an 2ú Briogáid, fleascanna ar uaigh Edward Hollywood.  Dúnfaidh an searmanas nuair a leagfaidh fionnó Pheadar Kearney agus John Green, Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon fleasc ar a uaigh. 

 Glasnevin

Dúirt an tAire Madigan: 

Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh ar an Rialtas ag an searmanas cuimhneacháin seo chun cách a d’éag i gcúis shaoirse na hÉireann i rith Seachtain na Cásca 1916 a chomóradh.  Cuimhnímid orthusan go speisialta atá faoin bhfód go síochánta sa reilig seo agus ar chruthaitheoirí ár dhá siombal mhóra náisiúnachta. 

Comóraimid Edward Hollywood a thug ár mBratach Náisiúnta dúinn, le teachtaireacht athmhuintearais agus cairdis idir na traidisiúin éagsúla ar an oileán seo.  Tá an bród agus an meas a bhraithimid as ár mbratach ag croílár ár n-aitheantais mar Éireannaigh agus is siombail chumhachtach í dár dtiomantas chun síocháin agus comhthuiscint a chur chun cinn i measc na bpobal go léir. 

Cuimhnímid freisin ar Pheadar Kearney, a scríobh i 1907 na bunliricíní Béarla de 'The Soldier's Song'. Is é an t-aistriúchán ar a amhrán – Amhrán na bhFiann – ár nAmhrán Náisiúnta ó 1926. 

 

Chuir an tAire Madigan leis sin:

I mbliana, agus sinn ag cuimhneamh ar na clocha míle suntasacha a sroicheadh i 1918 – an turas fada agus deacair chun ceart vótála a thabhairt d’fhir agus do mhná agus mná a chuimsiú go hiomlán sa saol polaitiúil, tá sé oiriúnach go dtugaimid ómós speisialta do Dora Sigerson. Dealbhóir cumasach agus pearsa mhór d'Athbheochan Liteartha na hÉireann ab ea í a dhear an cuimhneachán álainn seo chun iadsan a thug a saol sa tóir ar fhéinchinntiúchán agus ar náisiúnacht a onórú.