Foilsithe ar 

An tAire Madigan ag lorg iarratas maidir le láithreáin le háireamh ar Liosta Sealadach na hÉireann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda

Tá glao ar iarratais déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan Uasal TD, maidir le láithreáin nua a d'fhéadfaí a chur le Liosta Sealadach na hÉireann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda. Feidhmíonn Roinn an Aire mar Pháirtí Stáit chuig an gCoinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda UNESCO, chun láithreáin eile a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach lena n-inscríobh ar Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO a aithint. Bheadh siad i measc dhá Láithreán Oidhreachta Domhanda eile in Éirinn: Sceilg Mhichíl, Co. Chiarraí; agus Brú na Bóinne, Co. na Mí.
Fáilteofar roimh iarratais ó údaráis áitiúla, Comhlachtaí Stáit, eagraíochtaí pobail agus daoine aonair i ndáil le láithreáin oidhreachta tógtha nó nádúrtha a bhféadfadh Sárluach Uilíoch a bheith ag baint leo. De réir riachtanais UNESCO ní mór do Láithreán Oidhreachta Domhanda suntas cultúir agus/nó nádúrtha a bheith ag baint leis atá chomh heisceachtúil sin go meastar tábhacht seachas tábhacht náisiúnta a bheith leis agus tábhacht comhchoiteann a bheith leis do ghlúnta reatha agus do ghlúnta amach anseo.” Tá tuilleadh eolais le fáil maidir le Sárluach Uilíoch i dTreoirlínte Oibríochta Oidhreacht Dhomhanda UNESCO: https://whc.unesco.org/en/guidelines/
De bharr lear mór oibre a bheith i gceist, tá go dtí an 26 Meitheamh 2020 ag iarratasóirí a dtograí a chur ar aghaidh. Déanfaidh an Roinn iad a mheas ar dtús lena chinneadh ar cheart iad a chur ar aghaidh chuig athbhreithniú neamhspleách, seachtrach. Socróidh na hathbhreithneoirí seachtracha cibé an féidir a léiriú go bhfuil Sárluach Uilíoch ag baint leis an láithreán agus ar cheart é a áireamh ar Liosta Sealadach le cur ar aghaidh chuig UNESCO chun an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir lena bhfuil sé incháilithe do stádas Oidhreachta Domhanda.
Chuir an tAire Madigan fáilte roimh an scéala go bhfuil próiseas iarratais an Liosta Shealadaigh oscailte, agus dúirt: “Is deis iontach é an glao ar iarratais ar an Liosta Sealadach d'eagraíochtaí pobail, reachtúla agus deonacha na hacmhainní iontacha atá ina dtimpeall a mheas. Baineann pobail sásamh mór as an bpróiseas le hiarratas a dhéanamh ar an Liosta Sealadach agus an t-ullmhúchán ina dhiaidh sin le láithreán a ainmniú ina Láithreán Oidhreachta Domhanda mar go dtugann sé deis dóibh eolas níos fearr a chur ar an láithreán agus oibriú le chéile chun bainistiú agus cosaint an láithreáin a chinntiú sa bhfadtéarma do na glúnta atá le teacht.
“Go deimhin féin, bíonn obair mhór i gcomhar ag baint le láithreán a thabhairt go dtí céim an ainmniúcháin ina Láithreán Oidhreachta Domhanda, deis a bhíonn ann an pobal a thabhairt le chéile agus mórtas áite a roinnt leis an domhan mór.”