Foilsithe ar 

An tAire Stáit Kyne ag Bronnadh Ghradam Ghnó le Gaeilge 2017 in Óstán Knockranny, Cathair na Mart

Is é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí ag ócáid Bronnadh Ghradam Gnó le Gaeilge in Óstán Knockranny i gCathair na Mart tráthnóna.

Is iad Gnó Mhaigh Eo, atá ar an bhfód le deich mbliana ag cur an Ghaeilge chun cinn san earnáil ghnó i gContae Mhaigh Eo agus ag spreagadh an pobal gnó chun aitheantas a thabhairt don teanga mar acmhainn eacnamaíochta, atá ag reáchtáil an chomórtais seo. Tá maoiniú de os cionn €100,000 sa mbliain curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta do Ghnó Mhaigh Eo sa tréimhse chéanna.

Ag labhairt dó ag an mbronnadh, dúirt an tAire Stáit Kyne:
“Fáiltím roimh an bhéim atá á leagan ag na gnólachtaí anseo agus ag Gradam Gnó le Gaeilge araon ar an tábhacht a bhaineann le ‘Seirbhís i nGaeilge’ a chur ar fail do na custaiméirí agus dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Trí bheith páirteach sa Ghradam seo, tá tuiscint shoiléir á léiriú agaibh ar an luach a chuireann sibh ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is fearr atá againn, ár dteanga dhúchais féin.”

Nóta do na heagarthóirí
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cúnamh airgeadais ar fáil do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca, Corcaigh. Tá an obair atá ar siúl ag na heagraíochtaí seo ag teacht go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.