Foilsithe ar 

An tAire le Clár Imeachtaí Cultúir Ghaillimh 2020 a sheoladh

Dé Céadaoin an 18 Meán Fómhair seolfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D. Clár Imeachtaí Cultúir Ghaillimh 2020 - Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

 

Fógróidh an tAire mionsonraí an Chláir Gaillimh 2020 i dteannta Chathaoirleach  Ghaillimh 2020, Arthur Lappinto go poiblí os comhair slua mór. Beidh seó gan choinne ar siúl ar an bhFaiche Mhór i ndiaidh an tseolta. I dtús mhí Feabhra 2020 a thosóidh an Clár agus beidh tionscadail ann i gcontae agus i gcathair na Gaillimhe, na hoileáin san áireamh chomh maith le himeachtaí a bheith ar siúl ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Teanga, tírdhreach agus imirce téamaí na n-imeachtaí agus is ceiliúradh a bheidh iontu ar éagsúlacht chultúir na hEorpa. Beidh go leor de na himeachtaí saor in aisce don phobal.

 

Roimh an seoladh, dúirt an tAire “gur deis é ainmniúchán na Gaillimhe ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa nach mbeidh ann arís agus gur deis í chun, ní hamháin Gaillimh ach Éirinn a chur os comhair na hEorpa agus an domhain.  Ón gcósta is faide siar san Eoraip, beidh Éire i mbun caidrimh lenár bpáirtnéirí cultúir ar fud san AE agus níos faide ó bhaile.  Tréaslaím le foireann Ghaillimh 2020 agus guím gach rath orthu sin ar fad a bheidh páirteach in imeachtaí ina bliana.”

 

Tá maoiniú €15 milliún geallta ag an Rialtas don Ghaillimh 2020 - Príomhchathair Chultúir na hEorpa. Ardán den chéad scoth é Gaillimh 2020 chun cruthaitheacht na hÉireann a chur os comhair an tsaoil agus ceangal a chruthú le páirtnéirí agus tionscadail eile atá beartaithe i gcomhar le 23 tír san AE chomh maith le leasanna eile ar fud an domhain.