Foilsithe ar 

Borradh do chiste cultúir Thuaisceart Éireann - an tAire Humphreys

An Cheolfoireann Trasteorann chun €100,000 a fháil

Tá méadú 27% ar mhaoiniú do thionscadail chultúir a thacaíonn le comhoibriú le Tuaisceart Éireann dearbhaithe inniu (Dé hAoine) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD .
Tá €250,000 i maoiniú reatha leithdháilte chun tacú le comhoibriú le Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear maoiniú tiomnaithe de €100,000 do Cheolfhoireann Trasteorann na hÉireann agus €150,000 i maoiniú don scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann, a sheolfar sa chéad ráithe de 2017.
Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:“Síneann cultúr na hÉireann ar fud oileán na hÉireann agus cuireann mo Roinnse maoiniú díreach ar fáil don scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann, a gcuirfear síneadh léi in 2017. Cuirtear cúnamh ar fáil do thionscadail chultúir ar scála beag a théann chun tairbhe don Tuaisceart agus don Deisceart araon. Bhí leibhéal an-ard éilimh ar an scéim in 2016 agus tá mé cinnte go mbeidh éileamh chomh mór céanna uirthi nuair a osclóidh sí sa chéad ráithe de 2017.
“Tá áthas faoi leith orm líne tiomnaithe maoinithe a chur ar fáil do Cheolfhoireann Trasteorann na hÉireann, ar tionscnamh leanúna síochána é a chuimsíonn ceoltóirí óga thar a bheith cumasach ó gach cearn d’Éirinn – Thuaidh agus Theas. An t-am seo anuraidh, chuidigh an Cheolfhoireann linn tús maith a chur le bliain an chéid trí pháirt a ghlacadh sa chéad cheolchoirm den bhliain. Is iontach an eagraíocht í agus tá an-áthas orm go bhfuil ar mo chumas a leibhéal maoinithe a mhéadú do 2017.”