Foilsithe ar 

Borradh maoinithe faighte ag an Oíche Chultúir in 2017 - an tAire Humphreys

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) go bhfuil sí ag méadú an bhunmhaoiniú don Oíche Chultúir faoi 20% in 2017. Beidh Oíche Chultúir 2017 ar siúl ar dháta níos déanaí i mbliana ar an Aoine, 22ú Meán Fómhair mar fhreagra ar mhór-éileamh. Tá an tAire Humphreys ag cur €300,000 san iomlán ar fáil in 2017 chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann cur le gníomhaíochtaí na hoíche cultúir.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Is ócáid iontach bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann an deis do dhaoine cuairt a thabhairt ar ionaid agus blaiseadh a fháil de chultúr nach mbíonn ar fáil de ghnáth. Cuireann an oíche na háiseanna agus na hacmhainní iontach cultúir atá againn go háitiúil agus go náisiúnta i gcuimhne dúinn ar fad.

“Ní amháin go spreagann an Oíche Chultúir daoine chun blaiseadh a fháil de nithe nua agus cuairt a thabhairt ar na hionaid chultúir atá timpeall orthu; cabhraíonn sé le meon pobail agus dúchais a chruthú. Tá an ócáid imithe ó neart go neart le blianta beaga anuas agus, mar sin, tá mé an-sásta aitheantas a thabhairt do mhéadú agus do rath na hOíche Cultúir trí 20% breise a chur ar fáil dá bunmhaoiniú do 2017.

“I mbliana freisin beidh lá bliantúil cultúir, tionólfar ‘Cruinniú na Cásca’ ar fud na tíre ar Luan Cásca, mar chuid de chlár Éire Ildánach. Tacóidh sé go láidir leis an rath atá ar an Oíche Chultúir agus leabóidh sé an cultúr i ngach contae agus i ngach pobal ar fud na tíre.”

Nótaí do na hEagarthóirí:

Cuireadh maoiniú breise ar fáil d’Oíche Chultúir 2016 i gcomhthéacs imeachtaí chomóradh an chéid ar siúl agus coinneoidh an méadú ar an mbunmhaoiniú an leibhéal tiomantais sin don Oíche Chultúir do 2017.