Foilsithe ar 

CLÁ‏R 2017 á sheoladh ag an Aire Stáit Ring

€5 mhilliún ar fáil do cheantair thuaithe faoi mhíbhuntáiste


Rinne an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring TD, sonraí CLÁR 2017 a fhógairt inniu (dáta). Le CLÁR cuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail chaipitiúla bheaga i gceantair thuaithe a bhfuil bánú suntasach déanta orthu. Tá an clár, a bhfuil buiséad de €5 mhilliún ag gabháil leis i mbliana, mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe, a seoladh i mí Eanáir 2017.
Ag labhairt dó ag seoladh CLÁR 2017, dúirt an tAire Ring:
“Is clár an-tábhachtach é seo do phobail in áiteanna iargúla faoin tuath in Éirinn. Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil €5 mhilliún de mhaoiniú á leithdháileadh ar an gclár i mbliana agus beidh mé ag tabhairt cuireadh d’Údaráis Áitiúla agus do ghrúpaí eile moltaí a chur chuig mo Roinn lena mbreithniú.
I ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis na scéimeanna a sheol mé faoin gclár anuraidh, tá maoiniú á chur ar fáil agam arís do bhearta sábháilteachta gar do scoileanna agus áiseanna pobail eile, chomh maith le maoiniú d’áiteanna súgartha.
Tá raon an chláir á leathnú agam i mbliana freisin chun go gcuirfear maoiniú caipitil ar fáil do thionscadail nuálacha phobalbhunaithe nach gcáilíonn do scéimeanna seanbhunaithe eile."
Lean an tAire Stáit lena cuid cainte:
“Is cúis áthais faoi leith dom é tionscnamh nua a fhógairt faoi CLÁR chun tacú lenár n-eagraíochtaí éigeandála, a chuireann seirbhís den scoth ar fáil i gceantair thuaithe, go minic i gcúinsí an-deacra. Leis an maoiniú seo cuirfear ar a gcumas trealamh a cheannach nó a uasghrádú atá oiriúnach chun cabhrú lena ngníomhaíochtaí tarrthála.”
Tá CLÁR á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus, den chuid is mó, is iad na hÚdaráis Áitiúla i gcomhairle le pobail áitiúla a dhéanfaidh é a sheachadadh. Seolfar moltaí chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta lena measúnú agus lena bhfaomhadh.

Eiseofar sonraí uile na scéime chuig na hÚdaráis Áitiúla agus eagraíochtaí ábhartha eile sna laethanta atá amach romhainn.