Foilsithe ar 

Ceadaíonn an tAire Humphreys maoiniú €250,000 do Theach Russborough, Co. Chill Mhantáin

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go bhfuil maoiniú €250,000 ceadaithe aici d’oibreacha uasghrádaithe ar Theach Russborough i gCill Mhantáin.

 

Eascraíonn sé as iarratas ó Fhondúireacht Alfred Beit, a riarann Teach Russborough, chuig an Aire ar dheontas de €250,000 i dtreo dheisiúcháin ar an teach. Tá maoiniú meaitseála faighte ón Apollo Trust sa Ríocht Aontaithe.

 

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Tá cuairt tugtha ag os cionn 100,000 duine ar Theach Russborough agus ar na páirceanna máguaird le linn 2016, agus tá ioncam ag an Teach ag dul i méid chomh maith. Is suíomh tábhachtach oidhreachta é Teach Russborough agus is díol spéise é do thurasóirí atá ag teach go Co. Cill Mhantáin agus tá áthas orm a bheith in ann an deontas seo de €250,000 a cheadú chun oibreacha uasghrádaithe a dhéanamh ar an Teach. 

 

“Is í seo an chéad uair le roinnt blianta anuas, a bhuíochas don gheilleagar ag dul i bhfeabhas, go bhfuil mo Roinn in ann tacaíocht chaipitil a chur ar fáil don Teach. Tá Russborough féin ag teacht chuige féin as staid deacair airgeadais, agus ba mhaith liom moladh a thabhairt do na hiarrachtaí a rinne Fondúireacht Alfred Beit chun oibríochtaí an tí a chur ar bhonn níos inbhuanaithe.

 

“Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil Russborough ag pleanáil chun cinn don todhchaí le muiníne athnuaite agus tá a fhios agam go bhfuil fís uaillmhianach ag an bhFondúireacht chun an Teach a fhorbairt mar ionad le haghaidh oideachas sna healaíona. Leanfaidh mo chuid oifigeach ag obair leis an bhFondúireacht de réir mar atá na pleananna sin á bhforbairt.

 

“I mí na Nollag 2015, d’fhoilsigh mo Roinn Plean Gníomhaíochta do Thodhchaí Inbhuanaithe Thithe Stairiúla na hÉireann faoi úinéireacht phríobháideach, ar nós Teach Russborough, lena n-áirítear sraith tionscnamh atá idir lámha faoi láthair chun cuidiú leis na maoine stairiúla seo a chur ar bhonn níos inmharthana go fadtéarmach.

 

“Tá obair ar bun i gcónaí ar fud réimse gníomhaíochtaí maidir lena naisc lárnacha le pobail áitiúla, infheistíocht fheabhsaithe agus dreasachtaí fioscacha, margaíocht níos fearr trí chláir Fháilte Éireann agus agus cur chuige luach poiblí atá bunaithe níos mó ar chomhoibriú.”