Foilsithe ar 

Ceadúnais Chlub Cúrsála na hÉireann fós ar fionraí agus galar fuilreatha coiníní ag scaipeadh

Iarrtar ar an bpobal a bheith airdeallach agus cásanna a bhfuil amhras fúthu a thuairisciú

Tá cinneadh déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, na ceadúnais a eisíodh chuig Club Cúrsála na hÉireann chun giorriacha a ghabháil agus a chlibeáil do shéasúr cúrsála 2019/20 a chur ar fionraí ar feadh tréimhse níos faide. Tá baol níos mó ann go scaipfeadh an galar fuilreatha coiníní (RHD2) agus bailiú giorriacha do chruinnithe cúrsála ar siúl. Mar sin féin, déanfar athbhreithniú ar bhonn leanúnach ar an gcinneadh na ceadúnais a chur ar fionraí.

 

Tuairiscíodh galar fuilreatha coiníní (RHD2) san fhiántas in Éirinn den chéad uair go luath i mí Lúnasa. Tá cásanna den ghalar deimhnithe anois i sé chontae - Corcaigh, An Clár, Liatroim, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Loch Garman. Tá an giorria sléibhe Éireannach dúchasach d'Éirinn agus níl sé le fáil áit ar bith eile, má éiríonn leis an ngalar seo a bheith chomh hionfhabhtaíoch agus marfach anseo is a bhí sé in áiteanna eile san Eoraip, d'fhéadfadh sé tionchar millteach a bheith aige ar an ngiorria.

 

Ní bhaineann aon bhaol le galar fuilreatha coiníní do shláinte an duine agus is féidir coiníní nó giorriacha ionfhabhtaithe nó coiníní nó giorriacha ionfhabhtaithe a bhásaigh le gairid a láimhseáil go sábháilte an fhad agus a leantar de ghnáthnósanna sláinteachais.

 

Tá an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (NPWS) sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta anois ag achainí arís ar an bpobal aon chásanna a bhfuil amhras fúthu a thuairisciú. 

 

Cé gur i gcoiníní a tuairiscíodh an chuid is mó de chásanna deimhnithe go dtí seo, fuarthas an galar sa ghiorria sléibhe Éireannach chomh maith.

Tá an víreas thar a bheith frithsheasmhach, agus is féidir leis maireachtáil sa timpeallacht ar feadh suas le dhá mhí. Is féidir é a scaipeadh trí theagmháil dhíreach, agus i bhfaecas agus fual freisin. Féadann conablaigh ionfhabhtaithe an víreas ionfhabhtaíoch a iompar ar feadh roinnt míonna tar éis bháis. Chomh maith leis sin is féidir an víreas a iompar in ithir, ar bhróga, ar éadaí agus is féidir le feithidí é a iompar freisin. Is féidir é a mharú áfach trí úsáid a bhaint as díghalráin fheiliúnacha (e.g. Virkon).

 

Tá bearta bithshlándála curtha i bhfeidhm ar láithreáin an tSeirbhís Páriceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ag Oifig na nOibreacha Poiblí inar deimhníodh an galar agus leanann Maoirseoirí Caomhantais de mhonatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí go náisiúnta.

 

Iarrtar ar an bpobal - go hairithe úinéirí talún, feirmeoirí, tréidlianna agus an pobal cúrsála giorriacha - a bheith an-airdeallach agus aon choiníní nó giorriacha a bhraitear agus a bhfuil amhras orthu go bhfuil an galar orthu a thuairisciú chomh luath agus is féidir d'fhonn cuidiú le hiarrachtaí monatóireacht a dhéanamh ar an ngalar seo agus é a rialú.

 

Is féidir é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Páriceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra trí ghlaoch ar an uimhir (1890 383 000) nó trí Ríomhphost a sheoladh chuig (nature.conservation@chg.gov.ie.)

 

Críoch

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is iad na Normannaigh a thug an coinín (Oryctolaguscuniculus) go hÉirinn ar dtús sa 12ú hAois le haghaidh feola agus fionnaidh. Tá sé le fáil go forleathan ar fud na tíre agus le fáil i ngach contae. Is í Leithinis na hIbéire áit dhúchais an choinín agus tá meath suntasach tagtha air ansin le roinnt mhaith blianta anois. Le tamall anuas, is mar gheall ar an víreas RHD é sin.

 

Tá an giorria sléibhe Éireannach (Lepus timidushibernicus) ina ainmhí dúchasach d'Éirinn. Is fospeiceas é den ghiorria sléibhe (Lepus timidus) atá le fáil in Albain agus sna hAlpa. Tá sé le fáil ar fud na tíre agus le fáil i ngach contae.

 

Tá an galar víreasach RHD2 thar a bheith tógálach. Táthar ar an eolas go mbaineann spleáchas dlúis leis an ngalar (i.e. dá airde dlús na n-ainmhithe is ea is airde líon cásanna an ghalair). Athraíonn básmhaireacht laistigh de phobail idir 10-70%. D'fhéadfadh 3-9 lá a bheith i gceist sula tagann comharthaí an ghalair chun cinn agus d'fhéadfadh ainmhithe nach bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad ionfhabhtaithe leis an víreas a bheith ag iompar an víris agus ról tábhachtach a bheith acu maidir le scaipeadh an ghalair.