Foilsithe ar 

Ceannacháin mhóra de chartlann Yeats á bhfógairt ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD

Tar éis cheantáil Sotheby’s i Londain d’ábhair ó bhailiúchán theaghlach Yeats, tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Céadaoin, an 27 Meán Fómhair) go bhfuil an Stát, tríd an Leabharlann Náisiúnta agus an Ard-Mhúsaem, tar éis gnéithe shuntasacha den bhailiúchán a cheannach le tacaíocht airgeadais ón Aire.

“Le 9 mí anuas, tá mé ag obair leis an Leabharlann Náisiúnta agus leis an Ard-Mhúsaem le cinnte a dhéanamh go mbeadh an Stát in ann earraí atá suntasach dar leis an dá institiúid agus a bhí le cur ar ceant i Londain inniu a cheannach. Beidh na réada sin anois mar chuid de bhailiúcháin náisiúnta ár bhforais chultúir. Ach go háirithe, cuirfidh an comhfhreagras a fuair an Leabharlann Náisiúnta go mór leis an mbailiúchán, an ceann is mó ar domhan d’ábhar Yeats, ar cuireadh tús leis chomh fada siar le 1936,” a dúirt an tAire Humphreys.

“San iomlán, tá ábhair de luach os cionn €4m ceannaithe ag an Stát ó bhailiúchán theaghlach Yeats trí cheannach díreach agus síntiúis ag baint leasa as an gcóras faoisimh cánach dá bhforáiltear faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha.”

I mí Iúil na bliana seo chuir an tAire €650,000 ar fáil don Leabharlann Náisiúnta agus don Ard-Mhúsaem mar seo a leanas:

  • Soláthraíodh €500,000 don Leabharlann Náisiúnta le bailiúchán litreacha idir WB Yeats agus a bhean, George, a cheannach (praghas ceannaigh de €725,000):

 

  • Cuireadh €150,000 ar fáil don Ard-Mhúsaem le troscán agus déantáin eile a cheannach (praghas ceannaigh de €170,800).

 

I dtreo dheireadh 2016, sholáthair an tAire dhá thráinse cistiúcháin don Leabharlann Náisiúnta le haghaidh píosaí den bhailiúchán mar seo a leanas:

 

  • €118,000 i dtreo 10 litir idir James Joyce agus Yeats agus dialann brionglóidí Yeats a cheannach (praghas ceannaigh €293,256);

 

  • €400,000 chun cur ar chumas na Leabharlainne leabharlann theaghlach Yeats a cheannach - rud a chuirfidh go mór le leabharlann Yeats féin, atá i seilbh na Leabharlainne Náisiúnta cheana féin (praghas ceannaigh €436,349).

 

Chomh maith leis na ceannacháin sin, beidh luach de bheagnach €2.5m ag baint le tabhartas ón teaghlach de bhonn agus teastas Nobel Yeats in 2016, agus tabhartas eile d’ábhar atá á n-aontú faoi láthair faoi Alt 1003 i mbliana.

 

Cuireann ceannachán na litreacha agus an troscáin bhreise go mór le cartlann an Stáit d’ábhair Yeats.  Mar gheall ar an gcur chuige comhoibríoch i leith bhainistiú an cheannacháin idir an Músaem agus an Leabharlann, beifear in ann mórthaispeántais a chur ar bun ag úsáid bailiúcháin an dá insititiúid.

Thug an tAire faoi deara chomh maith gur cheannaigh an Leabharlann Náisiúnta roinnt ábhar eile ag an gceannt inniu ar luach thar €72,000.

Nóta do na hEagarthóirí

I measc na réada atá ceannaithe ag an Ard-Mhúsaem tá:

  • Tábla scríbhneoireachta gallchnóch a shuigh ar cholbha leaba WB Yeats agus a d’úsáid sé nuair a bhí sé ag téarnamh i dtreo dheireadh a shaoil.
  • Cófra d’adhmad óraithe Burmach a úsáideadh le lámhscríbhinní a choinneáil ann.
  • Cófra tarraiceán maisithe ar an taobh istigh le péintéireachtaí a rinne a dheartháir, Jack.
  • Bailiúchán de dhéantáin ‘diamhra’ lena léirítear tionchar na hasarlaíochta agus an spioradáltachais ar a shaothar.
  • Sraith masc Seapáineach. Rinne Yeats gnéithe den amharclannaíocht Noh a fhí ina chuid ceapadóireachta drámaí.
  • Mar chuid den bhailiúchán tá tacar bronntanais Yeats den chéad eisiúint de mhona Shaorstát Éireann, a thug an tAire Airgeadais dó i 1928. Bhí Yeats ina cheannaire ar an gcoiste comhairleach a roghnaigh an dearadh do chéad mhona Shaorstát Éireann. Breithníodh iarratais sheachtar ealaíontóirí, agus ba é an dealbhadóir agus dearthóir Sasanach, Percy Metcalfe, a fuair an bua.

 

Tá bailiúchán mór d’ábhair Yeats curtha i dtoll a chéile ag an Leabharlann Náisiúnta thar na blianta, lena n-áirítear:

  • Lámhscríbhinní bunaidh na ndánta ‘Oisin’ agus ‘The Wanderings of Usheen’ le WB Yeats;
  • Lámhscríbhinní, clóscríbhinní, profaí ceartaithe agus nótaí eile a bhain le 19 ndráma de chuid WB Yeats;
  • Ceithre imleabhar lán gearrtháin de léirmheasanna ar shaothar luath WB Yeats agus roinnt alt a scríobh sé féin; Comhfhreagras de chuid WB Yeats maidir le hAmharclann na Mainistreach;
  • Raidhse lámhscríbhinní, dréachtaí, leasuithe, etc. de dhánta WB Yeats;
  • Páipéir WB Yeats agus Jack B Yeats;
  • Bailiúchán páipéar de chuid WB Yeats, ag baint go príomha le spioradáltachas agus an asarlaíocht, ina bhfuil 100 leabhar nótaí agus cóipleabhar agus 130 comhad de pháipéir scaoilte, i 9 mbosca cartlainne;
  • Leabharlann phearsanta William Butler Yeats;
  • Bonn agus dioplóma Nobel WB Yeats chomh maith le comhfhreagras a bhain le bronnadh an Duais Nobel;
  • Comhfhreagras idir James Joyce agus WB Yeats agus Dialann Brionglóidí George Yeats agus
  • Leabharlann theaghlach Yeats.

Fuarthas cuid mhór de na hábhair sin le cúnamh ón Rialtas ag an am, trí leas a bhaint as dreasachtaí cánach agus trí thabhartais fhlaithiúla ón teaghlach.