Foilsithe ar 

Ceapacháin chuig an gComhairle um an gCartlann Náisiúnta á bhfógairt ag an Aire Humphreys

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine) go bhfuil 12 cheapachán déanta chuig an gComhairle um an gCartlann Náisiúnta. Tá an Breitheamh John Hedigan ceaptha mar Chathaoirleach.

Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, ní mór gur baill de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (CLÉ) iad beirt bhall den Chomhairle, agus ní mór gur cartlannaithe nach bhfuil fostaithe ag an gCartlann Náisiúnta iad beirt bhall freisin.

Rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí measúnú ar na ceapaithe go léir. Mairfidh na ceapacháin ar feadh tréimhse cúig bliana.

Is iad seo a leanas baill nuacheaptha na Comhairle:
· An Breitheamh John Hedigan - Breitheamh sa Chúirt Achomhairc
· Hiram Morgan (CLÉ) - Léachtóir Sinsearach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Stiúrthóir Institiúid na hÉireann um Thaighde Stairiúil
· Ciara Breathnach - Léachtóir in Ollscoil Luimnigh, Comhalta de Bhord na Leabharlainne Náisiúnta
· Kieran Hoare (CLÉ) - Cartlannaí OÉG
· Natalie Harrower - Stiúrthóir Gníomhach Thaisclann Dhigiteach na hÉireann
· John Grenham - Gineolaí
· Elizabeth Mullins - Léachtóir sa Staidéar Cartlannaíochta, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath
· Catriona Mulcahy - Cartlannaí na hOllscoile, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
· Michael Nolan - Eolaí Sinsearach Taighde, Intel Labs Europe
· Stephen Mac Eoin - Oifigeach i bhFeighil, an Chartlann Mhíleata
· Brian McGee - Príomh-Chartlannaí, Cartlann Chathair agus Chontae Chorcaí
· Deirdre Raftery - Ollamh Comhlach (Oideachas), An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath

Nótaí do na hEagarthóirí:

Bunaíodh an Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta i mí Eanáir 1987 faoi Alt 20 den Acht um Chartlann Náisiúnta le comhairle a chur ar an Aire le freagracht as an gCartlan Náisiúnta - i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin Acht agus maidir le gach ceist a bhaineann le cartlanna agus lena n-úsáid ag an bpobal.