Foilsithe ar 

Ceapann an tAire Humphreys baill nua ar bhord Ghailearaí Crawford

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu (Dé hAoine) go bhfuil ochtar ball nua ceaptha aici ar bhord Ghailearaí Crawford. Tá na ceapaithe uile seiceáilte ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus fuarthas amach go bhfuil an taithí acu atá ag teastáil chun freastal ar an mBord. Mairfidh na ceapacháin ar feadh tréimhse cúig bliana.

 

Tá Rose McHugh ainmnithe ag an Aire mar Chathaoirleach ar an mBord.  Déanfar a ceapachán foirmiúil tar éis di teacht I láthair an Choiste ábhartha Oireachtais

 

Is iad baill nua boird Ghailearaí Crawford:

 

  • Josephine Browne
  • Catherine Hammond
  • Karen Kelly
  • Eamonn Maxwell
  • Rose Mc Hugh
  • Frank Nyhan
  • Gareth O’Callaghan
  • Barrie O’Connell

 

Nótaí do na hEagarthóirí

 

Beathaisnéisí gearra Bhaill an Bhoird:

 

Josephine Browne: Ceann Dhámh na Fiontraíochta agus na nDaonnachtaí in IADT, Dún Laoghaire; Iar-Uachtarán ar Chumann Tráchtála Dhún Laoghaire Ráth an Dúin; Abhcóide, PhD i ndlí saothair.

 

Catherine Hammond: Úinéir agus Stiúrthóir Ghailearaí Catherine Hammond, An Sciobairín;, iar-Stiúrthóir Feidhmeach, Cill Rialaig; taithí leathan ar phleanáil straitéiseach, tiomsú airgid agus margaíocht i réimse eagraíochtaí cultúrtha i SAM.

 

Karen Kelly: Bainisteoir Forbartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; taithí 18 mbliana in eagraíochtaí gormshlise sa Ríocht Aontaithe, i SAM, sa Bheilg agus in Éirinn; Ball de Bhord Alumni Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; Dioplóma i Stair na hEalaíne.

 

Eamonn Maxwell: Stiúrthóir Lismore Castle Arts, Port Láirge; iar-choimeádaí Phailliún na hÉireann ag Biennale Ealaíon na Veinéise le Corban Walker; MA i mBainistiú Músaem agus Gailearaithe.

 

Rose Mc Hugh: Taithí leathan boird aici, lena n-áirítear dhá théarma mar chathaoirleach ar Bhord Iascaigh Mhara; taithí leathan ar rialachas corparáideach; iar-Cheannasaí ar Airgeadas Corparáideach ag Merrion Capital Group.

 

Frank Nyhan: Aturnae Stáit do Chathair Chorcaí; ball d’Fho-Choiste Airgeadais agus Dlí Bhord Ghailearaí Crawford.

 

Gareth O’Callaghan: Páirtnéir, Ailtirí JCA; ina ailtire comhairliúcháin roimhe seo le Gailearaí Crawford ar roinnt tionscadal; Ailtire don ghailearaí nua ag Caisleán an Leasa Mhóir.

 

Barrie O’Connell: Uachtarán Chumann Tráchtála Chorcaí agus Páirtnéir i gCeannas, KPMG Corcaigh; Stiúrthóir Fhondúireacht Chorcaí.